Fógraíonn an tAire ceapachán POF, Cathaoirleach agus Bhord an Údaráis Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir (ÚNUCS)
- Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2025
- Sprioc thábhachtach do Mo Chiste don Todhchaí a bheidh beo ar an 1 Eanáir 2026
- Ainmníodh an tUasal Dermot Griffin mar chéad POF ÚNUCS
- Ainmníodh Bean Uasal Roma Burke mar chéad Chathaoirleach Bhord ÚNUCS
- Tá seisear ball breise ceaptha chuig an mBord
- Riarfaidh ÚNUCS Mo Chiste don Todhchaí, agus láimhseálfaidh sé formhór na hoibre riaracháin, rud a laghdóidh an méid a bheidh ar fhostóirí a dhéanamh i gcomparáid le córais clárúcháin uathoibríoch eile
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, an tUasal Dara Calleary, inniu ceapachán ball sinsearach tábhachtach chuig an Údarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir - (ÚNUCS), lena n-áirítear an POF, an Cathaoirleach, agus Comhaltaí an Bhoird. Is céim ríthábhachtach chun tosaigh é sin chun a chinntiú go mbunófar ÚNUCS, agus go mbeidh foireann aige agus go bhfuil siad ullmhaithe roimh thosach Mo Chiste don Todhchaí ón 1 Eanáir 2026.
Riarfaidh ÚNUCS an scéim cláraithe uathoibríoch, Mo Chiste don Todhchaí, rud a chuirfidh ar chumas daoine coigilt agus infheistíocht a dhéanamh dá scor. Láimhseálfaidh sé formhór riarachán na scéime trí incháilitheacht le haghaidh clárú uathoibríoch a chinneadh agus fostaithe incháilithe a chlárú. Baileoidh sé gach ranníocaíocht fostaí, fostóra agus Stáit freisin, agus infheisteoidh sé an t-airgead thar ceann na rannpháirtithe. Beidh straitéis infheistíochta réamhshocraithe i bhfeidhm, ach beidh roinnt roghanna infheistíochta malartacha ar fáil dóibh siúd ar mian leo rogha infheistíochta níos gníomhaí a dhéanamh. Leithdháilfidh ÚNUCS aon sochair infheistíochta ar photaí coigiltis na rannpháirtithe ansin. Coinneoidh rannpháirtithe pota coigiltis amháin agus iad ag bogadh ó phost go post – tugtar an cur chuige ‘leanann-an-ciste-an-duine’ air sin. Feidhmeoidh ÚNUCS tairseach ar líne d’fhostaithe, chun rogha an diúltaithe d’fhostaithe, glacadh leis an rogha, ranníocaíochtaí a chur ar fionraí agus athchlárú fostaithe a bhainistiú. Oibreoidh sé tairseach ar líne freisin d’fhostóirí, chun íocaíocht ranníocaíochtaí a thaifeadadh agus a éascú. Le ÚNUCS, beidh rannpháirtithe in ann a gcuid coigiltis scoir a fhuascailt ag aois an Phinsin Stáit arb ionann é agus 66 bliana d’aois faoi láthair.
Ciallaíonn sé sin go léir nach mbeidh mórán le socrú ag fostóirí ó thaobh riaracháin de i gcomparáid le scéim pinsin san áit oibre a bhunú agus a riaradh. Is é an t-aon rud a iarrfar ar fhostóirí a dhéanamh sa tréimhse roimh an gcur i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2026 ná a bpróifíl a chomhlánú ar thairseach an fhostóra, modh íocaíochta a roghnú le haghaidh ranníocaíochtaí agus fostaithe atá cláraithe a chur ar an eolas faoina ndáta clárúcháin.Cuirfear sraith chumarsáide agus acmhainní atá dírithe ar fhostóirí ar fáil níos gaire don seoladh chun é sin ar fad a dhéanamh chomh simplí agus is féidir.
Agus é ag fógairt na gceapachán, dúirt an tAire:
“Bhí leibhéal an-ard spéise sna poist sin ó iarrthóirí an-láidir. Léiríonn sé sin go bhfuil baint ag Mo Chiste don Todhchaí, agus a thábhacht do thodhchaí na hÉireann, le daoine, agus tugann sé an sólás dom daoine a roghnú ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil taithí éagsúil agus fhairsing acu. Creidim go fírinneach go bhfuil na hiarrthóirí rathúla ar fad atá á bhfógairt inniu fíor-oiriúnach do na poist, agus gur cás fíor é seo ina bhfuil a gcodanna ag teacht le chéile chun a chinntiú go n-éireoidh le ÚNUCS a spriocanna maidir le Mo Chiste don Todhchaí a riaradh.”
