Nuashonrú maidir le híocaíochtaí ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe
- Foilsithe: 12 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Fuair beagnach 421,000 duine Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an tseachtain seo, laghdú de bhreis ar 15,000 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite
Tá íocaíochtaí seachtainiúla PUP luach €125.52 milliún le híoc i gcuntais bhainc amárach
Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil ag thart ar 2,078 duine faoi láthair
Ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais chuig an obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie
Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar PUP, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus Liúntas Cuardaitheora Poist ar líne trí www.MyWelfare.ie
Tá aird an phobail tarraingthe ar ghlaoiteoirí atá páirteach i gCamscéimeanna atá ag maíomh gur ag glaoch ón Roinn Coimirce Sóisialaí atá siad ag glaoch
An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach €125.52 milliún chuig 421,373 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu.
Tá an líon daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu an tseachtain seo laghdaithe 15,776 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tagann na figiúirí a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 183,096 duine a tuairiscíodh a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí an Mhárta.
Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 eisithe i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ina n-Oifig Poist amárach, Dé Máirt, an 13 Aibreán.
Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo, 134,417 duine ar fad. Ina dhiaidh sin ar an liosta tá Corcaigh (42,391) agus Gailimh (22,774).
Tá níos lú daoine i ngach earnáil ag fáil PUP an tseachtain seo, fianaise ar an líon daoine a bhfuil a n-éilimh dúnta acu le seachtainí beaga anuas chun filleadh ar an obair.
Ba í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (102,405), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (67,990) agus Tógáil (50,169).
Is san earnáil gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia atá an laghdú is mó tugtha faoi deara sa líon daoine a bhfuil PUP á fáil acu an tseachtain seo tá an íocaíocht á fáil ag 3,753 níos lú duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Tá laghdú tagtha ar líon fhaighteoirí PUP san earnáil Tógála ó 52,723 an tseachtain seo caite go dtí 50,169 an tseachtain seo. Is í an earnáil Mhórdhíola agus Mhiondíola an chéad earnáil eile ar an liosta, agus tá líon na bhfaighteoirí PUP laghdaithe ó 70,083 an tseachtain seo caite go dtí 67,990 an tseachtain seo.
Tá an ráta uasta de €350 sa tseachtain á fháil ag beagnach 48% de na daoine a bhfuil PUP á fháil acu.
Daoine atá ag filleadh ar an obair
Tá a n-éilimh PUP dúnta ag 7,327 duine le seacht lá anuas, agus thug 5,966 duine le fios go raibh sé seo á dhéanamh acu mar go raibh siad ag filleadh ar a gcuid oibre.
Bhí an méid is mó daoine a raibh a n-éilimh á ndúnadh acu chun filleadh ar an obair i mBaile Átha Cliath (1,478), agus is iad Corcaigh (672) agus Cill Dara (311) a bhí ina dhiaidh sin ar an liosta.
Is iad na hearnálacha ag barr an liosta inar dhún an líon is mó fostaithe a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime éilimh chun filleadh ar an obair - Tógáil (1,501), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (970), agus earnáil na ngníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia (723). Dhún thart ar 654 duine a bhí ag obair san earnáil Déantúsaíochta a n-éilimh chun filleadh ar an obair agus dhún 119 duine ón earnáil Oideachais a n-éilimh chun filleadh ar an obair.
Tá an Roinn ag leanúint lena mheabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) a dhúnadh ar an dáta iarbhír a bhfilleann siad ar an obair, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh mar ba cheart agus lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú a ndéanfaidh an Roinn iarracht a aisghabháil.
Is é an bealach is éasca éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh é a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie. Aon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist aige/aici maidir le héileamh a dhúnadh, ba cheart dó/di glaoch ar Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne ag an uimhir 1890 800 024, idir 9am - 5pm, Luan go hAoine.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu le linn di a bheith ag caint faoi na figiúirí PUP is déanaí:
“Agus tús á chur againn inniu le maolú céimnithe srianta, is léir dúinn go bhfuil a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime dúnta ag níos mó daoine le seachtain anuas chun filleadh ar an obair.
