Reachtaíocht Stairiúil um Chlárú Uathoibríoch arna rith ag an Dáil
- Foilsithe: 4 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Iúil 2024
- Cuirfear an Bille faoi bhráid an Uachtaráin anois lena achtú
- Tata Consultancy Services (TCS) ainmnithe mar an tairgeoir tosaíochta chun córas an AE a bhainistiú tar éis soláthar poiblí
- Thart ar 800,000 oibrí atá le clárú in 2025
Rith dhá Theach an Oireachtais an Bille um an gCóras Coigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch 2024 agus seolfar anois é chuig an Uachtarán lena achtú.
Foráiltear leis an mBille do scéim nua coigiltis scoir d'oibrithe nach bhfuil ina gcomhaltaí de scéim pinsin cheana féin. Tá sé mar aidhm leis, cumhdach pinsin agus leordhóthanacht fhoriomlán na bpinsean a mhéadú in Éirinn. Is í Éire an t-aon tír ECFE nach bhfuil córas Cláraithe Uathoibríoch nó córas atá comhchosúil leis, i bhfeidhm aici go fóill mar bhealach chun coigilteas pinsin a chur chun cinn.
Bunaítear leis an mBille freisin comhlacht poiblí neamhspleách, an tÚdarás Náisiúnta um Choigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch, chun an córas a riar agus comhlíonadh a chinntiú, faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Roghnaíodh Tata Consultancy Services (TCS), príomheagraíocht domhanda, seirbhíse TF, comhairliúcháin, agus eagraíocht réiteach gnó, mar an tairgeoir tosaíochta, chun an riarachán seo a sholáthar mar sheirbhís bhainistithe.
Déanfaidh an tÚdarás rannpháirtithe a shainaithint agus a chlárú, déanfaidh sé ranníocaíochtaí a bhailiú agus a chomhthiomsú, socróidh sé go ndéanfar ranníocaíochtaí a infheistiú, déanfaidh sé cuntais rannpháirtithe a bhainistiú, lena n-áirítear roghanna an diúltaithe, fiontraíochtaí agus roghanna rannpháirtithe, agus éascóidh sé íocaíocht coigiltis tráth an scoir. Ciallóidh sé seo nach mbeidh ach fíorbheagán oibre riaracháin ag fostóirí maidir le Clárú Uathoibríoch.
Tá TCS ina sholáthraí riaracháin pinsean do NEST sa Ríocht Aontaithe ó 2011 i leith. Cé go bhfuil dearadh éagsúil air, is ionann NEST (an tIontaobhas Náisiúnta Coigiltis Fostaíochta) agus an leagan céanna don Scéim um Chlárú Uathoibríoch atá ag Rialtas na Ríochta Aontaithe. Faoi láthair, freastalaíonn sé ar thart ar 13 milliún rannpháirtí.
Tá ionad seachadta domhanda ag TCS atá lonnaithe i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, a fhostaíonn beagnach 1,400 duine agus a sholáthraíonn seirbhísí éagsúla lena n-áirítear riarachán pinsin, cibearshlándáil, tacaíocht TF, agus seirbhís do chustaiméirí.
Agus í ag trácht ar rith an Bhille, dúirt an tAire Humphreys:
“Is beartas fíorchlaochlaitheach é clárú uathoibríoch agus is cúis bhróid dom é sin a bhaint amach d’Éirinn. Cinnteoidh sé go mbeidh fir agus mná atá ag obair go dian ar fud na tíre in ann airgead a shábháil dá dtodhchaí, le cabhair óna bhfostóirí agus ón Stát. Tá lúcháir orm go bhfuil an reachtaíocht stairiúil seo rite anois ag dhá Theach an Oireachtais agus táim ag tnúth lena achtú go luath.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Tá áthas orm freisin go bhfuil an próiseas soláthair curtha i gcrích againn chun seirbhís bhainistithe a aimsiú chun an Scéim um Choigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch a sholáthar agus a oibriú agus táim ag tnúth le dul i dteagmháil le TCS mar an tairgeoir tosaíochta le haghaidh na seirbhísí sin.”
