Leathnaíonn an tAire Humphreys solúbthachtaí an Fhorlíonta Cíosa go dtí deireadh mhí an Mheithimh
- Foilsithe: 5 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2021
Tá níos mó ná 12,500 teaghlach a raibh tionchar ag Covid-19 orthu tar éis leas a bhaint as forlíonadh cíosa
Tugtar spreagadh do dhuine ar bith a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige lena chíos gov.ie a sheiceáil nó teagmháil a dhéanamh lena Lárionad Intreo áitiúil, áit ar féidir leo tuilleadh faisnéise a fháil faoi Fhorlíonadh Cíosa
Leathnaigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, solúbthachtaí an Fhorlíonta Cíosa a tugadh isteach mar fhreagairt ar Covid-19 inniu.
Bhí na solúbthachtaí sa Scéim um Fhorlíonadh Cíosa le dul in éag an 31 Márta, 2021.
De réir an tsínidh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime agus an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe, tá na bearta á síneadh anois go dtí an 30 Meitheamh, 2021.
Is éard is Forlíonadh Cíosa ann ná tacaíocht ioncaim ghearrthéarmach arna mheasúnú de réir acmhainne.
Tá sé dírithe ar dhaoine atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo a gcostais chóiríochta a íoc agus nach bhfuil cóiríocht ar fáil dóibh ó aon fhoinse eile.
Bhain os cionn 12,500 leas as Forlíonadh Cíosa ó thosaigh an Phaindéim i mí an Mhárta seo caite. Díobh sin, tá thart ar 8,316 fós á n-íoc.
Ag fógairt síneadh na solúbthachtaí, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ról lárnach ag Forlíonadh Cíosa i gcónaí maidir le tacú le teaghlaigh agus le daoine aonair, lena n-áirítear iad siúd a d’fhulaing ó thaobh airgeadais de mar thoradh ar an bPaindéim.
“Tá an scéim ag tacú le beagnach 20,000 faighteoir ar fud na tíre faoi láthair.
“Cabhraíonn sé lena chinntiú gur féidir le daoine i gcóiríocht phríobháideach ar cíos, ach a bhfuil a gcúinsí athraithe mar gheall ar chaillteanas sealadach fostaíochta, leanúint dá gceangaltais chíosa a chomhlíonadh.
“Mholfainn go láidir d’aon duine atá ar ioncam íseal nó atá as obair faoi láthair mar gheall ar an bPaindéim, agus a bhfuil deacrachtaí acu a gcíos a íoc, seiceáil ar líne nó teagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo áitiúil, áit a bhfaighidh siad tuilleadh faisnéise faoi conas iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo."
Soláthraíodh thart ar €116.19 milliún don Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh Forlíonadh Cíosa in 2021.
Tá sonraí iomlána maidir le Forlíonadh Cíosa ar fáil here.
CRÍOCH