Clocha Míle Breise Bainte Amach -‘Mo Chiste don Todhchaí’: Córas Cláraithe Uathoibríoch Coigiltis Scoir
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2025
- Fógraíodh na tairgeoirí is fearr le haghaidh comórtas soláthair seirbhísí infheistíochta
- Fógraíodh poist POF agus Chomhaltaí Boird i NAERSA (Údarás Náisiúnta um Choigiltis Scoir Clárúcháin Uathoibríoch)
- Comhlonnaithe idir Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath
Tá clocha míle breise bainte amach i gcur i bhfeidhm ‘Mo Chiste don Todhchaí’ – an córas coigiltis scoir uathoibríoch clárúcháin atá le seoladh go luath an bhliain seo chugainn.
Le fógraíocht phoist Phríomhfheidhmeannaigh NAERSA - an tÚdarás Náisiúnta um Choigiltis Scoir Clárúcháin Uathoibríoch nua - chomh maith lena Chomhaltaí Boird, tá bunú foirmiúil an Údaráis nua faoi lán seoil.
Foilsithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) thar ceann an Choiste um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC), líonfar post an POF trí chomórtas oscailte agus socrófar tuarastal ar leibhéal an Leas-Ard-Rúnaí sa státseirbhís.
Táthar ag súil go gceapfar POF faoi thús an fhómhair.
Ar leithligh, líonfar idir cúig agus ocht bpost do Chomhaltaí Boird i gcomhréir le próiseas na mBord Stáit.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Dara Calleary:
“Is deis spreagúil í seo do dhuine dinimiciúil agus cumasach ceannaireacht straitéiseach a sholáthar laistigh den eagraíocht atá freagrach as an tionscnamh nuálach, suntasach seo a riaradh. I gcomhthéacs ina mbeidh tionchar domhain agus buan aige ar an náisiún, socróidh an Príomhfheidhmeannach, i dteannta Bhord NAERSA, atmaisféar agus treo straitéiseach an Údaráis agus beidh sé freagrach as rath ‘Mo Chiste don Todhchaí’ a chinntiú ina chéad bhlianta.”
Mar chuid de thiomantas leanúnach na Roinne Coimirce Sóisialaí agus an Rialtais i leith forbairt chothrom réigiúnach, beidh ról an POF lonnaithe go príomha i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Ina theannta sin, tacóidh sé seo leis an dlúthchaidreamh oibre atá ag an Roinn le Tata Consultancy Services (TCS), an soláthraí seirbhísí bainistithe atá ar conradh don scéim, atá lonnaithe i Leitir Ceanainn freisin. Táthar ag súil go mbuailfidh comhaltaí an Bhoird le chéile go tréimhsiúil i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall.
Dúirt an tAire freisin:
“Tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Rialtas dea-shampla i dtaca le forbairt réigiúnach. Trí POF NAERSA, ról a bhfuil fíorthábhacht náisiúnta leis, chomh maith le foireann tacaíochta NAERSA a bhunú i gCo. Dhún na nGall, táimid ag léiriú ár dtiomantas leanúnach do fhorbairt chothrom réigiúnach.”
Mar fhógra mór eile, tá ainmneacha na dtairgeoirí rathúla do chonarthaí seirbhísí bainistíochta infheistíochta NAERSA eisithe. Is iad na tairgeoirí is fearr: Irish Life Investment Managers, Amundi agus Blackrock.
Táthar ag súil go gcríochnóidh na cuideachtaí seo caibidlíocht conartha an samhradh seo, i bhfad roimh thosach Mo Chiste don Todhchaí i mí Eanáir.
Thug an tAire Calleary faoi deara:
“Is tionscnamh claochlaitheach é Mo Chiste don Todhchaí a athróidh an chaoi a sábhálann daoine dá scoir. Is beartas suntasach é seo agus beidh ról ollmhór ag na cuideachtaí bainistíochta infheistíochta seo, a roghnaíodh tar éis próiseas soláthair iomaíoch, chun a chinntiú go n-éireoidh le Mo Chiste don Todhchaí agus go mbeidh sé ina luach maith ar airgead do gach rannpháirtí amach anseo.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir tuilleadh eolais faoin ról fógartha mar POF, chomh maith leis an leabhrán d’iarrthóirí, a fháil ag Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Údarás Uathoibríoch Coigiltis Scoir Náisiúnta (NAERSA) - publicjobs. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine an 29 Bealtaine 2025.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na poist fhógartha do Chomhalta Boird NAERSA ag Ceapacháin chuig an Údarás Uathoibríoch Coigiltis Scoir Náisiúnta (NAERSA) | An tAire Cosanta Sóisialta - publicjobs.ie. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine an 6 Meitheamh 2025.
