Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú ar Íocaíochtaí a Bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe - an 5 Deireadh Fómhair 2021

Íocfar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an tseachtain seo le 101,470 duine. Laghdú 4,775 duine é seo anuas ón méid daoine a íocadh an tseachtain seo caite

Tá an líon faighteoirí ÍDP faoi 25 bliain d’aois laghdaithe anois anuas ó dhuine as gach ceathrar i mBealtaine go dtí duine as gach deichniúr

Beidh luach €26.3 milliún d’íocaíochtaí seachtainiúla ÍDP le híoc isteach i gcuntais bhainc nó oifigí poist an tseachtain seo

Tá réimse fairsing tacaíochtaí fostaíochta ar fáil d’fhaighteoirí ÍDP mar chuid den straitéis Bealaí chun Oibre, atá ar fáil trí www.gov.ie/pathways

Meabhraítear don phobal go bhfuil Glaonna Gutháin Camscéime á gcur agus Teachtaireachtaí Téacs Camscéime á seoladh ag daoine a mhaíonn gurb as an Roinn Coimirce Sóisialaí iad

D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €26.3 milliún do 101,470 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu. Is ionann seo agus laghdú 4,775 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Is san earnáil Chóiríochta agus Seirbhísí Bia atá an laghdú is mó an tseachtain seo.

Tá na figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo faoi ÍDP anuas ar na 179,761 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí Lúnasa.

Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 isteach i gcuntais bhainc faighteoirí nó tá siad ag a n-oifig poist an tseachtain seo.

Ag caint di inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:

“Ó thosach na paindéime, bhíothas an-bhuartha faoin tionchar a d’imreodh caillteanas fostaíochta ar ár ndaoine óga.

”Bhí duine amháin as gach cethrear as obair i mBealtaine mar thoradh ar COVID-19 faoi 25 bliain d’aois.

”Tá laghdú tagtha ar an líon sin inniu anuas go dtí duine amháin as gach deichniúr – a léiríonn an dul chun cinn ollmhór atá déanta againn i dtaobh ár ngeilleagar a athoscailt agus daoine a thabhairt ar ais ag an obair.

”Tugann sé le fios freisin cé chomh tábhachtach atá ár straitéis ‘Bealaí chun Oibre’, a bhaineann leis na huirlisí, na scileanna agus an taithí a thabhairt do dhaoine a theastaíonn uathu leis an lucht saothair a iontráil arís."

Dúirt an tAire freisin:

”Tá laghdú tagtha anois ar an líon foriomlán daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu anuas go dtí beagán de bhreis ar 101,000 an tseachtain seo - an leibhéal is ísle go dtí seo. Agus tá súil agam go dtiocfaidh laghdú an tseachtain seo chugainn ar an líon daoine a bhfuil ÍDP á éileamh acu anuas go dtí faoi bhun 100,000 den chéad uair.

”I gcás duine ar bith a dteastaíonn tacaíocht, oiliúint nó comhairle uathu chun fostaíocht a fháil, tá an fhoireann inár nOifigí Intreo ar fáil chun cabhair a thabhairt.

"Mar an gcéanna leis sin, mheabhróinn d’fhostóirí faoi na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil dóibh, go háirithe nuair a fhostaíonn siad duine éigin a bhí dífhostaithe ar feadh roinnt ama.

”Tá mo Roinn ar fáil le comhairle a chur ar fhostóirí faoi na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil. Is féidir linn cabhrú le fostóirí freisin chun foireann a aimsiú d’aon fholúntais atá acu, bíodh folúntais lánaimseartha nó shealadacha i gceist leo siúd."

Gabhann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Mháirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a n-éileamh ar ÍDP faoi Dé Luain, an 4 Deireadh Fómhair, mar gheall gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht dheireanach ÍDP Dé Máirt, an 12 Deireadh Fómhair.

Daoine atá ag filleadh ar an obair

Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil.

Mar gheall go n-íoctar ÍDP gach seachtain i riaráistí, tá íocaíocht dheireanach á fáil an tseachtain seo caite ag daoine a dhún a n-éileamh agus cuirtear na daoine seo san áireamh sna líonta atá á n-íoc an tseachtain seo. Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Thacaíochta Ioncaim thiomnaithe na Roinne trí ghlao ar 1890 800 024 ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.

