Nuashonrú ar íocaíochtaí a bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe
- Foilsithe: 1 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Íocfar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an tseachtain seo le beagnach 469,000 duine. Laghdú 4,500 duine é seo anuas ón méid daoine a íocadh an tseachtain seo caite.
Beidh luach €140.34 milliún d’íocaíochtaí seachtainiúla ÍDP le híoc isteach i gcuntais bhainc amárach
Tá an méid daoine a bhfuil Sochar Breoiteachta Breisithe a fháil anois acu tar éis dul i laghad faoi 3,000 duine
Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar ÍDP, Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíocht Cuardaitheora Poist ar líne ag www.MyWelfare.ie
D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €140.34 milliún do 468,847 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu.
Tá laghdú 4,566 tagtha ar an líon daoine a mbeidh íocaíocht ÍDP á fáil acu an tseachtain seo i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tá na figiúirí seo anuas ar na 188,543 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí Eanáir.
Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a eiseofar i gcuntais bhainc faighteoirí nó ag a n-oifig poist amárach, Dé Máirt, an 2 Márta.
Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu an tseachtain seo (147,241). Is iad Corcaigh (47,535) agus Gaillimh (25,082) an dara agus an tríú contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu an tseachtain seo.
Tá ÍDP á fháil an tseachtain seo ag líon níos lú daoine i ngach earnáil, seachas an earnáil soláthair Leictreachais/Gáis/Uisce, i gcomparáid leis an tseachtain seo caite, agus léiríonn seo an líon daoine a dhún a n-éilimh le roinnt seachtainí anuas chun filleadh ar an obair.
Is í an earnáil ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu an tseachtain seo ná gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (110,216), agus is í an dara hearnáil ná Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (74,589) agus is í an tríú hearnáil ná Tógáil (59,867).
Is i dtógáil a tháinig an laghdú is mó ar an líon daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu an tseachtain seo, i ndiaidh go mbeidh an íocaíocht á fáil ag líon 1,210 níos lú daoine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Tá laghdú tagtha ó 26,618 faighteoir ÍDP an tseachtain seo caite san earnáil Déantúsaíochta go dtí 25,862 duine an tseachtain seo. Leanann an earnáil Mhórdhíola agus Mhórdhíola é seo, ina bhfuil laghdú tagtha ó 75,196 faighteoir ÍDP an tseachtain seo caite go dtí 74,589 duine an tseachtain seo.
Beidh an ráta uasta €350 an tseachtain seo á fháil ag beagnach 50% díobh siúd a bhfuil ÍDP á fháil acu.
Daoine atá ag filleadh ar an obair
Dhún daoine ó gach contae a n-éilimh ar ÍDP le seacht lá anuas mar gheall go raibh siad ag filleadh ar an obair.
Ar an iomlán, dhún 10,482 duine a n-éilimh ar Íocaíocht ÍDP, agus thug 9,078 le fios go ndearna siad sin mar gheall go raibh siad ag filleadh ar an obair.
Is i mBaile Átha Cliath a dhún an lín ba mhó daoine éilimh chun filleadh ar an obair (2,372), agus i gCorcaigh (992) agus i gCill Dara (493).
Is iad na trí earnáil is mó ina bhfuil an líon is mó fostaithe a bhfuil a nÍocaíocht Dífhostaíochta Paindéime á dúnadh acu chun filleadh ar an obair Tógáil (2,078), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,295), agus Déantúsaíocht (1,015).
Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil. Chun éileamh a dhúnadh, is féidir teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta thiomnaithe na Roinne trí ghlaoch ar 1890 800 024 idir 9am agus 5pm.
Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach thiomnaithe tacaíochta ioncaim na Roinne trí ghlao ar 1890 800 024 (ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm).
Agus í ag trácht inniu ar na figiúirí is déanaí faoi ÍDP, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD:
“Tá an líon daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu laghdaithe don tríú seachtain i ndiaidh a chéile seachtain.
“Léiríonn seo an chaoi go bhfuil gníomhaíocht ag leanúint ar aghaidh i dtionscail bhunriachtanacha. Ach léiríonn sé freisin go bhfuil ar chumas fostóirí bealaí nuálacha a aimsiú oibriú laistigh de na treoirlínte sláinte poiblí, trí chianoibriú agus soláthar seirbhíse ar líne a úsáid ina measc sin.
“Tá sé an-tábhachtach, sa chás gur féidir, go n-éascaítear fostaithe i dtaobh oibriú as baile.
