English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Reachtaíocht chun Córas Clárúcháin Sibhialta na hÉireann a athchóiriú achtaithe

  • Leasuithe nua chun cur ar chumas teaghlach breitheanna agus básanna a chlárú ar líne den chéad uair
  • Athruithe chun tacú le teaghlaigh atá buailte le bás leanbh marbh-bheirthe
  • Teastas Báis Eatramhach chun tacú le teaghlaigh nuair nach bhfuil Coiste Cróinéara tugtha chun críche

Tá Heather Humphreys TD, an tAire Coimirce Sóisialta, agus Joe O’Brien TD, an tAire Stáit, tar éis a fhógairt inniu go bhfuil an Bille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach), 2024 sínithe isteach sa dlí ag an Uachtarán.

Faoin mBille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach), 2024 déanfar éascaíoth ar theaghlaigh breith nó bás duine mhuinteartha a chlárú ar líne den chéad uair.

Mar gheall ar na leasuithe sin, féadfar teastas báis eatramhach a eisiúint do theaghlaigh i gcásanna nach bhfuil Coiste Cróinéara tugtha chun críche.

Agus tar éis dul i gcomhairle le tuismitheoirí agus le grúpaí abhcóideachta, tabharfaidh an tAire Humphreys isteach athruithe chun tacú le teaghlaigh a raibh marbh-bhreith acu.

Tá na hathruithe seo ceaptha chun teacht ar Chlár na Marbh-Bhreitheanna a mhéadú agus ag an am céanna meas a léiriú ar phríobháideachas teaghlach agus daoine muinteartha.

Cruthófar Taifead Marbh-Bhreitheanna roghnach poiblí, a bheidh ar fáil go poiblí, ar mhaithe leo siúd ar main leo leas a bhaint as.

Beidh na hathruithe seo ar fáil go cúlghabhálach i gcásanna a raibh teaghlaigh buailte le marbh-bhreith san am atá caite.

Agus í ag cuir fáilte roimh thabhairt isteach an Bhille, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá áthas an domhain orm go bhfuil an reachtaíocht fíorthábhachtach achtaithe anois.

“Is é an fheidhm atá leis na leasuithe seo ná tuilleadh solúbthachta a thabhairt do dhaoine agus imeachtaí móra saoil á gclárú acu, agus tá siad ceaptha ionas go mbeidh Éire ar aon chéim leis na cleachtais atá i bhfeidhm i dtíortha eile.

“Ceann de na réimsí a bhfuil go leor machnamh déanta againn orthu, ná conas is féidir linn tacú le teaghlaigh, atá thíos leis an mbriseadh uafásach is leanbh marbh-bhreithe ann agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na tuismitheoirí agus leis na grúpaí abhcóideachta as obair i gcomhar linn maidir leis na hathchóirithe seo. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Féileacáin as a gcuid idirghníomhachta liom maidir leis an mBille seo.

“Is deas liom a fhógairt go bhfuil an critéir maidir le leanbh marbh-bhreithe le laghdú, le teacht leis an dul chun cinn atá déanta ar chúram cliniciúil agus déanfar leathnú ar an teacht ar Chlár na Marbh-Bhreitheanna agus déanfar Taifead Marbh-Bhreitheanna roghnach poiblí a bhunú chomh maith

Ag trácht dó ar an mBille inniu chomh maith, dúirt Joe O’Brien, an tAire Stáit:

“Cinnteoidh an dlí seo, chomh luath is a shíneofar é, go meadh teacht ag daoine ar an bpróiseas clárúcháin, daoine atá ag dul i ngleic le himeachtaí móra saoil, amhail breith leanbh nó daoine a bhfuil orthu dul i ngleic leis an bpróiseas clárúcháin báis. Ar deireadh thiar thall, glacann an Bille seo le dul chun cinn na teicneolaíochta chun an teacht ar na himeachtaí saoil nach mór dúinn ar fad dul i ngleic leo, agus an déileáil atá le déanamh leo, níos éasca ná mar a bhí.”

Ceann de phríomhghnéithe an Bhille is ea éascaíocht a dhéanamh ar chlárúcháin ar líne maidir le breitheanna, marbh-bhreitheanna agus básanna agus foráil a dhéanamh maidir le fógra leictreonach ar gach bás sa Stát. An próiseas reatha ina ndéantar clárúcháin ar bhreitheanna agus ar bhásanna ar an láthair go pearsanta, fanfaidh sé sin i bhfeidhm dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as.

