Seolann Aire Calleary Comhairliúchán Poiblí do Bhealaí chun Oibre nua 2026-2030
- Foilsithe: 11 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025
- Comhairliúchán Poiblí oscailte go dtí 30 Meán Fómhair 2025
- Molann an tAire Calleary do na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl
Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Coimirce Sóisialta, Dara Calleary TD do straitéis fostaíochta náisiúnta, Bealaí chun Oibre nua 2026-2030.
Tá sé mar aidhm ag an straitéis nua tógáil ar rath Bealaí chun na Oibre reatha 2021-2025.
Sa straitéis reatha, leagtar béim ar bhaic chun na fostaíochta a bhaint, na mílte ionad oiliúna agus oideachais a sholáthar, an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí a fheabhsú, dreasachtaí a sholáthar d’fhostóirí le daoine a bhaint ón gClár Beo, agus beart tacaíochtaí speisialta a thabhairt dóibh siúd atá faoin míbhuntáiste is mó agus is faide ón lucht oibre.
Ó cuireadh tús leis an straitéis, tá borradh suntasach tar éis teacht faoin bhfostaíocht agus tá go leor daoine a bhí dífhostaithe go fadtéarmach tar éis glacadh le roghanna oiliúna agus oideachais.
Leanfaidh an straitéis nua de bheith ag tógáil ar an 65 gealltanas a bhain le Bealaí chun na hOibre 2021 - 2025, a forbraíodh le ranna agus gníomhairí gaolmhara lena straitéisí a léiriú. Tá ról lárnach ag Comhairle Chomhairleach an Lucht Oibre i bhforbairt pholasaithe don mhargadh fostaíochta go dtí seo, ag tabhairt comhairle i leith beartais atá mar léiriú ar an margadh fostaíochta atá ag athrú
Agus an comhairliúchán á sheoladh aige , Dúirt an tAire Calleary:
“Molaim do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear fostóirí, ceardchumainn, an pobal agus an piléar carthanachta, grúpaí agus daoine aonair grúpa sainleasa chun cur leis an gcomhairliúchán poiblí maidir leis an gcéad leagan eile de straitéis fostaíochta na hÉireann”
“Leanann margadh fostaíochta na hÉireann de bheith ag feidhmiú ag leibhéil níos airde ná mar a bhí riamh, agus tá an bearna i rátaí rannpháirtíochta ó thaobh na hinscne de á laghdú. Tá athruithe suntasacha ag teacht ar an saol oibre, agus tá teacht aniar léirithe ag margadh fostaíochta na hÉireann maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal idirnáisiúnta. Tá mé ag súil le bhur dtuairimí a fháil maidir le conas a fhéadfaidh muid an fheidhmíocht láidir seo a choinneáil”
Tá an comhairliúchán poiblí oscailte go dtí 30 Meán Fómhair 2025.
Le haghaidh tuilleadh eolas agus sonraí ar conas do thuairimí a roinnt, tabhair cuairt ar chomhairliúchán Poiblí ar an gcéad leagan eile de Bhealaí chun Oibre 2021-2025