English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Calleary béim ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil i Lár na Tíre ag Imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo

  • Imeachtaí earcaíochta i mBaile Átha Luain agus i gCill Bhríde, Co. Ros Comáin ar an 2 Aibreán
  • Tá na himeachtaí mar chuid de thionscnamh náisiúnta Oibre agus Scileanna Intreo
  • I measc na bpost atá ar fáil tá róil d’Oibrithe, do Mheicneoirí agus do Thiománaithe
  • DPD, An Post agus Musgraves ag earcú

Spreag an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, cuardaitheoirí poist i Lár na Tíre inniu chun cuairt a thabhairt ar na himeachtaí earcaíochta a bheidh ar siúl mar chuid de thionscnamh Oibre agus Scileanna Intreo i Ros Comáin agus san Iarmhí.

Tugann na himeachtaí oibre agus scileanna deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú go gníomhach. Is féidir le cuardaitheoirí poist freisin foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach poist chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha.

Ar an 02 Aibreán, Transport and Logistics Careers Fair ar siúl in Ionad Oiliúna Bhaile Átha Luain, Carraig an Chaisleáin, Baile Átha Luain ó 10am go 1pm.

I measc na bhfostóirí a bheidh ag freastal ar Aonach Gairme Iompair agus Lóistíochta tá DPD, An Post agus Musgraves. Tá na fostóirí seo ag iarraidh bualadh le daoine a bhfuil suim acu i ngairm mar oibrithe, tiománaithe agus Meicnic HGV chomh maith le róil a thairiscint do Phrintíseach Meicnic.

Chomh maith leis sin ar siúl ar 02 Aibreán beidh Taispeántas Gairme ag Ionad Pobail Chill Bhríde, Ros Comáin ó 11am go 2pm. Tá fostaithe á lorg ag fostóirí chun róil a líonadh thar raon earnálacha. Beidh soláthraithe oideachais ar an láthair freisin a thabharfaidh comhairle ar roghanna oiliúna agus tacaíochtaí oideachais.

Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Dara Calleary:

“Molaim d’aon duine atá ag lorg gairm bheatha nua nó atá ag iarraidh uasoiliúint a dhéanamh nó athoiliúint a chur orthu chun freastal ar na himeachtaí, áit ar féidir leo teacht ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil agus roghanna oiliúna éagsúla a fhiosrú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach.”

“Is cuma cén conair ghairme atá agat, is féidir leis na himeachtaí seo cabhrú leat do spriocanna a bhaint amach.”

“Beidh ár bhfoirne ar an láthair freisin chun eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí na Roinne, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cuardach poist.”

Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.gov.ie/WorkandSkills.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.