Sa chóras nua ar líne, a bheidh ar fáil le haghaidh breitheanna i mí Lúnasa agus le haghaidh básanna dáta éigin níos déanaí amach anseo, bainfear leas as an teicneolaíocht chun próiseas clárúcháin shibhialta níos solúbtha a chur ar fáil, agus rachaidh sé chun tairbhe do thuismitheoirí a bhfuil leanaí nuabheirthe acu, daoine a mbeadh sé níos áisiúlar orthu leas a bhaint as seirbhís ar líne chun a breith a linbh a chlárú, seans.

Beidh an tseirbhís tar éis roinnt oibre forbartha, ar fáil do neasghaol an té atá básaithe chomh maith, chun bás a chlárú ar líne.

Beidh an tseirbhís nua clárúcháin ar líne ar fáil do dhaoine a bhfuil aitheantas SAFE fíordheimhnithe (i bhfoirm Cárta Seirbhísí Poiblí arna eisiúint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí) agus cuntas MyGovID fíoraithe acu agus oibreoidh sí i gcomhar leis an tseirbhís clárúcháin shibhialta phearsanta atá á cur ar fáil ag FSS.

I láthair na huaire, maidir le básanna sa Stát, cuirtear an neasghaol ar an eolas de láimh, a bhfuil tréimhse suas le trí mhí acu ansin, an bás a chlárú. Mura ndéantar an bás a chlárú, níl aon fhógra oifigiúil ar fáil don Stát go bhfuil an duine tar éis bas a fháil.

De réir fhorálacha an Bhille, fógrófar na básanna go leictreonach d'Oifig an Ard-Chláraitheora, taobh istigh de 5 lá oibre tar éis dhta an bháis agus cuirfear an neasghaol ar an eolas ansin, maidir lena dualgais an bás a chlárú taobh istigh de 28 lá agus leas a bhaint as an tseirbhís phearsanta reatha nó an tsaoráid nua ar líne nuair atá sí forbartha. Cinnteoidh sé seo go ndéanfar eolas faoi bhásanna a bhailiú go cruinn agus go tráthúil.

Beidh teaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo tar éis bás a fháil in ann teastas báis a fháil a dheimhníonn bás an duine sin chun críocha gnóthaí duine chaillte a riar i gcásanna ina bhfuil an bás faoi réir imscrúdaithe nó fiosrúcháin leanúnaigh ag cróinéir.

Laghdófar na critéir do leanbh marbh-bheirthe chun dul chun cinn i gcúram cliniciúil a léiriú agus leathnófar an teacht ar Chlár na Marbh-Bhreitheanna.

Nótaí:

Leis an mBille forálfar an méid seo a leanas:

  • Breitheanna agus básanna a chlárú ar líne.
  • Fógra leictreonach ar bhásanna don Stát.
  • Teastas báis eatramhach a eisiúint nuair a chuirtear bás faoi bhráid Cróinéara agus nuair nach bhfuil an Coiste Cróinéara curtha i gcrích acu go fóill.
  • Ligean do chróinéir bás a tharchur ar ais go hospidéal nó liachleachtóir nuair atá an Cróinéir sásta nach bhfuil aon iniúchadh de dhíth.
  • Nuashonrú ar an gcritéir maidir le marbh-bhreith chun dul chun cinn i gcúram chliniciúil agus inmharthanacht féatais agus cruthú Clár Marbh-Bhreitheanna roghnach a bhfuil teacht ag an bpobal air, agus teacht níos fearr ar Chlárúchán Marbh-Bhreitheanna ag baill teaghlaigh.
  • Nuashonrú ar thagairtí reatha san Acht um Chlárú Sibhialta, 2004 maidir le ceartúcháin, cealuithe, leasuithe, cionta, pionóis agus faisnéis atá de dhíth chun imeacht saoil a chlárú, chun freastail ar chlárúcháin breithe, básanna, agus marbh-bhreitheanna cruthaithe ar líne, agus athrú chun an OAC a éascú treoir a chuir ar fáil ar cheisteanna clárúcháin do gach ball foirne clárúcháin sibhialta.
  • An roinnt faisnéise idir an tAire Sláinte agus an tArd-Chláraitheoir maidir le breith leanaí deontóirghinte mar atá leagtha san Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015.
  • Leasú teicniúil ar Chuid 6 den Acht um Chlárú Sibhialta (Leasú) 2004, atá de dhíth chun tosú forálacha a bhaineann le clárúchán éigeantach ainmneacha aithreacha ar theastais bhreithe, a éascú.
  • Leasú teicniúil ar Chuid 51 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, a bhaineann le cáilitheacht ar Shochar Máithreachais, a thiocfaidh in ionad an tsainmhíniúcháin ar mharbh-bhreith, le tagairt do shainmhíniúchán ar mharbh-bhreith san Acht um Chlárú Sibhialta, 2004.