Tar éis próiseas earcaíochta fairsing agus dian, tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, d’ainmnigh an tAire Calleary an chéad POF ar ÚNUCS mar an tUasal Dermot Griffin. Bhí an tUasal Griffin, cuntasóir cairte, ina POF ar an gCrannchur Náisiúnta ó 2005 go 2019 roimhe seo. Ó shin i leith, bhí poist ardphróifíle aige mar POF in Íocaíochtaí CUSOP a sholáthair seirbhísí íocaíochtaí leictreonacha do Chomhair Chreidmheasa, agus mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Údarás Eitlíochta na hÉireann.
Dúirt an tUasal Griffin:
“Tá áthas orm a bheith páirteach san Údarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir - (ÚNUCS) mar POF. Is tionscnamh iontach Rialtais é Mo Chiste don Todhchaí a sholáthraíonn seirbhís thábhachtach coigiltis scoir do ghrúpa ollmhór daoine nach bhfuil socruithe pinsin acu faoi láthair. Táim ag tnúth le bheith ag obair le Bord ÚNUCS agus leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun seirbhísí an ghnó spreagúil nua sin a sheoladh, a oibriú agus a nuáil.
Beidh sé mar sprioc agam a chinntiú go dtacaítear le fostóirí trí Mo Chiste don Todhchaí a thabhairt isteach trína chinntiú go gcomhlíonann ÚNUCS a chuid feidhmeanna go léir. Mar sin féin, ag an am céanna, cinnteoidh mé go gcosnaíonn ÚNUCS fostaithe, agus beidh comhlíonadh mar phríomhréimse fócais agam. Is tráth thar a bheith tábhachtach é seo d’Éirinn, agus táim an-bhródúil as bunú ÚNUCS a threorú agus a chinntiú go bhfuil Mo Chiste don Todhchaí ag feidhmiú go héifeachtach.”
D’fhógair an tAire an Cathaoirleach agus Comhaltaí Boird ÚNUCS freisin. Beidh Bean Uasal Roma Burke ina céad Chathaoirleach ar ÚNUCS. Tá eolas fairsing ag Bean Uasal Burke, achtúire a bhfuil taithí aici, ar an tionscal pinsean. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Chomhairle na bPinsean roimhe seo, agus bhí sí ina ball den Choimisiún um Pinsin agus bhí sí i gceannas ar a Fochoiste Teicniúil. Beidh an taithí sin ríthábhachtach chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh ÚNUCS a chuspóirí agus go mbeidh maoirseacht láidir air.
Dúirt Bean Uasal Burke mar fhreagra ar an bhfógra:
“Tá áthas orm a bheith i mo chéad Chathaoirleach ar Bhord ÚNUCS, agus táim ag tnúth go mór leis an ról a ghlacadh. Níl aon amhras orm faoin méid oibre a bheidh i gceist, mar go bhfuil sé de dhualgas orm a chinntiú go bhfuil ÚNUCS agus Mo Chiste don Todhchaí ar an mbóthar ceart mar chéad Chathaoirleach. Creidim go mbeidh mo thaithí i saol na bpinsean ina bua an-luachmhar sa mhéid sin. Glacaim an fhreagracht go han-dáiríre, go háirithe i ról ÚNUCS gníomhú ar mhaithe le leas na rannpháirtithe. Tá Mo Chiste don Todhchaí thar a bheith tábhachtach do rathúnas na hÉireann agus a muintire amach anseo, agus cuireann sé bród mór orm páirt a ghlacadh ann.”
Is iad an seisear Comhaltaí Boird eile atá á gceapadh ná an tOllamh Alan Barrett, an tUasal Tony Donohoe, Bean Uasal Patricia King, an tUasal Brian Murphy, an Dr. Orlaigh Quinn, agus Bean Uasal Mary Walsh.
