Nuashonrú maidir le híocaíochtaí ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 25 Bealtaine 2021
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Fuair beagnach 334,000 duine Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an tseachtain seo, laghdú de bhreis ar 29,000 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite
Tá íocaíochtaí seachtainiúla PUP luach €102 milliún le híoc i gcuntais bhainc inniu
Tá a gcuntas PUP dúnta ag breis is 26,000 duine mar go bhfuil siad ag filleadh ar an obair
Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil ag thart ar 1,389 duine faoi láthair
De réir mar a bheidh srianta á maolú, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais chuig an obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie
Tá aird an phobail tarraingthe ar Chamscéimeanna Teileafóin agus Camscéimeanna Téacsanna ó ghlaoiteoirí atá ag maíomh gur ag glaoch ón Roinn Coimirce Sóisialaí atá siad
An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach sa bhreis ar €102 milliún chuig 333,993 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu.
Is ionann é seo agus laghdú 29,174 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tagann na figiúirí a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 177,969 duine a tuairiscíodh a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Aibreáin.
Gheobhaidh thart ar 9,000 duine íocaíocht PUP i riaráistí inniu, íocaíochtaí atá cothrom le breis is €3.7 milliún.
Níl thart ar 2,000 acu seo ag fáil PUP níos mó agus eiseofar na híocaíochtaí i riaráistí chuig a n-institiúidí airgeadais ainmnithe inniu. Dá réir sin, ba cheart do dhuine ar bith atá ag súil le híocaíocht riaráistí a gcuntas bainc a sheiceáil nó seiceáil leis an oifig poist a mbíodh a n-íocaíocht sheachtainiúil á fáil acu inti.
Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 eisithe i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ina n-oifig poist inniu, Dé Máirt, an 25 Bealtaine.
Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo, 111,566 duine ar fad. Ina dhiaidh sin ar an liosta tá Corcaigh (32,317) agus Gaillimh (18,290).
Is í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia (93,687), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (54,391) agus Gníomhaíochtaí Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (30,603).
Is sna hEarnálacha Eile, gruagairí agus sciamhlanna mar shampla, atá an laghdú is mó tugtha faoi deara sa líon daoine a bhfuil PUP á fáil acu an tseachtain seo, tá an íocaíocht á fáil ag 11,708 níos lú duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Ritheann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go dtí an Déardaoin agus déantar na híocaíochtaí ar an Máirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a PUP ar an Luan, an 24 Bealtaine, mar gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht deiridh PUP ar an Máirt, an 1 Meitheamh.
Daoine atá ag filleadh ar an obair
Tá an Roinn ag leanúint lena mheabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta iarbhír a bhfilleann siad ar an obair, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh mar ba cheart agus lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú a ndéanfaidh an Roinn iarracht a aisghabháil.
Tá a n-éilimh PUP dúnta ag 25,824 duine le seacht lá anuas, de bhrí go raibh siad ag filleadh ar a gcuid oibre. Bhí an méid is mó daoine a raibh a n-éilimh á ndúnadh acu chun filleadh ar an obair i mBaile Átha Cliath (6,710), agus is iad Corcaigh (3,002) agus Gaillimh (1,358) a bhí ina dhiaidh sin ar an liosta.
De bhrí go n-íoctar PUP go seachtainiúil i riaráistí, gheobhaidh breis is 18,000 de na daoine seo íocaíocht deiridh an tseachtain seo agus tá siad fós san áireamh sna staitisticí maidir le líon na n-íocaíochtaí.
Is iad na hearnálacha inar dhún an líon is mó fostaithe a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime chun filleadh ar an obair - Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (7,441), Earnálacha Eile, gruagairí agus sciamhlanna (5,855), agus earnáil na ngníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhíse Bia (3,113). Dhún thart ar 2,381 duine san earnáil Tógála a n-éilimh chun filleadh ar an obair.
Is é an bealach is éasca éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh é a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie. Aon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist aige/aici maidir le héileamh a dhúnadh, ba cheart dó/di glaoch ar Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim na Roinne ag an uimhir 1890 800 024, idir 9am - 5pm, Luan go hAoine.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu le linn di a bheith ag caint faoi na figiúirí PUP is déanaí:
“Le coicís anuas, tá an líon daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu laghdaithe thart ar 50,000 duine.
“Áirítear sna figiúirí atá á bhfoilsiú agam inniu an líon is mó daoine a dhún a n-éileamh in aon seachtain amháin ó thús na bliana.
“Chomh maith leis sin, tá laghduithe á dtabhairt faoi deara againn sa líon daoine a bhfuil PUP á fháil acu i ngach contae agus i ngairmeacha éagsúla.
“Is comharthaí dearfacha iad sin agus fianaise ar an tionchar atá ag earnálacha éagsúla cosúil leis earnáil mhiondíola a bheith oscailte ina hiomláine.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys chomh maith:
“Fad is atá dul chun cinn á dhéanamh againn go seasta trínár ngeilleagar a athoscailt, ní mór dúinn a bheith cúramach.
“Ar an Aoine, roinnfidh an Rialtas eolas maidir leis an bplean d’athoscailt leanúnach ár ngeilleagair agus ár sochaí i rith mhí an Mheithimh agus mhí Iúil.
