English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonraí maidir le híocaíochtaí a dámhadh d'Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 11 Bealtaine 2021

Faigheann os cionn 376,600 duine an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 an tseachtain seo, laghdú beagnach 8,500 ar an tseachtain seo caite

€111.5 milliún in íocaíochtaí seachtainiúla PUP le híoc isteach i gcuntais bhainc inniu

Dúnann os cionn 12,000 a gcuntas PUP chun filleadh ar an obair

1,564 duine ag fáil Sochar Breoiteachta Feabhsaithe faoi láthair

De réir mar a thosaíonn srianta ag maolú, ba chóir do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais ag obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie

Is féidir le fostóirí a bhfuil deacrachtaí acu baill foirne a athfhostú fógra a thabhairt don roinn ag C19employerreports@welfare.ie

Meabhraíodh don phobal faoi Ghlaonna Teileafóin agus Téacsanna calaoiseacha ó ghlaoiteoirí a mhaíonn gur ón Roinn Coimirce Sóisialaí iad

An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla ar luach €111.5 milliún do 376,665 duine a fuair an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP).

Is ionann é seo agus laghdú 8,546 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Tá na figiúirí a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 177,969 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí Aibreáin.

Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a eiseofar i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ag a nOifig Poist inniu, Dé Máirt an 11 Bealtaine.

Is é Baile Átha Cliath an contae leis an líon is mó daoine a bhfuil PUP á bhfáil acu an tseachtain seo ag 122,775. Ina dhiaidh sin tá Corcaigh (37,118) agus Gaillimh (20,567).

Is í an earnáil leis an líon is mó daoine a bhfuil an PUP á fáil aici ná Gníomhaíochtaí Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (98,124) agus Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (62,115) agus Tógáil (34,663) ina dhiaidh sin.

Is í an Tógáil an earnáil a raibh an méadú is lú ar líon na ndaoine a fuair PUP an tseachtain seo, le 2,774 níos lú daoine ag fáil na híocaíochta i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Daoine ag filleadh ar an obair

De réir mar a thosaíonn an tír ag bogadh amach as srianta Leibhéal 5, leanann an roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) a dhúnadh ar an dáta iarbhír a dtosaíonn siad ar ais ag obair, d’fhonn a chinntiú go ndéantar a n-éileamh a phróiseáil i gceart agus chun ró-íocaíocht a sheachaint a dhéanfaidh an roinn iarracht a aisghabháil.

Le seacht lá anuas dhún 12,245 duine a n-éileamh PUP ag rá go raibh siad ag déanamh amhlaidh toisc go bhfuil siad ag filleadh ar obair. Ba i mBaile Átha Cliath is mó a bhí an líon daoine a dhún a n-éilimh chun filleadh ar obair (3,300), le Corcaigh (1,269) agus Cill Dara (661) ina dhiaidh sin.

Is iad na hearnálacha is mó inar dhún fostaithe a n-Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime chun filleadh ar an obair ná Tógáil (2,295), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,794), agus earnáil gníomhaíochtaí na Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (1,422). Dhún thart ar 969 duine a n-éilimh go bhfillfidís ar obair san earnáil Gníomhaíochtaí seirbhíse Riaracháin agus Tacaíochta.

Is é an bealach is éasca le héileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar obair a bhfuil ceist aige maidir lena éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim tiomnaithe na Roinne 1890 800 024 idir 9am go 5pm Luan go hAoine.

Ag labhairt di inniu ar na figiúirí PUP is déanaí, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys:

“An tseachtain seo, ghlac an tír céim mhór chun tosaigh maidir le hathoscailt ár ngeilleagair agus ár sochaí.

“Níorbh fhéidir an cinneadh srianta a mhaolú a dhéanamh murach an obair chrua agus an diongbháilteacht a léirigh muintir na hÉireann.

“Mar thoradh ar athoscailt earnálacha ár ngeilleagair tá níos mó daoine ag dul ar ais ag obair.

“Tá 8,500 níos lú daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime inniu agus táthar ag súil go dtitfidh an líon sin níos mó sna seachtainí amach romhainn, de réir mar a athosclóidh tionscail mar mhiondíol agus fáilteachas.

“I gcásanna nach féidir le gnóthais eile athoscailt ar feadh tamaill, ba mhaith liom a chur ar a suaimhneas do na fostóirí agus na fostaithe sin go bhfanfaidh tacaíochtaí an rialtais ar fáil dóibh go dtí an 30 Meitheamh.

“Sna seachtainí amach romhainn, déanfaidh an rialtas cinntí ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh na tacaíochtaí airgeadais seo agus muid ag dul ar aghaidh trí chéim téarnaimh na paindéime seo.

“Ach caithfidm mé a bheith an-soiléir, ní chuirfear deireadh tobann leis ag deireadh mhí an Mheithimh. Glacfaidh an rialtas cur chuige aireach agus céimnithe, ag aithint go mbeidh sé níos moille roinnt earnálacha a athoscailt ná a chéile."