Beidh ról tábhachtach ag an mBord i maoirseacht ÚNUCS agus Mo Chiste don Todhchaí, go háirithe trína chinntiú go ndéanfar leasanna na bpáirtithe leasmhara uile a chur san áireamh agus a chosaint. Chomh maith leis an maoirseacht a dhéanfaidh an Bord, beidh ÚNUCS freagrach don Oireachtas freisin agus déanfaidh an tÚdarás Pinsean maoirseacht air.
Dúirt an tAire freisin:
“Beidh ról ríthábhachtach ag ÚNUCS sa pholasaí ceannródaíoch sin. Tá sé mar aidhm ag tabhairt isteach Mo Chiste don Todhchaí a chinntiú go bhfuil rochtain ag fostaithe ar rogha coigiltis scoir atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de. Le himeacht ama, ní hamháin go mbeidh sé chun tairbhe d’fhostaithe ach beidh sé ina bhuntáiste don gheilleagar freisin mar go mbeidh níos mó airgid ag níos mó daoine le caitheamh agus iad ar scor. Tá ról mór ag an bPríomhfheidhmeannach, ag an gCathaoirleach agus ag an mBord, agus táim muiníneach as a gcumas torthaí a bhaint amach d’Éirinn.”
Nótaí don Eagarthóir
Beathaisnéisí Príomhphost
POF Dermot Griffin
Bhí Dermot Griffin ina POF ar an gCrannchur Náisiúnta ó 2005 go 2019. Le linn na tréimhse sin, bhí sé freagrach as seirbhísí ar líne a thabhairt isteach agus as an bpróiseas aistrithe rathúil sa Chrannchur Náisiúnta go hoibritheoir ceadúnais phríobháidigh faoi Premier Lotteries Ireland.
Roimh an gCrannchur Náisiúnta, bhí Dermot ina Stiúrthóir Tráchtála ar Vodafone Ireland agus ina bhall de Bhord Vodafone Ireland agus Vodafone Marketing International.
Le déanaí, bhí Dermot Griffin ina POF ar Íocaíochtaí CUSOP a sholáthair seirbhísí íocaíochtaí leictreonacha do Chomhair Chreidmheasa agus is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Údarás Eitlíochta na hÉireann é faoi láthair.
Bhain sé céim Bhaitsiléara Tráchtála amach ó COBÁC, agus cáiligh sé mar Chuntasóir le Cuntasóirí Cairte KPMG.
Cathaoirleach an Bhoird – Roma Burke
Is Comhpháirtí agus Achtúire Comhairleach í Roma Burke le Lane Clark & Peacock Ireland Teo. Tá breis agus 25 bliain de thaithí aici ag comhairleoireacht iontaobhaithe agus corparáidí maidir le cúrsaí pinsin, le fócas ar rialachas, straitéis agus léargas rialála.
Ba í Roma an t-iar-Chathaoirleach díreach roimhe seo ar an gComhairle Pinsean. Is iar-bhall den Choimisiún um Pinsin í, agus bhí sí i gceannas ar a Fhochoiste Teicniúil. Is iar-Chathaoirleach ar Choiste Pinsean Chumann Achtúirí na hÉireann agus Comhalta Chomhairle an Chumann í Roma. Is iar-Chathaoirleach í ar Choiste Iniúchta agus Riosca Chlann Shíomóin Bhaile Átha Cliath, agus bhí sí ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách ar a Bhord.
Is Stiúrthóir Cairte, Comhalta de Chumann Achtúirí na hÉireann, Comhairleoir Airgeadais Cáilithe í Roma, agus tá MA san Fhisic Theoiriciúil aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Gradam Éachta ó Chumann Achtúirí na hÉireann aici.
Sé Cheapachán Boird (chomh maith leis an gCathaoirleach) is ea:
- An tOllamh Alan Barrett Ollamh Taighde (agus iar-Stiúrthóir) ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta
- An tUasal Tony Donohoe, iar-Chomhairleoir Beartais Sinsearach ar Phinsin ag IBEC, agus Cathaoirleach ar an Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí
- Bean Uasal Patricia King, iar-Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) agus Cathaoirleach faoi láthair ar Chomhlacht Reachtúil Maoirseachta Seachtraí Óglaigh na hÉireann
- An tUasal Brian Murphy, Cuntasóir Cairte agus iar-Cheann Foirne an Taoisigh
- An Dr. Orlaigh Quinn, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus Cathaoirleach Choiste Rialaithe Ionad CONNECT Thaighde Éireann faoi láthair
- Bean Uasal Mary Walsh, iar-chomhpháirtí ag PwC, agus iar-stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar an mBanc Ceannais, ar an GBCN, agus ar an mBord Pinsean
Áirítear ar phríomhghnéithe Mo Chiste don Todhchaí:
1) Feidhmiú de Réir a Chéile
- Déanfar gach fostaí nach bhfuil i scéim pinsin ceirde cheana féin, idir 23 agus 60 bliain d’aois agus a thuilleann os cionn €20,000 thar a gcuid fostaíochta go léir, a uathrollú.