Tá réimse acmhainní cumarsáide ar chlárú uathoibríoch/‘Mo Chiste don Todhchaí’ ar fáil go ginearálta ar gov.ie - Clárú Uathoibríoch (www.gov.ie), in éineacht le físeáin faisnéise faoi Auto-enrolment explained - YouTube.
Áirítear ar phríomhghnéithe scéim Mo Chiste don Todhchaí:
1) Feidhmiú de Réir a Chéile
- Déanfar gach fostaí nach bhfuil i scéim pinsin ceirde cheana féin, idir 23 agus 60 bliain d’aois agus a thuilleann os cionn €20,000 thar a gcuid fostaíochta go léir, a uathrollú.
- Agus na chéad chlárúcháin le tarlú ag tús na bliana seo chugainn, déanfar Mo Chiste don Todhchaí a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse deich mbliana, agus ranníocaíochtaí fostóra agus fostaithe ag tosú ag 1.5%, agus ag méadú gach trí bliana faoi 1.5% go dtí go sroichfidh siad 6% faoi dheireadh faoi Bhliain 10 (2035). Leis an gcéimniú seasta sin, tabharfar am d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon dul i dtaithí ar an gcóras nua.
2) Tacaíochtaí Coigiltis
- Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí a mheaitseáil leis na ranníocaíochtaí sin a bheidh déanta ag fostaithe. Aithníonn sé sin an luach a ghnóthóidh fostóirí trí sheasmhacht bhreise a bheith ag a bhfostaithe le linn dóibh a bheith ar scor agus cabhraíonn sé le fostaithe leis an gcostas a bhaineann le carnadh coigiltis pinsin.
- Leis sin, cuirfidh an Stát €1 leis na ranníocaíochtaí as gach €3 a bheidh sábháilte ag an bhfostaí. Tiocfaidh sé sin sa bhreis ar an luach €3 a bheidh curtha isteach ag an bhfostóir freisin.
- Ciallaíonn sé sin, in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh fostaí, go gcuirfidh a f(h)ostóir €4 sa bhreis ina p(h)ota coigiltis scoir – is é sin le rá go méadóidh gach ranníocaíocht €3 ó fhostaí go €7 go huathoibríoch sula n-infheisteofar é.
- Spreagfaidh na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit sin daoine chun fanacht i Mo Chiste don Todhchaí agus laghdófar an costas a bhaineann le coigilteas le haghaidh scoir do dhaoine aonair.
- Cuirfear deireadh le ranníocaíochtaí ón gcéad phárolla eile tar éis do thuilleamh comhlán iomlán an fhostaí dul thar €80,000.
3) Rogha
- Beidh an córas deonach ach oibreoidh sé ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ‘rogha a bheith páirteach’.
- Déanfar fostaithe incháilithe a rollú go huathoibríoch/‘a roghnú a bheith páirteach’, ach, tar éis rannpháirtíochta ar feadh sé mhí, beidh an rogha acu gan a bheith páirteach a thuilleadh nó a rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
- Beidh rogha de thrí straitéis coigiltis scoir ag fostaithe, agus próifílí éagsúla riosca/toraidh ina measc sin.
- I gcás nach ndéanann an fostaí rogha ar leith, cuirfear straitéis réamhshocraithe ar fáil de réir próifíl infheistíochta ‘stíle maireachtála’/‘saolré’, mar a thugtar uirthi.
4) Simplíocht
- Tá costais agus ualaí riaracháin le coinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon trí bhunú NAERSA chun an córas a riar.
- Ní bheidh ar fhostóirí infheistíocht a dhéanamh i mbunú ná soláthar scéime ceirde le haghaidh a ngnólachta féin. Ní bheidh orthu ach asbhaintí párolla a éascú agus an méid ranníocaíochta is infheidhme a aistriú.
- Rud atá tábhachtach, ní bheidh ar dhaoine a bhogfaidh ó phost amháin go post eile scéim pinsin a athrú nó dul isteach i scéim nua. Fanfaidh siad ina mbaill de Mo Chiste don Todhchaí ar bhonn ‘leanann an ciste an duine’. Ina theannta sin, daoine a bhfuil níos mó na post amháin acu, déanfar a gcoigilteas pinsin a chomhdhlúthú i ‘bpota pinsin’ amháin.
- Soláthrófar seirbhísí agus tacófar leo trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid ina bhfeicfidh na rannpháirtithe a gcuid cistí coigiltis ag fás go tapa agus go substaintiúil.