Fógraíonn an tAire Calleary seirbhís iarratais nua ar líne do Phinsin Stáit trí MyWelfare
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Meitheamh 2025

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil seirbhís iarratais ar líne ar fáil do Phinsin Stáit ar MyWelfare.ie, ardán ar líne na Roinne.
Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís nua an próiseas iarratais a shruthlíniú do dhaoine atá ag teacht ar aois an phinsin. Tá dhá phríomhchineál pinsin ar fáil -Pinsean Stáit (Ranníocach) agus Pinsean Stáit (Neamhranníocach).
Is íocaíocht sheachtainiúil í an Pinsean Stáit (Ranníocach) atá bunaithe ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh duine aonair.
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í an Pinsean Stáit (Neamhranníocach) dóibh siúd nach bhfuil incháilithe le haghaidh pinsean ranníocach nó a cháilíonn le haghaidh ráta laghdaithe den Phinsean Stáit (Ranníocach).
Le tabhairt isteach na seirbhíse iarratais ar líne seo, is féidir le daoine aonair iarratas a dhéanamh ar an dá chineál pinsin trí MyWelfare.ie.
Is síneadh ar na seirbhísí atá ar fáil dóibh siúd atá ag druidim le haois an phinsin ar MyWelfare an t-iarratas ar líne ar an bPinsean Stáit agus comhlánaíonn sé na seirbhísí MyWelfare atá ann cheana féin lena n-áirítear:
- Do Ráiteas Ranníocaíochta
- Tacaíochtaí Cúraim Pinsin
- Sochair Teaghlaigh
- Liúntas Breosla
- Íocaíocht Sochair do Dhaoine atá 65 Bliana d’aois
- Athraigh mo mhodh íocaíochta
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Bhí áthas orm a bheith i Sligeach le déanaí ag Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, in éineacht le beagnach 850 ball foirne tiomanta a sholáthraíonn réimse seirbhísí agus scéimeanna riachtanacha, lena n-áirítear an Pinsean Stáit. Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil seirbhísí MyWelfare á leathnú tuilleadh dóibh siúd atá ag druidim le haois an phinsin. Is féidir le daoine anois iarratas a dhéanamh go héasca ar roinnt scéimeanna agus seirbhísí ag an am agus san áit is fearr a oireann dóibh..”
“Is féidir le daoine anois iarratas a dhéanamh go héasca ar roinnt scéimeanna agus seirbhísí ag an am agus san áit is fearr a oireann dóibh. Tríd an tseirbhís seo a chur ar fáil ar líne, táimid á déanamh níos inrochtana agus níos cairdiúla don úsáideoir.”
“Rinneadh beagnach 3 mhilliún idirbheart trí MyWelfare in 2024, rud a léiríonn go bhfuil an t-éileamh ag fás. Táim tiomanta do 90 faoin gcéad de na seirbhísí a bheith ar líne faoi 2030.”
Tabhair faoi deara
Grianghraf i gceangal den Aire Dara Calleary le foireann ó Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh i Sligeach (Creidiúint Grianghraf: Richard McCarthy).
Pinsean Stáit (Ranníocach)
Is íocaíocht sheachtainiúil é an Pinsean Stáit (Ranníocach) bunaithe ar do thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh. Ní íocaíocht de réir tástála acmhainne í agus mar sin ní bheidh tionchar ag aon ioncam breise a d’fhéadfadh a bheith agat ar d’íocaíocht.
Má rugadh tú ar nó tar éis 1 Eanáir 1958, is féidir leat dáta idir 66 agus 70 bliain d’aois a roghnú chun aon teidlíocht don Phinsean Stáit (Ranníocach) a d’fhéadfadh a bheith agat a rochtain. D’fhéadfadh ráta níos airde de Phinsean Stáit (Ranníocach) a bheith iníoctha leo siúd a fhaigheann rochtain ar Phinsean Stáit (Ranníocach) idir 67 agus 70 bliain d’aois.
Má leanann tú ag obair, nó má théann tú i mbun fostaíochta, tar éis duit do Phinsean Stáit (Ranníocach), ní íocann tú ÁSPC a thuilleadh.
