English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rabhadh tugtha ag an Roinn Coimirce Sóisialaí do dhaoine maidir le Camscéimeanna Teileafóin

Tá scéala faighte ag an Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuil glaonna teileafóin faighte ag baill den phobal ar a dteileafóin phóca ó dhuine éigin atá ag ligean air gur oifigeach ainmnithe de chuid na Roinne é.

Cuirtear in iúl do bhaill den phobal go bhfuil a n-uimhir PPS i mbaol agus iarrtar orthu na sonraí seo a leanas a sholáthar nó a fhíorú - ainm, uimhir PPS agus i gcásanna áirithe, sonraí Cuntais Bainc.

Is camscéim chliste atá ann. Molaimid dár gcustaiméirí gan labhairt lena leithéid sin de ghlaoiteoirí, gan glaoch ar ais ar na huimhreacha seo agus gan eolas pearsanta a roinnt leis na glaoiteoirí seo. Má tá amhras ar dhuine ar bith, ba cheart dóibh nóta a dhéanamh d’ainm an ghlaoiteora agus glaoch ar uimhir líne chabhrach na Roinne 1890 800 024 (idir 9am agus 5pm, Luan go hAoine).

Ar an gcuma chéanna, meabhraítear do dhaoine a bhfuil iarratais leasa shóisialaigh á mbainistiú ar líne acu a chinntiú go bhfuil suíomhanna gréasáin oifigiúla na Roinne in úsáid acu.

Is mian leis an Roinn a shoiléiriú nach mbíonn sonraí maidir le cuntas Bainc nó institiúid Airgeadais ar bith eile á lorg RIAMH ó chustaiméirí ar an teileafón nó trí SMS.

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil