Osclóidh an tAire Humphreys Ionad nua Intreo i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin
- Foilsithe: 1 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2024
D’oscail an tAire Coimirce Sóisialaí, an TD Heather Humphreys, Ionad Intreo nua de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin go hoifigiúil inniu. Seo é an chéad Ionad Intreo i gCo Mhuineacháin.
Feidhmeoidh an áis Intreo mar ‘ionad ilfhreastail’ – ag tógáil ar na seirbhísí a bhí curtha ar fáil roimhe seo ag Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh i gCarraig Mhachaire Rois.
I measc na seirbhísí a bheidh ar fáil ón oifig nua beidh:
- Tacaíochtaí Cuardaitheora Poist agus Tacaíochtaí Ioncaim eile
- An tSeirbhís Leasa Pobail
- Seirbhísí Fostaíochta
- Cigirí Leasa Shóisialaigh
- Cúnamh agus treoir maidir le rochtain a fháil ar scéimeanna agus ar sheirbhísí na Roinne, lena n-áirítear a seirbhísí Digiteacha agus Ar Líne
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-lúcháir orm an chéad Ionad Intreo de chuid mo Roinne i gContae Mhuineacháin a oscailt go hoifigiúil anseo i gCarraig Mhachaire Rois.
“Bhí sé mar uaillmhian agam Intreo a thabhairt go Muineachán agus tá mé tar éis é sin a bhaint amach inniu. Léiríonn sé seo tiomantas thar ceann an Rialtais do sheirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar faoin tuath in Éirinn.
“Feidhmeoidh an oifig nua seo mar ‘ionad ilfhreastail’ – a chuirfidh seirbhís chuimsitheach ar fáil do theaghlaigh agus do shaoránaigh atá ina gcónaí sa phobal.”
Tá an tIonad Intreo nua suite ar Bhóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Machaire Rois, Carraig Mhachaire Rois. Tógann an t-ionad ar na seirbhísí atá curtha ar fáíl ag an mBrainse Leasa Shóisialaigh ar an mbaile. D’éirigh iarbhainisteoir na hOifige Brainse i gCarraig Mhachaire Rois, Francie Treanor as an tseirbhís an tseachtain seo caite tar éis 44 bliain a chaitheamh sa ról.
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Deirim i gcónaí gur mana simplí é an mana atá againn sa Roinn. ‘Táimid anseo chun cabhrú libh’.
“Cuirfidh an tIonad Intreo nua seo seirbhísí cuimsitheacha leasa shóisialaigh ar fáil do dhaonra iomlán an bhaile agus an chontae seo.
“Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do Francie Treanor, an t-iarbhainisteoir Oifige Brainse i gCarraig Mhachaire Rois a chuaigh ar scor an tseachtain seo caite tar éis dó 44 bliain de sheirbhís dhílis a thabhairt i mbun an róil seo.
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil freisin leis an bhfoireann san oifig agus iad a mholadh as an dúthracht leanúnach a léiríonn siad i mbun seirbhísí tábhachtacha a sholáthar do theaghlaigh i gCarraig Mhachaire Rois agus sna ceantair máguaird.”