Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ordú tosaithe shínithe ag an Aire Humphreys i gcomhair Shochar Pá-Choibhneasa le tosú ar an 31 Márta 2025

  • Gheobhaidh daoine a bhfuil stair láidir oibre acu suas le €450 sa tseachtain má chailleann siad a gcuid post
  • An tAire Humphreys: “Cuireann Sochar Pá-Choibhneasa líontán sábhála níos láidre ar fáil do na daoine a éiríonn go luath ar maidin, a oibríonn go crua agus a chuireann leis an gcóras”

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go dtiocfaidh an Scéim nua Sochar Pá-Choibhneasa i bhfeidhm ar an 31 Márta 2025.

Is ionann Sochar Pá-Choibhneasa agus athchóiriú suntasach ar an gcóras cosanta sóisialta agus cinnteoidh sé go bhfaighidh daoine a bhfuil stair láidir oibre acu íocaíocht níos airde má chailleann siad a gcuid post.

Tá an t-ordú tosaithe sínithe ag an Aire Humphreys a chuirfidh an córas nua i bhfeidhm ón 31 Márta.

Trí Shochar Pá-Choibhneasa a thabhairt isteach, beidh Éire ar aon dul le tíortha eile an AE agus rachaidh sé chun tairbhe do dhaoine a bhfuil ceangal láidir acu le margadh an tsaothair le déanaí.

Faoin gcóras nua, beidh trí ráta íocaíochta mar seo a leanas:

  • uasráta €450, nó 60 faoin gcéad de d’ioncam roimhe seo, do dhaoine a bhfuil ar a laghad cúig bliana de ranníocaíochtaí ÁSPC déanta acu. Íocfar an ráta €450 don chéad trí mhí;
  • an dara ráta d’uasmhéid €375, nó 55 faoin gcéad de d’ioncam roimhe sin. Íocfar é seo ar feadh na dtrí mhí ina dhiaidh sin;
  • an tríú ráta d’uasmhéid €300, nó 50 faoin gcéad de d’ioncam roimhe sin do na trí mhí dheireanacha.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá ríméad orm an t-ordú a shíniú, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh an Sochar Pá-Choibhneasa i bhfeidhm an 31st Márta 2025.

“De réir na n-athchóirithe móra seo, gheobhaidh daoine a bhfuil stair fhada oibre acu agus a chuidigh leis an gcóras trína ÁSPC sochair feabhsaithe má bhíonn siad sa staid uafásach sin ina gcaillfidís siad a bpost.

“Chonaiceamar cásanna san am atá thart inar féidir le cuideachtaí dúnadh agus inar féidir le hoibrithe aghaidh a thabhairt ar laghdú tobann mór ar a n-ioncam.

“Is éard atá i gceist le Sochar Pá-Choibhneasa líontán sábhála níos mó a chur ar fáil d’oibrithe agus iad a mhaolú ó thitim thobann ‘imeall aillte’ san ioncam.”

Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:

“I láthair na huaire, nuair a chailleann duine a d’oibrigh go dian le fiche bliain, a p(h)ost go tobann, faigheann sé/sí an ráta céanna íocaíochta dífhostaíochta is a fhaigheann duine nár oibrigh riamh.

“Ní mór dúinn luach saothair a thabhairt do na daoine a d’oibrigh go dian; na daoine a d’íoc a gcuid dleachtanna; agus na daoine a chuir leis an ngeilleagar trína ranníocaíochtaí ÁSPC. Sin an méid a bhainfear amach le Sochar Pá-Choibhneasa.

Beidh Sochar Pá-Choibhneasa ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go hiomlán.

Tá an scéim reatha um Shochar Cuardaitheora Poist á coinneáil do dhaoine nach bhfuil incháilithe don scéim nua toisc go bhfuil siad ag obair ar bhonn páirtaimseartha, ócáideach, gearr-ama nó séasúrach.

Tá an Roinn ag obair ar na hathruithe TFC agus ar na socruithe riaracháin theicniúil is gá chun go mbeidh Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist beo ón 31 Márta 2025.

Cuirfear tuilleadh sonraí faoin scéim agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag [link broken]

Nótaí:

I measc phríomhghnéithe na scéime nua Sochair Phá-Choibhneasa tá:

  • D’fhonn cáiliú don sochar, ní mór go mbeadh 104 ranníocaíocht fostaíochta ar a laghad ag an duine sa tréimhse ó thosaigh sé/sí ag íoc árachais, 4 ranníocaíocht fostaíochta ar a laghad sna 10 seachtaine díreach roimh an dáta a dhéantar an t-iarratas ar shochar; 26 ranníocaíocht fostaíochta ar a laghad sna 52 seachtain díreach roimh an gcéad seachtain dá bhfuil sochar á éileamh acu.
  • Beidh an ráta íocaíochta seachtainiúil do dhaoine a bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha 5 bliana ar a laghad íoctha acu ag 60% den tuilleamh roimhe sin, faoi réir uasmhéid de €450 don chéad 3 mhí.
  • Ina dhiaidh sin, laghdófar an ráta go 55% den tuilleamh, faoi réir uasmhéid de €375 do na 3 mhí tar éis sin.
  • Íocfar 3 mhí eile ar ráta 50%, suas go huasmhéid €300.
  • Do dhaoine a bhfuil ranníocaíochtaí íoctha acu idir 2 agus 5 bliana, socrófar an ráta ag 50% den tuilleamh roimhe sin faoi réir uasmhéid de €300 in aghaidh na seachtaine agus tréimhse 6 mhí.
  • Beidh an scéim ar fáil do dhaoine a bheidh dífhostaithe go hiomlán tar éis thús na scéime ar an 31 Márta 2025.