English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Grúpa Oibre Nua maidir le Bochtaineacht Bia Fógartha ag an Aire O’Brien

Ag cruinniú de chuid Ghrúpa Stiúrtha an Treochláir um Ionchuimsiú Sóisialta, d’fhógair Joe O’Brien, Aire Stáit sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus sa Roinn Tuaithe agus Forbartha Pobail ag a bhfuil freagracht speisialta i ndáil le Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, go bhfuil sé beartaithe aige Grúpa Oibre a bhunú chun dul i ngleic le saincheist na bochtaineachta bia de réir an ghealltanais maidir le bochtaineacht bia atá sonraithe sa Treochlár. Samhlaítear go mbeidh oifigigh shinsearacha ó Ranna Rialtais éagsúla agus ionadaithe ó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha ábhartha páirteach sa ghrúpa.

Ba é seo an dara cruinniú a reáchtáil an Grúpa Stiúrtha agus tugadh faoi deara sa tréimhse a bhí caite ó reáchtáladh an cruinniú tionscnaimh i mí na Samhna 2020 go raibh forbairt shuntasach déanta ar roinnt príomhghníomhartha agus príomhghealltanas nó go raibh siad curtha i gcrích, lena n-áirítear;

  • Scéim a bhunú faoi Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin chun tacú le Feabhas a chur ar Dheiseanna Fostaíochta do Chúramóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas,
  • tréimhse na Saoire Tuismitheora a mhéadú ó 2 go 5 seachtaine, agus
  • seoladh straitéis náisiúnta obair dheonach agus seoladh straitéis tuaithe nua le déanaí.

Leag an tAire O’Brien béim ar an bpointe go bhfuil gealltanas tugtha i gClár an Rialtais agus sa Treochlár um Ionchuimsiú Sóisialta dul i ngleic le bochtaineacht bia. Dúirt an tAire O’Brien go bhfuil sé tiomanta do mhaoirseacht a dhéanamh ar chlár oibre cuimsitheach chun tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar na cúiseanna atá le bochtaineacht bia agus gníomhartha maolaithe a shainaithint. Glactar leis gurb ionann bochtaineacht bia agus an t-éagumas aiste bia oiriúnach agus cothaitheach a bheith ag duine mar gheall ar dheacrachtaí a bhaineann le hinacmhainneacht nó inrochtaineacht.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Brien:

“Tá maoirseacht á déanamh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar roinnt clár sonrach um ionchuimsiú sóisialta a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar chabhrú le bochtaineacht bia a laghdú.

“Soláthraíonn cláir cosúil le Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) an AE agus Clár na mBéilí Scoile maoiniú chun bia a chur ar fáil do bhreis is 1,557 scoil agus eagraíocht, maoiniú atá ag dul chun tairbhe 227,000 leanbh. Tacaíonn an dá Roinn le heagraíochtaí pobail éagsúla trí Bhéilí ar Rothaí a chur ar fáil do dhaoine scothaosta.

“Is léir go mbaineann an cheist seo le roinnt Rann éagsúil a bhfuil baint acu le cláir nó le seirbhísí atá nasctha go díreach nó go hindíreach le bochtaineacht bia – lena n-áirítear gach gné den obair idir litríocht maidir le cothú maith a scaipeadh agus obair a dhéanamh le húdaráis scoile chun béilí te a sholáthar.

“Creidim, trí bhunú an Ghrúpa Oibre seo maidir le Bochtaineacht Bia gur féidir linn tairbhe a bhaint as iarrachtaí comhpháirteacha gach Rann agus déileáil le ceist na bochtaineachta bia ar bhealach comhleanúnach agus iomlánaíoch.”

CRÍOCH