English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Humphreys iarratais do Chlár Fostaíochta Nua le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas

  • Tá sé mar aidhm ag an gClár Nua ‘WorkAbility’ tacú le 5,000 duine faoi mhíchumas oideachas agus fostaíocht a fháil
  • Tacóidh an clár le heagraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá taithí acu bheith ag obair le daoine faoi mhíchumas

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, éileamh le haghaidh iarratais do chlár nua dírithe ar fhostaíocht le haghaidh dhaoine faoi mhíchumas inniu.

Beidh an clár, darb ainm “WorkAbility: Inclusive Pathways to Employment Programme”, ar siúl ó 2024 go 2028 agus tá buiséad iomlán suas go €36.29milliún acu.

Tá an clár dírithe ar thacú le daoine faoi mhíchumas atá 16+ mbliana d'aois post a fháil.

Tacóidh an clár WorkAbility le heagraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá taithí acu bheith ag obair le daoine faoi mhíchumas agus gur fhéidir leo conairí céimnitheachta isteach go dtí an oideachas, oiliúint agus fostaíocht (féinfhostaíocht san áireamh) a chur ar fáil do rannpháirtithe bunaithe ar a riachtanais, a gcumas agus a n-acmhainn.

Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm ag an gclár cur le cumas na bhfostóirí daoine faoi mhíchumas a earcú, a choinneáil agus a chur chun cinn laistigh dá lucht saothair.

Ag fógairt sonraí an chláir nua inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tuigimid go bhfuil sé níos deacra do dhaoine faoi mhíchumas post a fháil. Tá ceann de na rátaí fostaíochta is lú ag Éirinn do dhaoine faoi mhíchumas san AE. Ag am lánfhostaíochta sa tír seo, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh.

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, táim tiomanta tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas aon bhealach gur fhéidir liom – bíodh sé cabhrú leo uasoiliúint a dhéanamh nó na tacaíochtaí atá ag teastáil uathu chun a n-uaillmhian a bhaint amach a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann a ngnó nó fiontar sóisialta féin a bhunú.

“Táim tiomanta do chlár fostaíochta a chur i bhfeidhm atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas in 2024 agus tá ríméad orm sonraí an chláir seo a fhógairt inniu a bheidh comh-mhaoinithe ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus.

“Táim dírithe ar thacaíochtaí a fheabhsú agus a shíneadh amach chun cabhrú le níos mó daoine faoi mhíchumas fostaíocht a fháil agus fanacht sa mhargadh fostaíochta. Tá sé mar aidhm ag an gClár WorkAbility daoine faoi mhíchumas a thabhairt níos cóngaraí do shaol na hoibre chun cinntiú go mbaineann siad a n-uaillmhianta fostaíochta amach.”

Tá Pobal ag bainistiú an phróisis ar son na Roinne agus d'fhorbair siad tairseach chun uaslódáil foirmeacha iarratais do mhaoiniú a éascú faoin gclár seo.

Beidh iarrthóirí in ann an fhoirm iarratais agus treoirlínte a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Pobal ó inniu, Déardaoin 10ú Lúnasa 2023. Dúnfar an clár le haghaidh iarratais Déardaoin 7ú Meán Fómhair 2023. Tar éis sin, scrúdóidh Pobal na hiarratais agus cuirfear iarrthóirí rathúla ar an eolas faoi lár na Samhna.

Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Humphreys:

“Tuigim go mbeidh an maoiniú seo an-tábhachtach chun tacú le daoine faoi mhíchumas ar fud fad na tíre teacht ar dheiseanna fostaíochta go raibh sé i gcónaí ar intinn acu iad a bhaint amach.

“Bhí an obair a rinneadh faoin iar-Chlár Ability agus an Beart reatha atá maoinithe ag Cuntais Dhíomhaoine, atá i bhfeidhm ó 2021, nuálach agus tá difríocht ollmhór déanta aige ar shaolta na rannpháirtithe. Ba mhaith liom leanúint ar aghaidh leis an gcineál cláir seo ionas go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann leas a bhaint as na deiseanna atá ag teastáil uathu chun barr a gcumais a bhaint amach.

