Ráiteas ón Aire Coveney agus ón Aire Humphreys maidir le fógra Mianaigh na Teamhrach
-
Ó: An Roinn Coimirce Sóisialai; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 28 Meitheamh 2023
Tá sé ráite ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD, agus ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfuil tacaíochtaí á gcur i bhfeidhm láithreach chun cabhrú le hoibrithe Mianaigh na Teamhrach.
Agus é ag freagairt d’fhógra na máthairchuideachta Boliden anocht, dúirt an tAire Coveney:
“Táimid ag caint le Mianaigh na Teamhrach le seachtainí beaga anuas agus bhí mé le bualadh le bainisteoirí sinsearacha Éireannacha an tseachtain seo chugainn. Bhain cinneadh an bhoird anocht sa tSualainn suaitheadh asainn, agus tá mé ag smaoineamh ar na hoibrithe ar fad atá i gceist. Dúirt an comhlacht liom anocht go bhfuil an bord cinnte gur dúnadh sealadach é seo.
“Seolfaidh mo Roinn gníomhaireachtaí Stáit láithreach chun cabhrú le hoibrithe, go háirithe printísigh atá i lár a gcuid oiliúna. Dúirt Fiontraíocht Éireann liom gur féidir foireann a bheith acu ansin Dé Céadaoin.
“Idir an dá linn leanfaidh an Rialtas ag plé le bainistíocht na hÉireann agus leis an máthairchuideachta chun iarracht a dhéanamh an dúnadh seo a aisiompú.”
Dheimhnigh an tAire Humphreys anocht go bhfuil foireann thiomanta ón Roinn Coimirce Sóisialaí á cur i bhfeidhm chun tacaíochtaí a chur ar fáil do na hoibrithe atá buailte agus dá dteaghlaigh.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Táim ag smaoineadh anocht ar na hoibrithe agus a dteaghlaigh atá ag déileáil leis an scéal thar a bheith deacair seo.
“Tá mo Roinn Coimirce Sóisialaí ar fuireachas chun cabhrú cibé bealach is féidir linn.
“Tá foireann thiomanta á cur i bhfeidhm agus beidh sí amuigh ar an talamh leis an gcomhlacht chun faisnéis a sholáthar ar thacaí ioncaim, teidlíochtaí iomarcaíochta agus tacaíochtaí fostaíochta dá bhfostaithe atá buailte.”