Laghdaíonn an tAire Humphreys líon na Laethanta Feithimh le haghaidh Sochar Breoiteachta ar ais go dtí trí lá
- Foilsithe: 1 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, le héifeacht ón lá inniu, Dé Luain, an 1 Márta, go bhfuil líon na “laethanta feithimh” don ghnáth-íocaíocht um Shochar Breoiteachta á laghdú ó 6 lá go 3 lá. Ciallóidh sé seo go n-íocfar an íocaíocht anois ón gceathrú lá breoiteachta.
Is íocaíocht ghearrthéarmach í Sochar Breoiteachta atá ar fáil d’fhostaithe atá árachaithe faoi ÁSPC ag Aicmí A, E agus H.
Ó mhí Eanáir 2014 i leith, chuirtí tús le híocaíocht um Shochar Breoiteachta ón seachtú lá breoiteachta agus ní dhéantaí aon íocaíocht don chéad sé lá, ar a dtugtar ‘laethanta feithimh’.
Dúirt an tAire Humphreys:
“I mBuiséad 2021, bhí áthas orm an coinníoll bunaidh ‘trí lá feithimh’ a thabhairt ar ais maidir leis an íocaíocht um Shochar Breoiteachta.
“Trí líon na ‘laethanta feithimh’ maidir le Sochar Breoiteachta a laghdú cabhróidh sé leis an ualach airgeadais d’fhostaithe a éiríonn tinn a laghdú.
“Ní bhíonn formhór na ndaoine a éiríonn tinn, tinn ach ar feadh tréimhse ghearr. Le roinnt blianta anuas níor íocadh gach fostaí a d’éirigh tinn agus a d’éiligh Sochar Breoiteachta ón Roinn Coimirce Sóisialaí don chéad seachtain (sé lá) go raibh siad as obair.
“Lean go leor de na fostaithe seo ar aghaidh ag obair nuair nach raibh siad ar fónamh, chun caillteanas ioncaim a sheachaint.
“Trí líon na 'laethanta feithimh' le haghaidh Sochar Breoiteachta a chur ar ais go dtí trí lá, cuideoidh sé leis an ualach airgeadais a laghdú d’fhostaithe a éiríonn tinn agus ligfidh sé dóibh am saor a thógáil ón obair gan an leibhéal caillteanais ioncaim a d’fhéadfadh a bheith acu go dtí seo.
“Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta ná trí www.MyWelfare.ie.”
Beidh tionchar suntasach láithreach ag an laghdú seo ar na laethanta feithimh i dtéarmaí líon na ndaoine a d’fhéadfadh leas a bhaint as. Mar shampla, anuraidh fuair an Roinn Coimirce Sóisialaí thart ar 200,000 iarratas ar Shochar Breoiteachta agus chaithfeadh gach duine de na fostaithe sin déanamh d'uireasa sé lá feithimh.
Mheabhraigh an tAire Humphreys do dhaoine freisin nach bhfuil aon laethanta feithimh ann don íocaíocht speisialta um Shochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19, a íoctar, faoi réir deimhniú leighis ó dhochtúir ón gcéad lá i leith duine a fhaigheann diagnóis COVID-19 nó a bhíonn air/uirthi féinaonrú.