“Ó tharla earnálacha cosúil le tógáil a bheith ag oscailt mar aon lenár scoileanna, tá cur chuige cúramach ríthábhachtach go dtí go bhfuil céatadán suntasach den daonra vacsaínithe, agus ansin is féidir linn díriú ar athoscailt na sochaí ina hiomláine.
“Tuigim go bhfuil tionchar suntasach ag na srianta reatha ar fholláine shóisialta agus eacnamaíoch ár bpobal. Ach cuirfidh an clár vacsaínithe ar ár gcumas díriú ar an gníomhaíocht gheilleagrach agus shóisialta an athuair.
“Ar deireadh, is mian liom a mheabhrú do dhuine ar bith a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil aige/aici atá ag filleadh ar an obair nach mór dó/di a n-éileamh ar an íocaíocht a dhúnadh ar an lá a fhilleann siad ar an obair.”
Daoine féinfhostaithe agus PUP
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu ar mian leo a ngnó a choinneáil ar bun suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choimeád ag an am céanna.
Níl aon phróiseas iarratais fhoirmiúil bunaithe, níl le déanamh ag duine féinfhostaithe ach a chur in iúl don Roinn má thuilleann sé/sí níos mó ná €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais PPSN
Is é an bealach is éasca agus is tapa chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist é sin a dhéanamh ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana an t-am ar fad, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist, agus ráiteas nó taifead maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a lorg ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois, ar a laghad, agus a dteastaíonn Uimhir PPS uathu chun tairbhe a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil.
Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan dul chomh fada lena nIonad Intreo áitiúil. Seachas sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie..
Camscéimeanna Teileafóin
Tá rabhadh tugtha ag an Aire Humphreys do chustaiméirí agus do bhaill den phobal maidir le camscéimeanna teileafóin a fhaigheann siad ó dhaoine a deir gur oifgigigh de chuid na roinne iad. Tá uimhreacha difriúla in úsáid mar chuid den scéim seo, uimhir líne chabhrach na Roinne ina measc, is é sin 1890 800 024.
I láthair na huaire, níl an Roinn ag déanamh teagmhála le custaiméirí nó le baill den phobal tríd an uimhir seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys chomh maith:
“Ná freagair na glaonna seo agus ná roinn aon fhaisnéis phearsanta leis na glaoiteoirí i gceist.
“Ní mór a mheabhrú do dhaoine nach lorgóidh foireann na Roinne Coimirce Sóisialaí d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) ná do shonraí bainc riamh más gá dóibh glao teileafóin a chur ort.”
Má tá glao den chineál seo faighte agat ón uimhir seo déan teagmháil leis na Gardaí láithreach.
Bearta Rialaithe
Déanann an Roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta i ndáil le gach éileamh PUP, lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha seo a dhéanamh, próiseálann an Roinn íocaíochtaí bunaithe ar fhéindearbhú an chliaint.
Mar thoradh ar an tseiceáil incháilitheachta is déanaí, tá roinnt daoine ann ar theip orthu a n-incháilitheacht a dheimhniú chun leanúint le PUP a fháil agus níl íocaíocht á fáil acu níos mó. Tá scéala curtha chuig na daoine seo ag an roinn.
Déanann an Roinn seiceálacha iar-íocaíochta a áirítear iontu sonraí a fhíorú i gcomparáid le taifid na gCoimisinéirí Ioncaim, scrúdaítear cásanna ina bhfuil an cuntas bainc chéanna in úsáid go leor uaireanta, scrúdaítear cásanna ina gcuireann fostóir nó baill den phobal ábhar imní in iúl, agus úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Chomh maith leis sin, déantar cigireachtaí fostóra.
Aonad Imscrúduithe Speisialta na Roinne a dhéanann an obair seo, a áirítear ann 20 Garda atá ar iasacht leis an Roinn.
Íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19
Inniu, tá íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fáil ag thart ar 2,078 duine, laghdú i gcomparáid le 2,061 an tseachtain seo caite.
Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a tholgann an víreas nó a bhfuil teastas dochtúra faighte acu óna ndochtúir féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe. Éagsúil leis an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den tinneas. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar líne tríd an suíomh gréasáin www.MyWelfare.ie..
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú de réir earnála agus contae mar aon leis an bpróifíl aoise le fáil in Aguisín 9, 10 agus 11.