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
- 66 bliain d’aois nó níos mó
- ar a laghad 520 cuideachta árachais shóisialaigh a bheith agat
Chun an t-uasráta pinsin a fháil ní mór duit 2080 ranníocaíocht ar a laghad a bheith agat.
Má tá níos mó ná 520 ranníocaíocht agat ach níos lú ná 2080, beidh do ráta pinsin níos lú, ag brath ar cé mhéad ranníocaíochtaí atá agat.
Moltar duit iarratas a dhéanamh ar an bPinsean Stáit (Ranníocach) 6 mhí sula dtosaíonn tú ag éileamh do phinsin.
Tuilleadh eolais faoin bPinsean Stáit (Ranníocach).
Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
Is íocaíocht de réir tástáil acmhainne é an Pinsean Stáit (Neamhranníocach). D’fhéadfadh sé a bheith ar fáil duit mura gcáilíonn tú don Phinsean Stáit (Ranníocach) bunaithe ar do thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh nó má cháilíonn tú do ráta laghdaithe den Phinsean Stáit (Ranníocach).
Má cháilíonn tú don dá phinsin, bronnfaimid an íocaíocht is airde duit.
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
- cónaí a bheith ort sa Stát go dleathach agus go rialta
- 66 bliain d’aois nó níos mó
- A bheith in ann tástáil ó thaobh acmhainne de a shásamh
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Neamhranníocach) 6 mhí roimh do 66 breithlá. Ní féidir leat rogha a dhéanamh moill a chur ar éileamh Pinsin Stáit (Neamhranníocach).
Tuilleadh eolais faoin bPinsean Stáit (Neamhranníocach)
Tacaíochtaí Cúraim Pinsin
D’fhéadfadh go mbeidh cúramóirí a thóg am amach as obair chun cúram ar bhonn lánaimseartha a bheith i dteideal le cur isteach ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin chun cabhrú le cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocach) ag brath ar chúinsí an chúraim.
Má thóg tú am as obair chun cúram lánaimseartha a sholáthar do do leanaí fad a bhí siad faoi 12, d’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim Chúramaí Baile nó TréimhsíCúram Baile.
Má chuir tú cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine a bhí tinn nó faoi mhíchumas, d’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim Chúramaí Baile nó Tréimhsí Cúram Baile nó Tréimhsí Ranníocaíochta Cúramóirí Fadtéarmacha.
D’fhéadfadh aon iarratais rathúla ar Thacaíochtaí Cúraim Pinsin cabhrú le bearnaí i do thaifead ranníocaíochta a líonadh agus tú ag déanamh iarratais ar do phinsean.
Cén fáth ar chóir MyWelfare a úsáid?
Is é MyWelfare an bealach is tapúla agus is fusa chun rochtain a fháil ar raon seirbhísí leasa shóisialaigh. Dearadh é leis an úsáideoir ar intinn, le bheith éasca a úsáid chomh maith lena bheith áisiúil. Spáráiltear am leis de bhrí nach gá dul go dtí an oifig nó foirmeacha/cáipéisí a chur sa phost go fisiciúil.
Cuirtear faisnéis fhíor-ama maidir le d’éilimh agus le d’iarratais go léir ar fáil le MyWelfare. A bhuí leis, is féidir do sheirbhísí leasa shóisialaigh a bhainistiú ar dhóigh níos éifeachtaí agus gan stró.
Cad is Féidir Liom a Dhéanamh ar MyWelfare?
Is féidir leat cur isteach ar sheirbhísí éagsúla ar MyWelfare agus teacht ar do dheais phearsanta, áit ar féidir leat:
- Stádas d’éilimh a fheiceáil
- Amharc ar d’eolas íocaíochta
- D’éileamh a bhainistiú, amhail eolas maidir le hathrú ar imthosca a uaslódáil trí ar ‘doiciméad a uaslódáil’ nó do sheoladh a nuashonrú
- Teachtaireachtaí sábháilte a fháil ón Roinn trí fhógraí
Tá tuilleadh eolais faoi na seirbhísí atá ar fáil ar MyWelfare.