Dúirt an tAire:

“Tá dul chun cinn ollmhór á dhéanamh maidir le rolladh amach an chláir vacsaínithe náisiúnta.

“Gan dabht, tugann an dul chun cinn seo cúis dóchais dúinn go léir maidir leis na seachtainí agus na míonna amach romhainn.

“Ach caithfimid a bheith cúramach. Caithfimid leanúint de bheith ag cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí agus gníomhú go ciallmhar d’fhonn an víreas seo a chur faoi chois níos mó."

Bearta Rialaithe/Oibrithe a Athfhostú

Déanann an roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta ar gach éileamh PUP lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha sin a ghlanadh, déanann an roinn íocaíochtaí a phróiseáil bunaithe ar fhéin-dhearbhú na gcliant.

Ritheann an roinn seiceálacha iar-íocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú i gcoinne taifid Ioncaim, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina n-úsáidtear an cuntas Bainc céanna arís agus arís eile, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina dtuairiscíonn fostóir nó baill den phobal imní, agus anailísíocht sonraí a úsáid chun éilimh a aithint agus a sheiceáil. Déanann sí cigireachtaí ar fhostóirí freisin.

Is é Aonad Speisialta Imscrúdaithe na roinne a dhéanann an obair seo, a chuimsíonn níos mó ná 20 Garda ar iasacht don roinn.

De réir mar a athosclaíonn an tionscal beidh cigirí na roinne ag déanamh athbhreithnithe rialaithe agus ag meaitseáil taifid i gcoinne sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim chun a chinntiú go ndúnfaidh daoine a n-éileamh agus iad ag filleadh ar obair. Chun ró-íocaíocht a sheachaint ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo é a dhéanamh go héasca ag www.MyWelfare.ie.

Tugann an roinn dá haire na hábhair imní a cuireadh in iúl le cúpla lá anuas maidir le fostóirí a bhfuil deacrachtaí acu baill foirne a athfhostú. Léirigh taithí ó 2020 gur dhún thart ar 400,000 duine a n-éileamh PUP nuair a d'oscail an geilleagar go páirteach. Is fianaise shoiléir é seo go bhfuil formhór mór na ndaoine ag iarraidh dul i mbun fostaíochta agus go rachaidh siad ag obair, a luaithe a bheidh obair ar fáil dóibh.

Is féidir le haon fhostóir a bhfuil deacrachtaí aige foireann a athfhostú áfach fógra a thabhairt don roinn ag C19employerreports@welfare.ie agus leanfaimid leis na hoibrithe lena mbaineann.

Daoine féinfhostaithe agus PUP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) á fáil acu agus atá ag iarraidh a ngnó a chothabháil suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choinneáil.

Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad os cionn €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

MyWelfare.ie – seirbhís iarratais UPSP

Is é an bealach is éasca agus is tapa le hiarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime, an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus an Sochar Cuardaitheora Poist ná ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana ag am ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Leanaí, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist chomh maith le ráiteas nó taifead ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta a iarraidh ón roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus a bhfuil Uimhir PSP de dhíth orthu chun leas a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus faisnéis in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh gá le cuntas bunúsach MyGovID.

Ar mhaithe le comhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. ] Ina áit sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí www.MyWelfare.ie.

Íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19

Inniu, tá thart ar 1,564 duine ag fáil íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe, i gcomparáid le 1,642 an tseachtain seo caite.

Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a ndearnadh diagnóis orthu leis an víreas nó a ndúirt a ndochtúir leo féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe. Murab ionann agus an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ná trí www.MyWelfare.ie.

Tá sonraí iomlána maidir le Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise in Aguisíní 9, 10 agus 11.

Glaonna Teileafóin agus Téacsanna Caimiléireachta

Meabhraítear do chustaiméirí agus do bhaill an phobail faoi ghlaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs caimiléireachta a d’fhéadfadh siad a fháil ó dhaoine aonair a mhaíonn gur oifigeach de chuid na roinne iad. Taispeánann na glaonna agus na téacsanna seo raon uimhreacha, lena n-áirítear roinnt a bhféadfadh sé gur cosúil go bhfuil siad ó uimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaith leis an roinn a custaiméirí go léir a mheabhrú nach lorgóidh sí faisnéis phearsanta ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus ní iarrfaidh sí ar chustaiméirí riamh a gcuid sonraí bainc ar an bhfón.

Iarrtar ar aon duine a fhaigheann glao nó téacs den sórt sin gan aon fhaisnéis a nochtadh agus é a thuairisciú don Gharda Síochána láithreach.


Nótaí

Appendices - County Breakdowns and other details - 210511
Appendices - County Breakdowns and other details - 210511
Amharc amharc