English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú maidir le hÍocaíochtaí Ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

Fuair beagnach 465,000 duine Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) an tseachtain seo, laghdú beagnach 4,000 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite

Tá íocaíochtaí seachtainiúla PUP luach €139.06 milliún le híoc i gcuntais bhainc amárach

Tá €2 mhilliún breise i riaráistí PUP le híoc le thart ar 6,500 duine

Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil ag thart ar 2,938 duine faoi láthair

Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar PUP, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus Liúntas Cuardaitheora Poist ar líne trí www.MyWelfare.ie

An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach €139.06 milliún chuig 464,860 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu.

Tá an líon daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu an tseachtain seo laghdaithe 3,987 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Tagann figiúirí na seachtaine seo sa bhreis ar an 186,702 duine a tuairiscíodh a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Feabhra.

Beidh Íocaíochtaí Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 eisithe i gcuntais Bhainc na bhfaighteoirí nó ina nOifig Poist amárach, Dé Máirt, an 9 Márta.

Anuas air sin, amárach chomh maith íocfar riaráistí PUP, atá cothrom le beagnach €2 mhilliún, le thart ar 6,500 duine. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an méid iomlán atá á íoc an tseachtain seo cothrom le breis is €141 milliún. Tá na riaráistí seo iníoctha le daoine nach bhfuil PUP á fáil acu níos mó agus b’fhéidir nach mbeidís ag súil le híocaíocht a fháil an tseachtain seo.

Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo, 146,547 duine ar fad. Ina dhiaidh sin ar an liosta tá Corcaigh (47,011) agus Gaillimh (24,934).

Tá níos lú daoine i ngach earnáil seachas an earnáil soláthair Leictreachais/Gáis/Uisce ag fáil PUP an tseachtain seo i gcomparáid leis an tseachtain seo caite, fianaise ar an líon daoine a bhfuil a n-éilimh dúnta acu le seachtainí beaga anuas chun filleadh ar an obair.

Ba í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo Cóiríocht agus Gníomhaíochtaí Seirbhíse Bia (109,754), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (74,153) agus Tógáil (58,864).

Is san earnáil tógála atá an laghdú is mó tugtha faoi deara sa líon daoine a bhfuil PUP á fáil acu an tseachtain seo, tá an íocaíocht á fáil ag 1,003 níos lú duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Tá laghdú tagtha ar líon fhaighteoirí PUP san earnáil Mhórdhíola agus Mhiondíola ó 74,589 an tseachtain seo caite go dtí 74,153 an tseachtain seo. Is í an earnáil Déantúsaíochta an chéad earnáil eile ar an liosta, agus tá líon na bhfaighteoirí PUP laghdaithe ó 25,862 an tseachtain seo caite go dtí 25,488 an tseachtain seo.

Tá an ráta uasta de €350 sa tseachtain á fháil ag beagnach 50% de na daoine a bhfuil PUP á fháil acu.

Daoine atá ag filleadh ar an obair

Le seacht lá anuas, tá a n-éilimh PUP dúnta ag daoine as gach contae mar go raibh siad ag filleadh ar a gcuid oibre.

Tríd is tríd, tá a n-éilimh PUP dúnta ag 10,857 duine, agus thug 9,372 duine le fios go raibh sé seo á dhéanamh acu mar go raibh siad ag filleadh ar a gcuid oibre.

Bhí an méid is mó daoine a raibh a n-éilimh á ndúnadh acu chun filleadh ar an obair i mBaile Átha Cliath (2,149), agus is Corcaigh (1,067) agus An Mhí (474) a bhí ina dhiaidh sin ar an liosta.

Is iad na trí earnáil ag barr an liosta inar dhún an líon is mó fostaithe a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime chun filleadh ar an obair - Tógáil (1,958), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,210), agus Déantúsaíocht (901).

Tá an Roinn ag leanúint lena mheabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibha n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) a dhúnadh ar an dáta iarbhír a bhfilleann siad ar an obair, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh mar ba cheart agus lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú a ndéanfaidh an Roinn iarracht a aisghabháil.

Is é an bealach is éasca éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh é a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie. Aon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist aige/aici maidir le héileamh a dhúnadh, ba cheart dó/di glaoch ar Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne ag an uimhir 1890 800 024, idir 9am - 5pm, Luan go hAoine.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu le linn di a bheith ag caint faoi na figiúirí PUP is déanaí:

“Arís an tseachtain seo tá laghdú beag ach seasta le tabhairt faoi deara sa líon daoine a bhfuil a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á ndúnadh acu.

“Is mian liom ardmholadh a thabhairt do dhaoine, idir óg agus aosta, as na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh acu chun cabhrú le víreas Covid-19 a bhrú faoi chois.

“Tá an víreas seo inár measc le tréimhse i bhfad níos faide ná mar a shíl duine ar bith. Tá a fhios agam go bhfuil gach duine tuirseach traochta agus buartha faoin tráth seo agus go bhfuil gach duine ag súil leis an lá nuair a bheidh gach rud mar a bhí tráth.

"Ach is léir go bhfuil athruithe móra ag tarlú mar thoradh ar ár n-iarrachtaí. Tá comharthaí dearfacha le feiceáil i ndáil le líon na ndaoine sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim; tá na figiúirí ag laghdú an t-am ar fad.

“Ach ní féidir linn a bheidh neamhairdeallach. Ní mór d’oibrithe leanúint ar aghaidh ag obair ón mbaile más féidir. Ní mór dúinn ar fad aird a thabhairt ar na treoirlínte sláinte agus a mheabhrú dúinn féin go bhfuil na híobairtí seo á ndéanamh againn dár dteaghlaigh, dár gcairde, dár bpobail agus dár n-oibrithe túslíne.”

