English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leanfaidh Clár na mBéilí Scoile a bheith ar siúl fad a bhíonn Scoileanna Dúnta

Dheimhnigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go leanfar le cistiú do Chlár na mBéilí a chur ar fáil fad a bhíonn scoileanna dúnta.

Léiríonn seo na socruithe a cuireadh i bhfeidhm fad a bhí scoileanna dúnta in 2020, nuair a lean tromlach na scoileanna a bhí páirteach i gClár na mBéilí Scoile le bia a sholáthar do leanaí, go mór mór trí bheartáin bhia a rinne soláthraithe a sheachadadh go dtí áit chónaithe na leanaí.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, aithním an tábhacht a bhaineann le clár na mbéilí scoile mar thacaíocht do leanaí a fhreastalaíonn ar scoil. Ba mhaith liom athdhearbhú a thabhairt do thuismitheoirí go leanfar leis an gcistiú a chur ar fáil do bhéilí scoile lena chur ar chumas leanaí bia a fháil fad a bhíonn scoileanna dúnta.”

Beidh na socruithe céanna i gceist a bhí ann nuair a dúnadh scoileanna roimhe seo: is é sin, is féidir leis na scoileanna leanúint leis an gcistiú a fháil agus is féidir leo leanúint le bia a sholáthar ar aon dul le gnáth-théarmaí agus coinníollacha cistithe. Caithfidh scoileanna a chinntiú go leanann siad le gach treoirlíne sláinte poiblí a shásamh.

Críoch.


Nótaí d’Eagarthóirí

Cuirtear cistiú ar fáil i gclár na mbéilí scoile i dtreo bia a sholáthar do 1,557 scoil agus eagraíocht a théann chun sochair 227,000 leanbh. Is é cuspóir na scéime chun bia rialta cothaitheach a sholáthar do leanaí nach féidir leo, mar gheall ar easpa bia ar chaighdeán maith, chun teacht i dtír go hiomlán ar an oideachas a chuirtear ar fáil dóibh. Cuirfear cistiú €65.1 milliún ar fáil do Chlár na mBéilí Scoile in 2021.