English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leasuithe suntasacha ar an gCóras Clárúcháin Sibhialta á bhfógairt ag an Aire Humphreys

  • Cuirfidh Bille nua ar chumas teaghlach mórimeachtaí saoil a chlárú ar líne den chéad uair
  • Clárú báis i gcás nach bhfuil ionchoisne Cróinéara críochnaithe
  • Feabhsuithe ar an bpróiseas clárúcháin marbh-bhreithe do theaghlaigh a d’fhulaing caillteanas linbh le linn toirchis

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, sraith leasuithe suntasacha ar an gcóras ina gcláraítear breitheanna agus básanna.

Cuirfidh an Bille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach) 2023 ar chumas teaghlach breitheanna agus básanna a chlárú ar líne den chéad uair.

Ó tugadh isteach an córas cláraithe sibhialta reatha sa bhliain 1864, tá ceangal ar theaghlaigh foirm fógartha a fháil agus í a chur ar fáil do chláraitheoir oifigiúil go pearsanta.

Tabharfaidh na hathruithe atá á dtabhairt isteach ag an Aire Humphreys níos mó solúbthachta do dhaoine maidir le mórimeachtaí saoil a chlárú.

D’fhreagair an tAire Humphreys go dearfach freisin do ghlaonna chun athruithe a thabhairt isteach ar an gcóras chun breitheanna marbha a chlárú, agus príobháideacht teaghlach á chosaint ag an am céanna.

Leathnófar Clár na bhFrithbhreitheanna anois chuig gaolta eile an linbh mharbh-bheirthe áit nach féidir ach na tuismitheoirí an Clár a chuardach agus teastas a fháil.

D’iarr grúpaí abhcóideachta a leithéid d’aistriú chun aitheantas níos fearr a thabhairt do naíonáin marbh-bhreithe.

Is é cuspóir an Bhille na nithe seo a leanas a chumasú:

  • Breitheanna agus básanna a chlárú ar líne.
  • Laghdú ar an am inar gá bás a chlárú ón tréimhse reatha 3 mhí go 28 lá.
  • Athbhreithniú ar na critéir maidir le marbh-bhreitheanna a chlárú agus rochtain níos fearr ar an gclár marbh-bhreithe.
  • Clárú báis i gcás nach bhfuil ionchoisne cróinéara críochnaithe.

Agus í ag trácht ar an mBille, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá áthas orm ceadú Comh-Aireachta a fháil don Bhille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach) 2023.

“Féachann an Bille seo leis an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta a nuachóiriú i gcás nach bhfuil aon athrú tagtha ar an riachtanas atá ann faoi láthair freastal go pearsanta ó tugadh isteach clárú sibhialta in Éirinn in 1864. Tabharfaidh an cainéal nua seirbhíse do chustaiméirí seo níos mó solúbthachta do thuismitheoirí agus do ghaolta atá ag iarraidh imeachtaí saoil a chlárú.

“Tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí a rinneadh le déanaí, ceadóidh an Bille seo próiseas nua chun básanna a chlárú agus chun an tréimhse ama inar gá bás a chlárú a laghdú. Cuirfidh sé seo Éire ar aon dul le cleachtais cláraithe báis i dtíortha eile agus cinnteoidh sé go dtabharfar fógra faoi bhásanna agus go gclárófar iad a luaithe is féidir.”

Cinnteoidh an Bille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach):

  • Níos mó solúbthachta do dhaoine atá ag iarraidh imeachtaí saoil a chlárú mar ní bheidh orthu freastal go pearsanta a thuilleadh.
  • Bailiú feabhsaithe staidrimh maidir le básanna chun tacú le bainistíocht sláinte poiblí agus faireachán a dhéanamh trí cheanglas a thabhairt isteach go gcuirfeadh ospidéil bás in iúl don Phríomh-Oifig Chlárúcháin laistigh de 2 lá.
  • Feabhsuithe ar an bpróiseas clárúcháin marbh-bhreithe do theaghlaigh a raibh caillteanas linbh i dtoircheas orthu.
  • Cúnamh praiticiúil do neasghaolta i gcás ina bhfuil ionchoisne cróinéara ag teastáil.

Chríochnaigh an tAire Humphreys:

“Tá stocaireacht déanta ag tuismitheoirí agus grúpaí abhcóideachta maidir leis na hathruithe ar na critéir marbh-bhreithe agus maidir le rochtain ar Chlár na mBreitheanna a leathnú agus táim an-sásta tacú leo tríd an reachtaíocht riachtanach a thabhairt chun cinn.

“Tá athruithe á dtabhairt chun cinn agam freisin a fhágfaidh go bhféadfar básanna a tharchuirtear chuig Cróinéir a chlárú sula mbeidh cúis an bháis socraithe ag an gCróinéir. Cabhróidh sé seo le dlús a chur leis an bpróiseas clárúcháin báis. Rud atá tábhachtach ná go gcuirfidh sé ar chumas theaghlaigh an duine éagtha an bás a chlárú agus teastas báis a fháil. Faoi láthair, níl rochtain ag na neasghaolta ach ar dheimhniú eatramhach Coróinéara.”

Nótaí don Eagarthóir:

Is í Oifig an Ard-Chláraitheora, a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí, an t-údarás Stáit atá freagrach as imeachtaí saoil ar nós breitheanna, marbh-bhreitheanna, póstaí, básanna, uchtuithe, aitheantas inscne, páirtnéireachtaí sibhialta a chlárú agus a thaifeadadh.

Tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcláraítear básanna sa Stát, foráiltear leis an mBille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach) go laghdófar an t-am inar gá bás a chlárú ón tréimhse reatha trí mhí go 28 lá. Beidh ar ospidéil fógra a thabhairt don Phríomh-Oifig Chlárúcháin laistigh de 2 lá tar éis báis, a chiallóidh go bhféadfar eolas níos tráthúla a fháil ar bhásanna chun tacú le bainistíocht agus monatóireacht sláinte poiblí.

Féachann an Bille freisin leis na critéir maidir le clárú marbh-bhreitheanna a leasú chun dul chun cinn i gcleachtais chliniciúla agus moltaí ón Roinn Sláinte a léiriú. Ceadaíonn critéir reatha clárú nuair atá meáchan an linbh mharbhbheirthe 500 gram ar a laghad nó nuair a shroicheann siad aois iompair 24 seachtaine. Féachann na tograí leis na tairseacha sin a laghdú go 400 gram agus 23 seachtain faoi seach. I gcásanna toircheas iolracha, má shroicheann aon leanbh na critéir maidir le marbh-bhreith, déanfar aon leanaí eile a thaifeadadh mar mharbh-bhreith freisin, ar choinníoll go ndéanann siad meáchan 200 gram nó níos mó.

Ina theannta sin, tá rochtain ar Chlár na mBreitheanna á leathnú chuig gaolta eile an linbh mharbh-bheirthe áit nach féidir ach leis na tuismitheoirí an Clár a chuardach agus teastas a fháil.

Tá foráil á déanamh freisin chun clárú báis a chumasú i gcás nach bhfuil a gcuid fiosrúchán curtha i gcrích fós ag Cróinéir. Cuireann an socrú reatha nach féidir básanna a chlárú ach amháin nuair a chuirtear tuairisc chróinéara i gcrích moill ar phróiseas clárúcháin an bháis agus cruthaíonn sé deacrachtaí praiticiúla do theaghlaigh atá ag iarraidh gnóthaí an duine éagtha a bhainistiú.