English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonraí maidir le hÍocaíochtaí a Dámhadh d'Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - an 20 Aibreán 2021

Faigheann beagnach 421,000 Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 an tseachtain seo

€125.4 milliún in íocaíochtaí seachtainiúla PUP atá le híoc isteach i gcuntais bhainc inniu

Faigheann os cionn 90,000 íocaíocht i riaráiste

1,689 duine ag fáil Sochar Breoiteachta Feabhsaithe faoi láthair

Ba chóir do dhaoine atá ag filleadh ar obair a n-éileamh a dhúnadh ar a gcéad lá ar ais ag obair trí logáil isteach ar www.MyWelfare.ie

Tugtar rabhadh don phobal faoi ghlaoiteoirí calaoiseacha Fóin a mhaíonn gur ón Roinn Coimirce Sóisialaí iad

An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla ar luach €125.4 milliún do 420,773 duine a fuair an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP).

Tá na figiúirí a foilsíodh inniu sa bhreis ar an 183,096 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí an Mhárta.

Ar leithligh, gheobhaidh thart ar 90,346 duine íocaíocht PUP i riaráiste inniu arb ionann é agus os cionn €49 milliún san iomlán.

Níl PUP á fáil ag thart ar 30,000 díobh sin a thuilleadh agus beidh na híocaíochtaí i riaráiste á n-eisiúint chuig na hinstitiúidí airgeadais ainmnithe inniu. Dá réir sin, ba cheart d’aon duine a bhí ag súil le híocaíocht i riaráiste a chuntas bainc a sheiceáil nó seiceáil leis an oifig poist óna raibh a íocaíocht sheachtainiúil á bhailiú aige/aici.

Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a eiseofar i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ag a n-oifig poist inniu, Dé Máirt an 20 Aibreán.

Is é Baile Átha Cliath an contae leis an líon is mó daoine a bhfuil PUP á bhfáil acu an tseachtain seo ag 135,295. Ina dhiaidh sin tá Corcaigh (42,003) agus Gaillimh (22,733).

Is í an earnáil leis an líon is mó daoine a bhfuil an PUP á fáil aici ná Gníomhaíochtaí Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (103,271) agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (67,832) agus Tógáil (48,933) ina dhiaidh sin.

Is í an Tógáil an earnáil a raibh an méadú is lú ar líon na ndaoine a fuair PUP an tseachtain seo, le 1,236 níos lú daoine ag fáil na híocaíochta i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Tá 48% díobh siúd a fhaigheann PUP ag fáil an uasráta €350 an tseachtain seo.

Daoine ag filleadh ar an obair

Leanann an roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) a dhúnadh ar an dáta iarbhír a dtosaíonn siad ar ais ag obair, d’fhonn a chinntiú go ndéantar a n-éileamh a phróiseáil i gceart agus chun ró-íocaíocht a sheachaint a dhéanfaidh an roinn iarracht a aisghabháil.

Le seacht lá anuas dhún 18,827 duine a n-éilimh PUP, agus luaigh 16,793 díobh seo go raibh siad ag déanamh amhlaidh toisc go bhfuil siad ag filleadh ar obair. Ba i mBaile Átha Cliath a dhún an líon is mó daoine a n-éilimh ar fhilleadh ar obair (3,800), agus Corcaigh (2,102) agus Gaillimh (901) agus an Mhí (901) ina dhiaidh sin.

Is iad na hearnálacha is mó inar dhún fostaithe a n-Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime chun filleadh ar an obair ná Tógáil (6,173), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,737), agus earnáil gníomhaíochtaí na Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (1,489). Dhún thart ar 1,445 duine a n-éilimh go bhfillfidís ar obair san earnáil Déantúsaíochta agus dhún 755 a n-éilimh agus iad ag filleadh ar obair san earnáil Oideachais.

Is é an bealach is éasca le héileamh ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar obair a bhfuil ceist aige maidir lena éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Tacaíochta Ioncaim tiomnaithe na Roinne 1890 800 024 idir 9am go 5pm Luan go hAoine.

Ag labhairt di inniu ar na figiúirí PUP is déanaí, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys:

“Tá tionchar an-dearfach ag iarrachtaí mhuintir na hÉireann an víreas seo a chur faoi chois.

“Táimid ag feicéail arís an tseachtain seo laghdú i gcásanna COVID-19, i líon na ndaoine in ospidéil agus in iontrálacha ICU.

“Má leanaimid orainn ag déanamh dul chun cinn den chineál seo, beimid i riocht maith chun maolú breise a dhéanamh ar shrianta i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh. Déanfaidh an Chomh-Aireacht na cinntí seo a mheas go dlúth an tseachtain seo chugainn."

Daoine féinfhostaithe agus PUP

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) á fáil acu agus atá ag iarraidh a ngnó a chothabháil suas le €960 a thuilleamh thar thréimhse ocht seachtaine, agus a dteidlíocht iomlán PUP a choinneáil.

Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad os cionn €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.

MyWelfare.ie – seirbhís iarratais UPSP

Is é an bealach is éasca agus is tapa le hiarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime, an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe agus an Sochar Cuardaitheora Poist ná ar líne ag www.MyWelfare.ie. Is ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana ag am ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tá an rogha ag daoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Leanaí, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist chomh maith le ráiteas nó taifead ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta a iarraidh ón roinn.

Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus a bhfuil Uimhir PSP de dhíth orthu chun leas a bhaint as sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus faisnéis in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh gá le cuntas bunúsach MyGovID.

Glaonna Teileafóin agus Téacsanna Caimiléireachta

Meabhraítear do chustaiméirí agus do bhaill an phobail faoi ghlaonna teileafóin agus teachtaireachtaí téacs caimiléireachta a d’fhéadfadh siad a fháil ó dhaoine aonair a mhaíonn gur oifigeach de chuid na roinne iad. Taispeánann na glaonna agus na téacsanna seo raon uimhreacha.

Iarrtar ar aon duine a fhaigheann glao nó téacs den sórt é a thuairisciú don Gharda Síochána láithreach.

Bearta Rialaithe

Déanann an roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta ar gach éileamh PUP lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta leanúnacha. Faoi réir na seiceálacha sin a ghlanadh, déanann an roinn íocaíochtaí a phróiseáil bunaithe ar fhéin-dhearbhú na gcliant.

Ritheann an roinn seiceálacha iar-íocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú i gcoinne taifid Ioncaim, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina n-úsáidtear an cuntas bainc céanna arís agus arís eile, scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina dtuairiscíonn fostóir nó baill den phobal imní, agus anailísíocht sonraí a úsáid chun éilimh a aithint agus a sheiceáil. Déanann sí cigireachtaí ar fhostóirí freisin.

Is é Aonad Speisialta Imscrúdaithe na roinne a dhéanann an obair seo, a chuimsíonn níos mó ná 20 Garda ar iasacht don roinn.

Íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19

Inniu, tá thart ar 1,689 duine ag fáil íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe, i gcomparáid le 2,078 an tseachtain seo caite.

Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a ndearnadh diagnóis orthu leis an víreas nó a ndúirt a ndochtúir leo féin-aonrú iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe. Murab ionann agus an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapa agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ná trí www.MyWelfare.ie.

Tá sonraí iomlána maidir le Sochar Breoiteachta Feabhsaithe lena n-áirítear miondealú earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise in Aguisíní 9, 10 agus 11.

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil

Nótaí

Appendices - County Breakdowns and other details - 210420
Appendices - County Breakdowns and other details - 210420
Amharc amharc