Labhair an tAire Humphreys inniu leis an bhFóram Bliantúil Cúramóirí
- Foilsithe: 17 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 2 Meitheamh 2023
Labhair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu leis an bhFóram Bliantúil Cúramóirí a tionóladh i dTeach na gCuntasóirí Cairte, Sráid an Phiarsaigh.
Tugann an Fóram guth do chúramóirí teaghlaigh ag leibhéal polasaí agus tá sé ar cheann de ghealltanais na Roinne Coimirce Sóisialaí faoin Straitéis Náisiúnta Cúramóirí. Is straitéis thras-rannach í seo, faoi stiúir na Roinne Sláinte, a leagann amach an treo do bheartais, do sheirbhísí agus do thacaíochtaí amach anseo a chuireann ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ar fáil do chúramóirí.
Is deis é an ócáid bhliantúil seo do ranna rialtais, d’eagraíochtaí cúramóirí agus do chúramóirí teaghlaigh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar chúramóirí teaghlaigh agus ar a ngaolta ar bhonn laethúil. Is éard a bhí san imeacht ná seisiúin maidir le sláinte, tacaíochtaí cosanta sóisialta, saincheisteanna iompair agus tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta agus saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar chúramóirí óga. Thug na ceardlanna téamúla seo deis d’idirphlé oscailte agus deis cloisteáil faoin tionchar a bhíonn ag beartais ar shaol daoine.
Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, ba phríomhthosaíocht domsa i gcónaí tacú lenár gcúramóirí teaghlaigh.
Is mór agam na gealltanais sin chun léargas níos doimhne a fháil ar na saincheisteanna a bhíonn ag cúramóirí teaghlaigh agus chun a n-ábhair imní a chloisteáil go pearsanta.
Chuidigh an leibhéal rannpháirtíochta sin le bonn eolais a chur faoi roinnt feabhsuithe suntasacha a tugadh isteach do chúramóirí le blianta beaga anuas, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar thástáil acmhainne an Liúntais Cúramóra, a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2022. Ba iad seo na chéad athruithe ar an tástáil acmhainne le 14 bliana agus bhain go leor cúramóirí ar ioncaim bheaga tairbhe astu.
Mar chuid de Bhuiséad 2021, méadaíodh an Deontas Tacaíochta Cúramóra ó €1,700 go €1,850 in aghaidh na bliana. Is é seo an leibhéal is airde íocaíochta ó tugadh isteach an deontas. I gceann coicíse, Déardaoin an 1 Meitheamh, íocfar thart ar 141,000 deontas le thart ar 126,000 cúramóir.”
I measc na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí a raibh ionadaíocht acu ag an ócáid bhí an Roinn Sláinte; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitúil; an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Tusla.
Cuirfear nóta d’imeachtaí Fhóram Bliantúil Cúramóirí 2023 ar fáil ar líne ag gov.ie - Fóram Bliantúil Cúramóirí (www.gov.ie)
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
Tá an Fóram Cúramóirí Bliantúil mar chuid de ghealltanais na Roinne Coimirce Sóisialaí faoin Straitéis Náisiúnta Cúramóirí. Is straitéis thras-rannach í seo, faoi stiúir na Roinne Sláinte, a leagann amach an treo do bheartais, do sheirbhísí agus do thacaíochtaí amach anseo a chuireann ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ar fáil do chúramóirí.
Clár:
09.15 Clárú/Tae/Caife
10.00 Fáilte agus Nótaí Oscailte
Teresa Leonard Leas-Ard-Rúnaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí
10.10 Aitheasc ón Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD
10.20 Cur i láthair
- Comhghuaillíocht an Chúraim Éireann
- Cúramóirí Teaghlaigh Éireann
10.50 Sos Tae/Caife
11.15 Briseadh amach i 4 sheisiún théamacha
1. Faisnéis, saincheisteanna oibriúcháin agus beartais ón Roinn Coimirce Sóisialaí, lena n-áirítear tacaíochtaí ioncaim na Roinne agus an saol tar éis cúram a dhéanamh
2. Sláinte agus Folláine/Rochtain ar Thacaíochtaí agus Seirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
3. Tacaíochtaí Tithíochta agus Iompar do Dhaoine Scothaosta/Daoine faoi Mhíchumas
4. Tacaíochtaí do Chúramóirí Óga
12.15 Atosú an tseisiúin iomlánaigh
agus Aiseolas ó cheardlanna
12.50 Ráiteas clabhsúir
Rónán Hession, Rúnaí Cúnta, An Roinn Coimirce Sóisialaí
13.00 Deireadh an Fhóraim