English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Humphreys do Dhaoine a bhfuil Iarratas á dhéanamh acu ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) Iarratas a dhéanamh ar Líne

Ba cheart iarratais ar an ÍDP a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie lena chinntiú go ndéantar íocaíocht a thapúla agus is féidir

Thug an Rialtas srianta Leibhéal 5 isteach arís inniu ar an bPlean maidir le Maireachtáil le Covid fud fad na tíre. Tiocfaidh na srianta seo isteach le héifeacht ag meán oíche, an 30 Nollaig agus leanfaidh siad a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Eanáir 2021.

Imreoidh na bearta a ndeachthas ina mbun tionchar ar bheatha gheilleagrach na tíre agus, dá réir sin, is féidir le daoine a ndéanann na srianta difear dá bpoist tacaíocht ioncaim a fháil trí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime don tréimhse nach mbíonn obair acu.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Léirítear sa chinneadh a rinne an Rialtas inniu tromchúise an cháis ina bhfuilimid faoi láthair. Aithním go n-imreoidh an cinneadh seo tionchar ar shlite maireachtála daoine agus seo an fáth gur mhaith liom a mheabhrú do dhaoine a chaill a bpost gur cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ioncaim ÍDP. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie”

Dúirt an tAire Byrne freisin:

“Tá socruithe curtha i bhfeidhm agam lena chinntiú go n-íocfar tacaíocht ioncaim ÍDP a thapúla agus is féidir leo siúd óna dteastaíonn sé, a fhad agus atá siad incháilithe.”

Íocfar íocaíocht le daoine atá dífhostaithe ón 30 Nollaig agus a dhéanann iarratas ar líne faoi 5pm an 31 Nollaig, Dé Máirt, an 5 Eanáir, a fhad agus atá siad incháilithe.

Tá an rogha freisin ag daoine a ndiagnóisítear go bhfuil víreas Covid-19 orthu nó a bhfuil orthu féinaonrú a dhéanamh agus a bhfuil deimhniú leighis acu a d’eisigh a ndochtúir, chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe ar líne ag www.MyWelfare.ie.

Tá an t-eolas go léir ar fáil ar Shochar Breoiteachta Breisithe ag here. Chun teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an nguthán, is é uimhir ghutháin na líne cabhrach 1890 800 024, ó 9.00am go 5.00pm, ó Luan go hAoine (seachas saoirí poiblí).

CRÍOCH