Leagann an Rialtas amach todhchaí na hÍocaíochta Dífhostaíochta Phaindéime
- Foilsithe: 21 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá pleananna don todhchaí don Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) ceadaithe ag an rialtas inniu.
Is iad seo a leanas na socruithe nua a comhaontaíodh don scéim PUP:
- Dúnfaidh PUP le haghaidh iarratas nua an 22 Eanáir 2022 i gcomhréir le cinneadh an rialtais srianta a bhaint
- le héifeacht ón 8 Márta 2022, bogfaidh aon duine atá fós ag fáil an PUP chuig ráta seachtainiúil €208. Is ionann é seo agus síneadh ceithre seachtaine ar an méid a fógraíodh roimhe seo
- Tosóidh faighteoirí PUP ag aistriú go téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist, agus má tá siad incháilithe, bogfaidh siad chuig íocaíocht cuardaitheora poist a bheidh i bhfeidhm ó 5 Aibreán 2022
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Ba thacaíocht ríthábhachtach d’oibrithe agus dá dteaghlaigh an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime.
“Is íocaíocht ghearrthéarmach sé seachtaine a bhí i gceist ar dtús ar feadh ach tá sí breis agus dhá bhliain ar an bhfód agus breis is €9 billiún íoctha le hoibrithe.
“Ar aon dul leis an ardú forleathan ar na srianta ó amárach, tá pleananna ceadaithe ag an rialtas inniu chun an PUP a thabhairt chun críche sna míonna amach romhainn.
“Is céim thar a bheith dearfach í an cinneadh srianta a chur i leataobh ina bhfillfidh na mílte duine ar an obair sna seachtainí amach romhainn agus an tír ag dul ar ar mar a bhí.”
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184