“Leagfar béim ar leith ar an samhradh a chaitheamh amuigh faoin aer, ó tharla gur léir dúinn gur cur chuige níos sábháilte é gníomhaíochtaí sóisialta a reáchtáil amuigh faoi aer."
Agus bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:
“An tseachtain seo chugainn, foilseoidh an Rialtas an Plean um Théarnamh Geilleagrach Náisiúnta.
“Sonrófar anseo na chéad chéimeanna eile i ndáil le tacaíochtaí éagsúla Stáit atá á rolladh amach do ghnóthaí agus d’oibrithe ó thús na paindéime.
“I ndáil le PUP, tá breis is €7.7 billiún caite againn anois, agus tá tacaíocht curtha ar fáil do bhreis agus 860,000 duine.
“Ní mór dúinn a chur san áireamh, áfach, nach mbeidh gach earnáil ag oscailt ag an am céanna.
“Dá réir sin, ní bheidh ioncam daoine á laghdú go tobann ar an 1 Iúil.
“Ní raibh drogall ar bith ar an rialtas ó thús na paindéime seo tacú le daoine a chaill a bpost.
“Ar deireadh, is mian liom aird fostóirí a tharraingt ar an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail (EWSS) a d’fhéadfadh cabhrú leo lena gcostais phárolla.
“D’fhéadfadh an tacaíocht seo cabhrú le fostóirí nuair atá daoine á bhfostú acu arís nuair a osclaíonn siad.
“Tá EWSS bunaithe ar ráta athraithe fostóirí agus, dá réir sin, beidh formhór na bhfostóirí a bhí dúnta mar gheall ar an bpaindéim incháilithe chun an tacaíocht seo a fháil. Tá tuilleadh eolais le fáil ar revenue.ie.”
Bearta Rialaithe
Déanann an Roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta i ndáil le gach éileamh PUP, lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha seo a dhéanamh, próiseálann an Roinn íocaíochtaí bunaithe ar fhéindearbhú an chliaint.
Déanann an Roinn seiceálacha iar-íocaíochta a áirítear iontu sonraí a fhíorú i gcomparáid le taifid na gCoimisinéirí Ioncaim, scrúdaítear cásanna ina bhfuil an cuntas bainc chéanna in úsáid go leor uaireanta, scrúdaítear cásanna ina gcuireann fostóir nó baill den phobal ábhar imní in iúl, agus úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Chomh maith leis sin, déantar cigireachtaí fostóra.
Aonad Imscrúduithe Speisialta na Roinne a dhéanann an obair seo, a áirítear ann 20 Garda atá ar iasacht leis an Roinn.
De réir mar a bheidh an earnáil thionsclaíoch ag athoscailt beidh athbhreithnithe rialaithe á ndéanamh ag cigirí na Roinne agus beidh taifid á meaitseáil le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú lena chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh nuair a fhilleann siad ar an obair. Lena chinntiú go seachnaítear ró-íocaíocht a thabhú ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir é sin a dhéanamh go héasca ag www.MyWelfare.ie..
Daoine féinfhostaithe agus PUP
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) á fáil acu ar mian leo a ngnó a choinneáil ar bun suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choimeád ag an am céanna.
Níl aon phróiseas iarratais fhoirmiúil bunaithe, níl le déanamh ag duine féinfhostaithe ach a chur in iúl don Roinn má thuilleann sé/sí níos mó ná €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
MyWelfare.ie – Seirbhís iarratais PPSN
Is é an bealach is éasca agus is tapa chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist é sin a dhéanamh ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana an t-am ar fad, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist, agus ráiteas nó taifead maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a lorg ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois, ar a laghad, agus a dteastaíonn Uimhir PPS uathu chun tairbhe a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil.
Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan dul chomh fada lena nIonad Intreo áitiúil. Seachas sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie..
Íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19
Inniu, tá íocaíocht Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fáil ag thart ar 1,389 duine, laghdú i gcomparáid le 1,558 an tseachtain seo caite.
Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a tholgann an víreas nó a bhfuil teastas dochtúra faighte acu óna ndochtúir féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe. Éagsúil leis an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den tinneas. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar líne trí www.MyWelfare.ie
Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú de réir earnála agus contae mar aon leis an bpróifíl aoise le fáil in Aguisín 9, 10 agus 11.
Camscéimeanna Teileafóin agus Camscéimeanna Téacsanna
Tarraingítear aird custaiméirí agus baill den phobal ar chamscéimeanna teileafóin agus téacsanna a d’fhéadfaidís a fháil ó dhaoine aonair a mhaíonn gur oifigigh de chuid na roinne iad. D’fhéadfadh go mbeadh uimhreacha éagsúla luaite leis na glaonna agus téacsanna seo, lena n-áirítear uimhreacha a bhfuil an chuma orthu gur uimhreacha de chuid na roinne iad. Ba mhaith leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí ar fad nach lorgóidh sí faisnéis phearsanta riamh ó chustaiméirí trí théacsteachtaireacht agus nach lorgóidh an roinn sonraí bainc custaiméirí tríd an teileafón riamh.
Iarrtar ar aon duine a fhaigheann glao nó téacs den chineál sin gan aon fhaisnéis a roinnt agus an eachtra a thuairisciú do na Gardaí láithreach.
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184