Dúirt an tAire freisin:
“Rinneadh trácht ar Chlárú Uathoibríoch le blianta fada – anois tá sé ag tarlú faoi dheireadh thiar thall. Agus an dá gharsprioc mhóra seo curtha i gcrích, tá traein AE ag druidim go tapa lena ceann scríbe agus táimid ar an mbóthar ceart chun an tionscnamh suntasach seo a sheachadadh do mhuintir na hÉireann.”
Nótaí:
I measc príomhghnéithe na scéime tá: -
1) Feidhmiú De Réir a Chéile
- Clárófar go huathoibríoch gach fostaí nach bhfuil i scéim pinsin ceirde nó a coibhéis, idir 23 agus 60 bliain d'aois, agus a thuilleann os cionn €20,000 i ngach ceann dá bhfostaíochtaí.
- Agus na chéad rolluithe le tarlú in 2025, déanfar tabhairt isteach an Chláraithe Uathoibríoch a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse 10 mbliana, agus cuirfear tús le ranníocaíochtaí fostóirí agus fostaithe araon ag 1.5 %, agus tiocfaidh méadú 1.5 % orthu gach 3 bliana go dtí go sroichfidh siad 6 % faoi Bhliain 10 (2034) sa deireadh. Leis an dtabhairt isteach seasta seo, tabharfar am d'fhostóirí agus d'fhostaithe araon dul i dtaithí ar an gcóras nua.
2) Tacaíochtaí Coigiltis
- Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí meaitseála leis na ranníocaíochtaí sin a dhéanann fostaithe suas go €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid.
- Cuirfidh an Stát breisiú €1 ar fáil le ranníocaíochtaí freisin in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an fostaí, suas go dtí €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Tá sé seo sa bhreis ar an €3 a thabharfaidh an fostóir freisin.
- Ciallaíonn sé sin, i gcás gach €3 a shábhálann fostaí, go ranníocfaidh a bhfostóir agus an Stát €4 eile lena bpinsean – is é sin gach €3 a íocann fostaí, go méadóidh sé go huathoibríoch go €7 sula n-infheisteofar é.
- Dreasóidh na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit seo daoine chun fanacht sa chóras Cláraithe Uathoibríoch agus laghdóidh siad an costas ar dhaoine aonair as coigilt a dhéanamh le haghaidh scoir.
3) Rogha
- Beidh an córas deonach ach oibreoidh sé ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ‘rogha a bheith páirteach’.
- Clárófar fostaithe incháilithe go huathoibríoch/glacfar páirt iontu ach beidh sé de rogha acu, tar éis sé mhí, a bheith rannpháirteach iontu, rogha an diúltaithe a dhéanamh nó rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
- Beidh raon de cheithre straitéis coigiltis scoir ag fostaithe le roghnú astu.
- Beidh próifílí riosca/fillte difriúla ag an trí straitéis. Ina theannta sin, soláthrófar straitéis réamhshocraithe bunaithe ar phróifíl infheistíochta ‘stíl mhaireachtála’/‘saolré’ mar a thugtar uirthi.
- Déanfar daoine nach gcuireann rogha in iúl d'aon straitéis a chlárú sa straitéis réamhshocraithe.
4) Simplíocht
- Ní mór costais agus ualaí riaracháin a choinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon trí ‘NAERSA’ a bhunú chun an córas a riar.
- Ní bheidh ar fhostóirí infheistíocht a dhéanamh i mbunú nó i soláthar scéime gairme dá ngnó féin. Ní bheidh orthu ach asbhaintí párolla a éascú.
- Rud atá tábhachtach, ná, nach mbeidh ar dhaoine a bhogann idir poist, scéimeanna pinsin a athrú nó páirt a ghlacadh i scéim nua. Leanfaidh siad de bheith ina gcomhaltaí den scéim um Chlárú Uathoibríoch ar bhonn ‘pota tar éis an chomhalta’. Ina theannta sin, déanfar a gcoigilteas pinsin a chomhdhlúthú in aon ‘phota pinsin’ AE amháin do dhaoine a bhfuil níos mó ná fostaíocht amháin acu.
- Soláthrófar seirbhísí agus tacófar leo trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid ina bhfeicfidh na rannpháirtithe a gcuid cistí coigiltis ag fás go tapa agus go substaintiúil.