Lainseálann an tAire Humphreys Liúntas Breosla do Shéasúr 2024/25
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Beidh Liúntas Breosla á íoc le breis is 400,000 teaghlach ar fud an Stáit ón lá inniu
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go gcuirfear tús leis an Scéim Liúntais Breosla Náisiúnta do Shéasúr 2024/25.
Íocfar an Liúntas Breosla, ar íocaíocht a ndéantar tástáil acmhainne uirthi, ar feadh 28 seachtain le thart ar 400,000 teaghlach ar fud an Stáit.
Déantar an íocaíocht ag an ráta seachtainiúil de €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht tráthchoda de €462 an ceann.
Is féidir le duine singil os cionn 70 bliain d’aois ioncam €512 sa tseachtain a bheith aige/aici agus is féidir le lánúin ioncam €1,024 sa tseachtain a bheith acu. Chomh maith leis sin, méadaíodh an méid coigiltis ar tugadh neamhaird air sa Tástáil Acmhainne do Dhaoine os cionn 70 bliain ó €20,000 go €50,000.
I gcás lánúin ina bhfuil duine amháin faoi 70 agus duine amháin os cionn 70, déanfar iad a mheasúnú faoi chritéir na Tástála Acmhainne do Dhaoine Os Cionn 70 bliain d’aois.
Méadaíodh an tairseach acmhainne seachtainiúil dóibh siúd atá faoi 70 bliain d’aois faoi €80 in aghaidh na seachtaine freisin, ó €120 go €200 os cionn ráta seachtainiúil an Phinsin Stáit Ranníocach.
Agus í ag fógairt tús an tséasúir Breosla, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla maidir le tacú leis na céadta míle teaghlach lena gcostais téimh thar mhíonna an gheimhridh.
“Cuirfear tús le híocaíochtaí do thart ar 400,000 teaghlach ar fud an Stáit an tseachtain seo.
“Bhí lúcháir orm incháilitheacht na scéime a leathnú i mBuiséad 2024 ionas gur féidir le níos mó daoine aosta cáiliú don íocaíocht.
“Thug mé isteach Tástáil Acmhainne nua do Dhaoine os cionn 70 bliain d’aois don Liúntas Breosla freisin. Faoi seo, is féidir le duine singil ioncam de €512 in aghaidh na seachtaine a bheith aige agus is féidir le lánúin ioncam de €1,024 in aghaidh na seachtaine a bheith acu agus fós cáiliú don Liúntas Breosla.
“Chomh maith leis sin, mhéadaíomar an tairseach acmhainne seachtainiúil dóibh siúd faoi 70 bliain d’aois faoi €80 in aghaidh na seachtaine. Léiríonn na hathruithe seo an leathnú is mó riamh ar an Scéim agus mholfainn do dhaoine a n-incháilitheacht don íocaíocht a sheiceáil.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Liúntas Breosla
- Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Liúntas Breosla chun cabhrú le pinsinéirí agus le faighteoirí leasa shóisialaigh fadtéarmacha eile lena gcostais téimh gheimhridh. Is ranníocaíocht í an íocaíocht i dtreo costais téimh.
- Déantar an íocaíocht de réir ráta seachtainiúil €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht tráthchoda; agus íoctar é thar shéasúr an gheimhridh (28 seachtain ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí Aibreán i séasúr liúntais breosla 2024/25).
- Is féidir leat cáiliú don Liúntas Breosla má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine, nó má tá tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe fadtéarmacha. Níl ach Liúntas Breosla amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
- Ní gá duit athiarratas a dhéanamh ar an Liúntas Breosla gach bliain fad is nach bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus go leanann tú den íocaíocht leasa shóisialaigh chéanna a fháil.
- Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla ná ar líne trí www.MyWelfare.ie.
Tá tuarascáil iomlán ar an Liúntas Breosla ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/FuelAllowance.