Is féidir iarratais a dhéanamh ar Thionscnamh Maoinithe chun Lá Idirnáisiúnta na NA um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn
- Foilsithe: 28 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’oscail an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, an próiseas iarratais ar dheontas inniu do thionscnaimh chun feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn.
Is é an 17 Deireadh Fómhair 2023 Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta agus tá aird idirnáisiúnta tarraingthe aige ó ghlac na Náisiúin Aontaithe go foirmiúil leis in 1992. In Éirinn, is faoi Choiste an 17 Deireadh Fómhair agus Le Chéile Lán Dínite (ATD) Éireann atá sé an lá a chur chun cinn.
Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí chun tacú le grúpaí frithbhochtaineachta gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a eagrú chun feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn.
Ina ráiteas inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Rialtas, táimid tiomanta don bhochtaineacht a laghdú agus Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí go sóisialta san AE. Mholfainn d’eagraíochtaí ar fud na tíre atá ag eagrú gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a chuireann feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún **Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta chun cinn iarratas a dhéanamh ar an maoiniú seo.”
Dúirt an tAire Joe O’Brien:**
“Tugann an maoiniú seo deis do ghrúpaí agus do thionscadail phobail áitiúla aird an phobail a tharraingt ar an obair atá ar siúl acu chun dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta in Éirinn mar chuid den tsaincheist dhomhanda ar Lá na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta.”
Tá an maoiniú oscailte d’eagraíochtaí frithbhochtaineachta agus do ghrúpaí atá ag obair le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht ag leibhéal náisiúnta nó áitiúil i bPoblacht na hÉireann. Tá maoiniú suas le €3,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail.
Is é téama na hÉireann do Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta i mbliana ná: Bíodh Dínit dár dTreorú: Ag obair le chéile chun athrú a chur i bhfeidhm le deireadh a chur le síorbhochtaineacht
Agu cur leis an méid seo, dúirt an tAire Joe O’Brien:
“Mar Aire atá freagrach as Cuimsiú Sóisialta, déanaim maoirseacht ar chur i bhfeidhm an Treochláir um Chuimsiú Sóisialta a bhfuil sé mar aidhm aige bochtaineacht sheasta a laghdú go 2% nó níos lú faoi 2025. Is den ríthábhacht iad na himeachtaí seo ós rud é go dtarraingíonn siad aird an phobail ar bhochtaineacht in Éirinn agus, thar aon rud eile, aithníonn siad nár cheart glacadh leis an mbochtaineacht mar chuid den saol agus go gcaithfear dul i ngleic léi.”
Nótaí don Eagarthóir:
Gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú
Tionscnaimh aonuaire a bhfuil béim náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil acu agus a bhfuil sé d’aidhm acu:
- aird an phobail a tharraingt ar Lá na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta;
- aird an phobail a tharraingt ar an mbochtaineacht in Éirinn;
- daoine atá i mbaol bochtaineachta nó atá thíos leis an mbochtaineacht a mhealladh chun a bheith páirteach; agus
- dlúthpháirtíocht a chur in iúl leis an gcomhrac chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht ar fud an domhain.
Déanfar réimse leathan gníomhaíochtaí, nó meascán gníomhaíochtaí, a mheas le haghaidh maoinithe.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine an 25 Lúnasa 2023.
Tá sonraí iomlána faoin tionscnamh maoinithe agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/socialinclusion