English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leanfar le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe a íoc go dtí deireadh mhí an Mheithimh – an tAire Humphreys

Leanfaidh ÍDP a bheith ar oscailt d’iontrálaithe nua; níl athrú le teacht ar na rátaí

Cuireadh síneadh freisin leis an tarscaoileadh a cuireadh i bhfeidhm ar laethanta feithimh do Chuardaitheoirí Poist

Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh trí www.MyWelfare.ie

Fuair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, cead ón Rialtas inniu chun Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe a shíneadh go dtí an 30 Meitheamh, 2021.

Bhí an dá scéim, a tugadh isteach mar fhreagairt dhíreach don Phaindéim, le dul in éag an 31 Márta.

Dheimhnigh an tAire Humphreys freisin go leanfaidh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a bheith ar oscailt d’iontrálaithe nua.

Leanfar leis an íocaíocht a íoc ar cheithre ráta (€350, €300, €250 agus €203) atá nasctha leis an ioncam a bhí á thuilleamh ag duine roimhe seo.

D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €141.88 milliún do 473,413 duine a bhfuil ÍDP á fháil acu.

Go dtí seo, íocadh ar a laghad íocaíocht amháin ÍDP le breis agus 847,000 duine agus íocadh breis agus €6 billiún amach ó tugadh an scéim isteach i mí an Mhárta an bhliain seo caite.

I dturas an ama, leanfar le Sochar Breoiteachta Breisithe a íoc ar an ráta €350 a fhad leis an 30 Meitheamh 2021.

Go dtí seo, tá deimhniú leighis faighte ag breis agus 136,000 duine chun íocaíocht Sochair Breoiteachta a bhaineann le COVID-19 a fháil.

Tá Sochar Breoiteachta Breisithe ar fáil do dhaoine a ndéanann a ndochtúir leighis a dhiagnóisiú go bhfuil víreas Covid-19 orthu nó a n-iarrann a ndochtúir leighis orthu féinaonrú a dhéanamh. Is é an ráta íocaíochta €350 sa tseachtain.

Murab ionann agus Sochar Breoiteachta ginearálta na Roinne, ní bhaineann aon laethanta feithimh leis an íocaíocht seo, agus íoctar é ón gcéad lá breoiteachta nó féinaonraithe, dá bharr.

Ag labhairt di i ndiaidh chruinniú Comh-Aireachta an lae inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Fad a leanann an phaindéim le tionchar a imirt ar gach gné dár saol, creidim go bhfuil sé bunriachtanach Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe a shíneadh go dtí deireadh Mheithimh 2021.

“Is léir go raibh na tacaíochtaí seo ríthábhachtach chun tacú le hoibrithe a chaill a bhfostaíocht, agus leo siúd a dtagann Covid-19 orthu agus ar gá dóibh féinaonrú.

“Caitheadh breis agus €140 milliún an tseachtain seo ar ÍDP, agus tugadh tacaíocht do bhreis agus 473,000 duine. Méadaíonn seo bille iomlán ÍDP go dtí seo aníos go dtí breis agus €6 billiún, a léiríonn scála agus tábhacht na tacaíochta seo.

“Faoi mar a dúirt mé roimhe seo, a fhad agus atá na srianta seo i bhfeidhm, leanfaidh an Rialtas ag tacú le hoibrithe agus gnólachtaí.

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

“Táim sásta freisin cead ón gComh-Aireacht a fháil chun Sochar Breoiteachta Breisithe a shíneadh go dtí an 30 Meitheamh, ar aon dul le ÍDP.

“A luaithe a diagnóisíodh go bhfuil víreas Covid-19 ar dhuine nó nuair a iarrtar orthu féinaonrú a dhéanamh, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe ar líne agus seolfaidh a ndochtúir an deimhniú breoiteachta freisin.

“Íoctar é ón gcéad lá a bhíonn an duine breoite nó ón gcéad lá a dhéanann duine féinaonrú agus is é an ráta íocaíochta €350 sa tseachtain.

“Cuirtear teachtaireacht shimplí in iúl do dhuine ar bith a dtagann Covid-19 orthu nó a bhfuil comharthaí an víris orthu: Ná téigh go dtí an t-ionad oibre faoi chúinse ar bith. Tá Sochar Breoiteachta Breisithe i bhfeidhm chun tacú leat.”

Tarscaoileadh ar Shochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Fuair an tAire Humphreys cead ón Rialtas freisin chun an tarscaoileadh ar laethanta feithimh a shíneadh le haghaidh íocaíochtaí Cuardaitheora Poist go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2021. Go bunúsach, ciallaíonn seo go n-íoctar a n-íocaíocht ón gcéad lá nuair a dhéanann duine iarratas ar Shochar nó Liúntas Cuardaitheora Poist.

De ghnáth, nuair a dhéanann duine iarratas ar ceachtar den dá íocaíocht seo, ní íoctar iad go ceann na chéad 3 lá – tugtar ‘laethanta feithimh’ orthu seo.

Rinneadh an riachtanas ‘laethanta feithimh’ a tharscaoileadh roimhe seo ag tosach Covid-19, le daoine a éascú a fuair obair shealadach.

Bhí an beart seo le dul in éag ag deireadh mhí an Mhárta, ach cuirfear síneadh anois leis ar aon dul le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe.

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

“Is mian liom a chinntiú nach bhfuil aon bhacainní á gcur againn roimh dhaoine a aimsíonn obair shealadach ag an tráth seo.

“Mar sin, ní ghearrfar pionós ‘laethanta feithimh’, nuair a chríochnaíonn an obair sin, ar dhuine a fhaigheann obair shealadach ag aon tráth idir an t-am i láthair agus deireadh mhí an Mheithimh. Íocfar a Sochar nó a Liúntas Cuardaitheora Poist láithreach.”

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir:

Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Breisithe nó íocaíocht Cuardaitheora Poist ar líne trí www.MyWelfare.ie