Mheabhraigh an tAire Humphreys do dhaoine go bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil óna Roinn do dhaoine a dteastaíonn a leithéid uathu.

“Is mian liom a mheabhrú do dhaoine go bhfuil raon tacaíochtaí airgeadais a bhfuil measúnú acmhainní i gceist leo á chur ar fáil ag mo Roinn do dhaoine aonair agus do theaghlaigh, ag brath ar a n-imthosca áirithe.

“Tá na sonraí ar fad a bhaineann leis na tacaíochtaí seo le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne - www.gov.ie/dsp - nó trí theagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne ag an uimhir 1890 800 024 idir 9am - 5pm, Luan go hAoine.”

Riaráistí PUP á n-íoc an tseachtain seo

An tseachtain seo, le cois na ngnáthíocaíochta seachtainiúla d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, tá riaráistí a bhaineann le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime lena mbaineann luach de bheagnach €2 mhilliún á n-íoc ag an Roinn Coimirce Sóisialaí le thart ar 6,500 duine.

Déanfar na híocaíochtaí a íoc go díreach trí Oifig an Phoist nó i gcuntais Bhainc ainmnithe na ndaoine ábhartha amárach, an 9 Márta.

Is é an bealach is tapa do dhaoine sonraí a n-íocaíochtaí riaráistí a sheiceáil féachaint ar www.MyWelfare.ie..

Íocadh formhór na gcásanna riaráistí (níos mó ná 280,000) i mí na Nollag seo caite agus fuair thart ar 38,600 duine íocaíocht riaráistí ar an 23 Feabhra.

Daoine féinfhostaithe agus PUP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu ar mian leo a ngnó a choinneáil ar bun suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choimeád ag an am céanna.

Níl aon phróiseas iarratais fhoirmiúil bunaithe, níl le déanamh ag duine féinfhostaithe ach a chur in iúl don Roinn má thuilleann sé/sí níos mó ná €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais PPSN

Is é an bealach is éasca agus is tapa chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist é sin a dhéanamh ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana an t-am ar fad, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist, agus ráiteas nó taifead maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a lorg ón Roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar uimhir PPS ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois, ar a laghad, agus a dteastaíonn Uimhir PPS uathu chun tairbhe a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil.

Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir gan dul chomh fada lena nIonad Intreo áitiúil. Seachas sin, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie..

Bearta Rialaithe

Déanann an Roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta i ndáil le gach éileamh PUP. Faoi réir na seiceálacha seo a dhéanamh, próiseálann an Roinn íocaíochtaí bunaithe ar fhéindearbhú an chliaint.

Ina dhiaidh sin, déanann an Roinn seiceálacha iar-íocaíochta a áirítear iontu sonraí a fhíorú i gcomparáid le taifid na gCoimisinéirí Ioncaim, scrúdaítear cásanna ina bhfuil an cuntas Bainc chéanna in úsáid go leor uaireanta, scrúdaítear cásanna ina gcuireann fostóir nó baill den phobal ábhar imní in iúl, agus úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Chomh maith leis sin, déantar cigireachtaí fostóra.

Aonad Imscrúduithe Speisialta na Roinne a dhéanann an obair seo, a áirítear ann 20 Garda atá ar iasacht leis an Roinn.

Mar a tharlaíonn i gcás gach íocaíocht leasa shóisialaigh, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ar dhaoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ó am go ham a n-incháilitheacht chun leanúint leis an íocaíocht a fháil a dheimhniú. Cabhraíonn sé seo lena chinntiú go ndúnann daoine atá tar éis filleadh ar an obair, mar shampla, a n-éilimh agus go seachnaíonn siad ró-íocaíocht a thabhú.

Díreach mar a rinneadh an bhliain seo caite, tá tús curtha ag an Roinn le próiseas chun teagmháil a dhéanamh le faighteoirí PUP chun a dteidlíocht leantach a dhearbhú.

Is mian leis an Roinn a shoiléiriú nach bhfuil sonraí cuntais bhainc nó institiúidí airgeadais á lorg aici mar chuid den phróiseas ‘Dearbhaigh Incháilitheacht’.

Moltar d’fhaighteoirí úsáid a bhaint as an tairseach ar líne www.MyWelfare.ie agus na treoracha faoin gceannteideal ‘Lean le hincháilitheacht chun Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a fháil’. Is é sin an bealach is simplí agus is éasca chun é a dhéanamh. Má tá deacracht ag aon duine leis seo ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ag an uimhir 1890 800 024 (Luan go hAoine, 9am - 5pm).

Íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19

Inniu, tá íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fáil ag thart ar 2,938 duine, laghdú i gcomparáid le 2,846 an tseachtain seo caite.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:

“Cúis áthais dom go bhfuil an treocht trí chéile a bhaineann le líon na ndaoine a bhfuil an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil acu ag laghdú de réir a chéile.

“Dá ainneoin sin, is meabhrúchán soiléir é an méadú beag an tseachtain seo go bhfuil an víreas fós inár measc agus go mbaineann riosca leis go fóill.

“Má tá siomptóim Covid-19 ort, déan teagmháil le do Dhochtúir Teaghlaigh láithreach agus fan sa bhaile.

“Is é €350 sa tseachtain an ráta atá luaite leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus íoctar é ón gcéad lá den tinneas.”

Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar líne trí www.MyWelfare.ie..

Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú de réir earnála agus contae mar aon leis an bpróifíl aoise le fáil in Aguisín 9, 10 agus 11.

Críoch.


Aguisíní

Appendices - County Breakdowns and other details - 210308
Appendices - County Breakdowns and other details - 210308
Amharc amharc