“Is mian liom fostóirí a mholadh as na hiarrachtaí a rinne siad chun cianoibriú a éascú go dtí seo agus spreagaim iad leanúint leis na socruithe seo a choimeád ar siúl, sa chás gur féidir, fad a bhíonn srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm.”
Mheabhraigh an tAire Humphreys do dhaoine go bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil óna Roinn do dhaoine óna dteastaíonn sé:
“Anuas ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Deontas Tacaíochta Fiontraíochta, tá réimse tacaíochtaí airgeadais ar a ndéantar tástáil mhaoine á gcur ar fáil ag mo Roinn do dhaoine aonair agus teaghlaigh.
“Áirítear leo seo cúnamh le costais téimh agus forlíonadh cíosa trínár Liúntas Leasa Forlíontach.”
Anuas air sin, síneadh an prótacal idir Tusla agus an Roinn chun Forlíonadh Cíosa a chur ar fáil d’íospartaigh foréigin teaghlaigh go dtí deireadh 2021:
“Is mian liom dearbhú a sholáthar do dhaoine atá i gcásanna foréigin teaghlaigh go bhfuil na socruithe seo i bhfeidhm d’aon duine aonair nó aon teaghlach a rinne Tusla nó soláthraí seirbhíse atá cistithe ag Tusla a atreorú chuig mo Roinn.”
Is féidir féachaint ar shonraí faoi na tacaíochtaí seo ar láithreán gréasáin na Roinne Item was unpublished or removed nó trí theagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne trí ghlaoch ar 1890 800 024 idir 9am agus 5pm ó Luan go hAoine.
Daoine féinfhostaithe agus ÍDP
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fháil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.
Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais ar UPSP
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí cuardaitheora poist anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.
Bearta Rialaithe
Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.
Ina dhiaidh sin, déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.
Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.
Faoi mar a bhíonn i gceist de ghnáth le gach íocaíocht leasa shóisialaigh, b’fhéidir go n-iarrfar ar dhaoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ó thráth go chéile a gcáilitheacht a dheimhniú chun leanúint lena n-íocaíocht a fháil. Cabhraíonn seo lena chinntiú go meabhraítear do dhaoine a d’fhill ar an obair, mar shampla, chun a n-éileamh a dhúnadh ionas nach ndéanfaidh an Roinn ró-íocaíocht. Faoi mar a rinne an Roinn anuraidh, cuirfidh sí tús sna seachtainí amach romhainn le próiseas ina ndéanfar teagmháil le faighteoirí ÍDP agus ina n-iarrfar orthu a dteidlíocht leanúnach a dheimhniú.
Is mian leis an Roinn go dtuigtear go soiléir nach bhfuil sonraí faoi chuntas bainc ná aon sonraí eile faoi institiúid airgeadais á lorg acu mar chuid den phróiseas ‘Deimhnithe Cáilitheachta’.
Molfar d’fhaighteoirí an tairseach ar líne a úsáid www.MyWelfare.ie agus leanúint leis na treoracha faoin teideal ‘Lean le bheith incháilithe chun Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a fháil’. Seo an bealach is simplí agus is fusa chun é sin a dhéanamh. Ba cheart d’aon duine a mbíonn deacracht acu seo a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach 1890 800 024 (ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.)
Íocaíocht Sochar Breoiteachta Breisithe COVID-19
Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil inniu ag 2,846 duine, i gcomparáid le 3,999 duine an tseachtain seo caite.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá laghdú réidh tagtha ar an líon daoine a bhfuil an íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil acu le sé seachtaine anuas, a léiríonn an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an víreas a shrianadh agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an oiread sin daoine aonair agus teaghlach chun cloí leis na treoirlínte sláinte.
“A bhuíochas leis na hiarrachtaí agus na híobairtí seo, is féidir linn bheith ag dréim le todhchaí níos fearr.
“Is mian liom a dhearbhú do dhaoine go bhfuil Sochar Breoiteachta Breisithe ar fáil go fóill d’aon duine ar diagnóisíodh go bhfuil COVID-19 orthu nó ar iarr a ndochtúir leighis orthu féinaonrú a dhéanamh.
“Is é an ráta íocaíochta €350 sa tseachtain agus íoctar é ón gcéad lá a bhíonn an duine breoite nó ón gcéad lá a dhéanann duine féinaonrú. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh trí www.MyWelfare.ie.”
Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 9, 10 agus 11.