Ráiteas ón Aire Dara Calleary maidir leis na hiomarcaíochtaí atá beartaithe ag TikTok
- Foilsithe: 7 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2025
Tá freagra tugtha inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, ar an bhfógra iomarcaíochta is déanaí ó TikTok Ltd.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tar éis an fógra is déanaí ó Tik Tok, is eol dom go maith gur tréimhse í seo a bhfuil móréiginnteacht ag baint léi do na fostaithe lena mbaineann sí agus dá dteaghlaigh. Is í an chéad tosaíocht atá agamsa agus ag m’oifigigh sa Roinn Coimirce Sóisialaí ná a chinntiú go bhfaighidh na fostaithe sin a mbeidh tionchar ag an méid seo orthu rochtain ar gach tacaíocht riachtanach láithreach bonn.
“Bhí teagmháil ag mo Roinn leis an gcomhlacht cheana féin chun eolas a chur ar fáil faoi na tacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta ar fad atá ar fáil chun cabhrú leis na fostaithe seo sna míonna amach romhainn.
“Tá foireann ón Roinn ar fáil chun bualadh leis an bhfórsa oibre chun rochtain thapa ar thacaíochtaí ioncaim a chinntiú agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh chun fostaíocht eile a fháil, nó chun teacht ar roghanna oideachais, oiliúna agus forbartha ábhartha.
“Nuair a aistríonn duine chuig íocaíocht cuardaitheora poist, lena n-áirítear ón 31 Márta go dtí an Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa nua, oibríonn mo Roinn leis na daoine ag díriú ar a bhfuil de dhíth orthu chun cabhrú leo filleadh ar an bhfórsa oibre. Tagann an tacaíocht aonair seo i leaganacha éagsúla lena n-áirítear raon de chláir fostaíochta agus scéimeanna atá ar fáil nuair a fhilleann duine ar fhostaíocht, ar oideachas lánaimseartha nó páirtaimseartha nó ar mian leo a ngnó féin a chur ar bun.
“Ba cheart d’aon duine a bhfuil éifeacht ag seo orthu a thabhairt faoi deara gurb é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist ná ar líne ag MyWelfare.ie, a sholáthraíonn rochtain shábháilte agus áisiúil ar líne ar sheirbhísí leasa shóisialaigh.”