Aistriú Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP)

Ar aon dul le Plean Téarnaimh Gheilleagraigh an Rialtais, tá ÍDP á athrú de réir a chéile i rith tréimhse 6 mhí ó Mheán Fómhair 2021 go dtí Feabhra 2022 le hé a ailíniú leis na híocaíochtaí caighdeánacha cuardaitheora poist.

Bhí tús le cur leis an bpróiseas le ráta níos ísle €203 ÍDP a aistriú chuig íocaíocht chuardaitheora poist go luath i Meán Fómhair. Cuireadh seo siar go dtí go bhfuil na hearnálacha go léir tar éis tús a chur le hathoscailt, ar aon dul leis an Treochlár a fógraíodh an 31 Lúnasa agus leanfaidh na custaiméirí go léir a ndéantar difear dóibh lena n-íocaíocht ÍDP a fháil go dtí an 26 Deireadh Fómhair nuair a chuirfear tús leis an bpróiseas ina n-aistreofar iad chuig íocaíocht chuardaitheora poist.

Scríobh an Roinn chuig na custaiméirí go léir a ndearnadh difear dóibh le heolas a chur ar fáil ar na sonraí faoin aistriú ó ÍDP agus na roghanna a bheidh ar fáil dóibh. Is tábhachtach go n-aithníonn na custaiméirí seo an rogha is oiriúnaí dóibh agus iarrtar orthu siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh ar íocaíocht Chuardaitheora Poist faoi Dé hAoine, an 15 Deireadh Fómhair lena chinntiú go ndéantar cinneadh sula gcuirfear deireadh lena ÍDP an 26 Deireadh Fómhair. Is féidir leo iarratas a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie.

Tá dhá chéim eile d’athruithe ar ráta le titim amach ón 16 Samhain 2021 agus an 8 Feabhra 2022. Mar gheall go n-aistrítear faighteoirí ÍDP go dtí an ráta €203 i ngach céim, aistreofar iad chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist.

Bearta Rialaithe

Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP, seiceálacha cáilitheachta leanúnaí san áireamh. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.

Déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.

Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.

De réir mar a athosclaítear gnólacht, leanann cigirí na roinne le hathbhreithnithe rialaithe a dhéanamh agus taifid a chur i gcomparáid le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim lena chabhrú a chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh fad a fhilleann siad ar an obair. Lena sheachaint ró-íocaíocht a fháil, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo sin a dhéanamh gan stró ag should Go leor a n-éileamh agus a dhéanamh so gan stró ag www.MyWelfare.ie.

Daoine féinfhostaithe agus ÍDP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.

Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

Leanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 a bheith ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht ÍDP. Beidh iad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach a raibh ÍDP á íoc arís leo ina dhiaidh sin in 2021, in ann teacht ar an deontas an dara huair.

MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais ar UPSP

Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag [eexternal-link https://services.mywelfare.ie/ | www.MyWelfare.ie. ] Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí cuardaitheora poist anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.

Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.

Íocaíocht Sochar Breoiteachta Breisithe COVID-19

Moltar d’fhostaithe nó daoine féinfhostaithe a dtagann an víreas orthu nó a dtugann a ndochtúir teastas leighis dóibh ina moltar dóibh féinaonrú, iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe. Murab ionann agus an gnáth-Shochar Breoiteachta, íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.

Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil an tseachtain seo ag 1,843 duine, i gcomparáid le 2,012 duine an tseachtain seo caite.

Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 7, 8 agus 9.

Glaonna Gutháin Camscéime agus Teachtaireachtaí Téacs Camscéime

Meabhraítear do chustaiméirí agus baill den phobal go bhfuil glaonna gutháin camscéime á gcur agus teachtaireachtaí téacs camscéime á seoladh ag daoine a maíonn gurb oifigeach na roinne iad.

Déanann réimse uimhreacha gutháin na glaonna seo a chur agus na teachtaireachtaí seo a sheoladh, agus bíonn an chuma chéanna ar roinnt díobh le huimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaithe leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí go léir nach lorgóidh sé eolas pearsanta riamh ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus nach n-iarrfaidh sé riamh ar chustaiméir a sonraí bainc a thabhairt ar an nguthán.

Iarrtar ar aon duine a gcuirtear glaoch orthu nó a seoltar teachtaireacht téacs chucu den saghas sin gan aon eolas a thabhairt agus na Gardaí a chur ar an eolas air láithreach.

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an léarscáil

Aguisíní

Appendices - County Breakdowns and other details - 211006
Appendices - County Breakdowns and other details - 211006
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat