Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh curtha le hincháilitheacht don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua do Theaghlaigh Altrama ag an Aire Calleary

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuiltear ag leathnú incháilitheachta an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua chun leanaí a bhfuil Liúntas Cúraim Altrama á íoc ina leith a áireamh.

Leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, soláthraítear íocaíocht aonuaire atá tástáilte ó thaobh acmhainne, do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile.

Tá an ráta íocaíochta don bhliain 2025 cothrom le €160 le haghaidh leanaí atá idir 4 - 11 bliain d’aois agus cothrom le €285 le haghaidh leanaí atá dhá bhliain déag d’aois agus níos sine agus atá ag freastal ar oideachas dara leibhéal.

Meastar go mbeidh suas le 2,300 leanbh, a bhfuil Liúntas Cúraim Altrama á íoc ina leith, incháilithe anois don Liúntas Éadaí agus Coisbheart don Scoilbhliain Nua.

Agus é ag trácht ar an síneadh, dúirt an tAire Calleary:

“Tá ról ríthábhachtach ag cúramóirí altrama inár gcóras cúraim, agus táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt dóibh. Sin é an fáth go bhfuil an-áthas orm a fhógairt go mbeidh leanaí a bhfuil Liúntas Cúraim Altrama á íoc ina leith incháilithe anois don Liúntas Éadaí agus Coisbheart don Scoilbhliain Nua.

“Sa Chlár Rialtais, dúramar go ndéanfaimis scrúdú ar na critéir incháilitheachta maidir leis an Scoilbhliain Nua chun solúbthacht a cheadú do chúramóirí altrama agus tá áthas orm an gealltanas sin a chomhlíonadh.

Táimid ag súil go mbeidh thart ar 2,300 leanbh i gcúram altrama incháilithe anois don liúntas tábhachtach seo agus molaim do theaghlaigh altrama iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.”

Tá an scéim Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua oscailte faoi láthair agus is féidir le teaghlaigh altrama iarratas a dhéanamh ar líne ar www.MyWelfare.ie.

Agus fáilte á cur aici roimh an síneadh, dúirt an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley TD:

“Tugann cúramóirí altrama aire do thart ar 87 faoin gcéad de leanaí atá faoi chúram an Stáit agus déanann siad an oiread sin oibre iontach gach lá. Tá siad i mbun feachtais le blianta ar son an chirt chun an Liúntas Éadaí agus Coisbheart don Scoilbhliain Nua a fháil do na leanaí atá faoina gcúram, agus is iontach an rud é go bhfuil sé seo tagtha i gcrích anois.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Calleary agus lena Roinn as a gcur chuige réamhghníomhach i leith sin agus oibreoidh mé chun tuilleadh tacaíochtaí a chur ar fáil dár gcúramóirí altrama luachmhara.”


Nótaí

Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile.

Is iad na rátaí íocaíochta don scéim Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2025 ná €160 le haghaidh leanaí atá idir 4-11 bliain d’aois ar nó roimh 30 Meán Fómhair 2025 agus €285 le haghaidh leanaí atá 12-22 bhliain d’aois ar nó roimh 30 Meán Fómhair 2025. Ní mór do mhic léinn atá idir 18 - 22 bhliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil aitheanta nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana 2025 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.

Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn ag 071-9193318 agus 0818-11-11-13 chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Tá sé mar rogha ag daoine freisin ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá fiosrúchán acu maidir lena n-iarratas nó a dteidlíocht.

Is é an 30 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua na bliana seo.

Tá tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil ag www.gov.ie/bscfa.