English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rabhadh tugtha ag an Roinn Coimirce Sóisialaí don phobal maidir leis na camscéimeanna cliste Teileafóin agus Téacs is déanaí

Is mian leis an Roinn Coimirce Sóisialaí aird daoine a tharraingt ar chamscéimeanna teileafóin agus camscéimeanna téacsteachtaireachtaí atá á seoladh chuig fóin phóca.

Tá nasc le fáil i dtéacsteachtaireachtaí na gcamscéimeanna is déanaí agus cuirtear in iúl don fhaighteoir gur féidir leis/léi íocaíocht €350 a éileamh trí chliceáil ar an nasc. Tá na calaoiseoirí ag súil go mbeidh daoine áirithe sásta cliceáil ar an nasc agus faisnéis rúnda leasa shóisialaigh a roinnt leo.

Ná cliceáil ar naisc agus ná freagair naisc a bhfuil cuma amhrasach orthu.

Chomh maith leis sin, tá glaonna camscéimeanna teileafóin fós á ndéanamh agus tá na glaoiteoirí ag cur in iúl gur oifigigh de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí iad agus d’fhéadfadh an chuma a bheith ar an scéal go bhfuil na glaonna seo ag teacht ó uimhreacha éagsúla, uimhir líne chabhrach na Roinne, 1890 800 024, ina measc.

I láthair na huaire, níl an Roinn ag déanamh teagmhála le custaiméirí nó le baill den phobal trí uimhir a líne chabhrach. Tá an uimhir seo ar fáil do chustaiméirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn chun cúnamh a fháil. Ná freagair na glaonna seo agus ná roinn aon fhaisnéis phearsanta leis na glaoiteoirí.

Má tá glaoch den chineál seo faighte agat ón uimhir seo déan teagmháil leis na Gardaí láithreach.

Ní lorgóidh foireann na Roinne Coimirce Sóisialaí do shonraí Bainc uait riamh más gá dóibh glao teileafóin a chur ort.

Is camscéimeanna cliste iad seo. Molaimid dár gcustaiméirí a bheith fíorchúramach má fhaigheann siad glao teileafóin nó téacsteachtaireacht agus a chinntiú go bhfuil úsáid á baint acu as suíomhanna gréasáin oifigiúla na Roinne.

Críoch