“Cuirfidh an clár nua go luachmhar leis na tacaíochtaí fostaíochta atá ann cheana féin do dhaoine faoi mhíchumas atá curtha ar fáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

“Sna seachtainí atá romhainn, tá sé ar intinn agam níos mó tionscnamh a fhógairt chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas post a fháil. Cuirfidh sé sin athruithe ollmhóra don Chiste um Shocrú Réasúnta san áireamh agus foilsiú dréachtmholtaí d'athrú íocaíochtaí míchumais in Éirinn freisin.

Notaí d'eagarthóirí:

Tá sé mar aidhm ag WorkAbility: Inclusive Pathways to Employment Programme Tacú le Fostaíocht Daoine faoi Mhíchumas faoin gciste nua, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSTE+) faoin gClár Fostaíochta, Cuimsithe, Scileanna agus Oiliúna 2021-2027 agus Rialtas na hÉireann, tríd an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus reáchtálfaidh Pobal é. Tá buiséad iomlán suas go €36.29 milliún ag an gclár agus beidh sé ar siúl ar feadh 5 bliana ó 2024 go 2028.

Cuirfidh an clár leis an iar-Chlár Ability - clár trí bliana a bhí ar siúl ó 2018-2020 agus a bhí comh-mhaoinithe ag an CSTE faoin gClár um Infhostaitheacht, Ionchuimsiú agus an Clár Oibríochta Foghlama. Chomh maith leis sin, cuirfidh an clár le foghlaim ó bheart fostaíochta a bhí dírithe go sonrach ar dhaoine faoi mhíchumas, maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, ag úsáid Ciste na gCuntas Díomhaoin. Tá an clár seo atá maoinithe ag Cuntais Dhíomhaoine i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2021.

Is í aidhm an chláir WorkAbility ná daoine faoi mhíchumas nach bhfuil réidh le dul ag obair a thabhairt níos giorra don mhargadh fostaíochta. Cuirfidh an clár deiseanna fostaíochta chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas atá sa mhargadh fostaíochta nó atá fada ón mhargadh fostaíochta. Cuirfidh an clár conairí céimnitheacha chun fostaíochta (féinfhostaíocht san áireamh) ar fáil do rannpháirtithe trí oideachas, oiliúint, forbairt scileanna agus tacaíochtaí san áit oibre. Tá sé mar aidhm ag an gClár tacú le suas go 5,000 duine faoi mhíchumas atá 16+ bliana d'aois. Beidh an clár ar siúl ar feadh 5 bliana ó mhí Eanáir 2024 agus críochnóidh sé i mí na Nollag 2028.

Beidh eagraíochtaí gur mhaith leo iarratas a chur isteach chun maoiniú a fháil faoin gClár WorkAbility in ann an fhoirm iarratais agus treoirlínte a íoslódáil ón suíomh gréasáin Pobal. Is é an dáta tosaithe don tairseach iarratais ná Déardaoin 10ú Lúnasa 2023. Beidh iarrthóirí in ann an fhoirm iarratais agus treoirlínte a íoslódáil ón suíomh gréasáin Pobal ó Dhéardaoin 10ú Lúnasa 2023 agus beidh siad in ann clárú agus a bhfoirm iarratais chomhlánaithe agus cáispéisí tacaíochta a uaslódáil ón dáta céanna. Dúnfar an clár le haghaidh iarratais Déardaoin 7ú Meán Fómhair 2023.

Cuspóirí an Chláir

  • Chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas, daoine óga san áireamh, atá fada ón margadh fostaíochta i láthair na huaire.
  • Chun cur le cumas na bhfostóirí daoine faoi mhíchumas a earcú, a choinneáil agus a chur chun cinn laistigh dá lucht saothair.
  • Chun comhpháirtíochtaí nua a éascú i measc páirtithe leasmhara (daoine faoi mhíchumas, seirbhísí míchumais, seirbhísí fostaíochta agus fostóirí), chomh maith le bealaí nua chun tacaíochtaí fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Pobal: Is eagraíocht sheachbhrabúsach idirmheánach é Pobal a bhainistíonn roinnt cláir mhaoinithe ar son Rialtas na hÉireann agus an AE.

Bainisteoidh Pobal an próiseas ar son na Roinne, íocaíocht, bainistíocht conartha, monatóireacht taispeántais, agus tacaíocht agus iniúchadh tairbhí san áireamh.