- Agus na chéad chlárúcháin le tarlú ag deireadh na bliana seo, déanfar Clárú Uathoibríoch a thabhairt isteach go mall de réir a chéile thar thréimhse deich mbliana, agus ranníocaíochtaí fostóra agus fostaithe ag tosú ag 1.5%, agus ag méadú gach trí bliana faoi 1.5% go dtí go sroichfidh siad 6% faoi dheireadh faoi Bhliain 10 (2034). Leis an gcéimniú seasta sin, tabharfar am d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon dul i dtaithí ar an gcóras nua.
2) Tacaíochtaí Coigiltis
- Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí meaitseála leis na ranníocaíochtaí sin a dhéanann fostaithe suas go €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Aithníonn sé seo an luach a ghnóthaíonn fostóirí trí sheasmhacht bhreise a bheith ag a bhfostaithe le linn dóibh a bheith ar scor agus cabhraíonn sé le fostaithe leis an gcostas a bhaineann le coigilteas pinsin a charnadh.
- Cuirfidh an Stát breisiú €1 ar fáil le ranníocaíochtaí freisin in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an fostaí, suas go dtí €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Tá sé seo sa bhreis ar an €3 a thabharfaidh an fostóir freisin.
- Ciallaíonn sé sin, in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh fostaí, go gcuirfidh a f(h)ostóir agus an Stát €4 sa bhreis ina bpota coigiltis scoir – is é sin le rá go méadóidh gach ranníocaíocht €3 ó fhostaí go €7 go huathoibríoch sula n-infheisteofar é.
- Spreagfaidh na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit sin daoine chun fanacht sa chóras Chláraithe uathoibríoch, agus laghdófar an costas a bhaineann le coigilteas le haghaidh scoir do dhaoine aonair.
3) Rogha
- Beidh an córas deonach ach oibreoidh sé ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ‘rogha a bheith páirteach’.
- Déanfar fostaithe incháilithe a rollú go huathoibríoch/‘a roghnú a bheith páirteach’, ach, tar éis rannpháirtíochta ar feadh sé mhí, beidh an rogha acu gan a bheith páirteach a thuilleadh nó a rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
- Beidh rogha de cheithre straitéis coigiltis scoir ag fostaithe.
- Beidh próifílí riosca/toraidh éagsúla ag trí straitéis. Ina theannta sin, cuirfear straitéis réamhshocraithe ar fáil bunaithe ar a dtugtar próifíl infheistíochta ‘stíle maireachtála’/‘saolré’.
- Daoine nach gcuireann in iúl gur fearr leo aon straitéis, clárófar iad sa straitéis réamhshocraithe.
4) Simplíocht
- Tá costais agus ualaí riaracháin le coinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon trí bhunú an Údaráis Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir chun an córas a riar.
- Ní bheidh ar fhostóirí infheistíocht a dhéanamh i mbunú ná soláthar scéime ceirde le haghaidh a ngnólachta féin. Ní bheidh orthu ach asbhaintí párolla a éascú.
- Rud atá tábhachtach, ní bheidh ar dhaoine a bhogann ó phost amháin go post eile scéim pinsin a athrú nó dul isteach i scéim nua. Fanfaidh siad ina mbaill den scéim cláraithe uathoibríoch ar bhonn ‘leanann an ciste an duine’. Ina theannta sin, daoine a bhfuil níos mó na post amháin acu, déanfar a gcoigilteas pinsin a chomhdhlúthú i ‘gciste pinsin’ amháin.
- Soláthrófar seirbhísí agus tacófar leo trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid ina bhfeicfidh na rannpháirtithe a gcuid cistí coigiltis ag fás go tapa agus go substaintiúil.