Ritheadh reachtaíocht shuntasach ag an Oireachtas chun Sochar Pá-Choibhneasa a thabhairt isteach in Éirinn
- Foilsithe: 9 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cinnteoidh athchóiriú mór go bhfaighidh daoine a bhfuil stair láidir oibre acu, leibhéal níos airde íocaíochta má chailleann siad a bpost
- Críochnaíonn an Bille an pasáiste tríd an Oireachtas agus seoltar chuig an Uachtarán é lena achtú
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go bhfuil an Bille Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2024 rite ag dhá Theach an Oireachtais agus go gcuirfear faoi bhráid an Uachtaráin anois é lena shíniú.
Foráiltear leis an mBille córas nua Sochar Pá-Choibhneasa in Éirinn a chinnteoidh go bhfaighidh daoine a bhfuil stair láidir oibre acu sochair fheabhsaithe má chailleann siad a bhfostaíocht.
Cinnteoidh an Sochar Pá-Choibhneasa go mbeidh Éire ar aon dul le tíortha eile san Aontas Eorpach agus léiríonn sí leasú bunúsach ar an gCóras Leasa Shóisialaigh.
Beidh an Sochar Pá-Choibhneasa nua ar fáil do dhaoine nua dífhostaithe a bhfuil rannpháirtíocht láidir acu le déanaí i margadh an tsaothair, agus atá ar fáil le haghaidh fostaíochta agus atá ag lorg fostaíochta i ndáiríre.
Tabharfaidh an tAire ordú um thosach feidhme chun Sochar Pá-Choibhneasa a thabhairt isteach níos déanaí i mbliana a luaithe a bheidh na córais TF riachtanacha forbartha.
Agus í ag trácht ar rith an Bhille, dúirt an tAire Humphreys:
“I láthair na huaire, nuair a chailleann duine a d’oibrigh go dian le fiche bliain, a p(h)ost go tobann, faigheann sé/sí an ráta céanna íocaíochta dífhostaíochta is a fhaigheann duine nár oibrigh riamh. Níl sé sin cothrom.
“Ní mór dúinn luach saothair a thabhairt do na daoine a d’oibrigh go crua; na daoine a d’íoc a gcuid dleachtanna; agus na daoine a chuir leis an ngeilleagar trína ranníocaíochtaí ÁSPC. Sin atá i gceist le Sochar Pá-Choibhneasa.
“Is éard atá i gceist leis seo ná tacú le hoibrithe a chailleann a bhfostaíocht trína chinntiú nach n fhulaingíonn siad laghdú géar san ioncam.
“Is é fírinne an scéil go ndéanann daoine ceangaltais airgeadais atá ar cóimhéid lena n-ioncam. Nuair a bhí mé ag obair in earnáil na gComhar Creidmheasa, chonaic mé go pearsanta é; daoine a raibh poist mhaithe acu, a d’oibrigh go crua, agus ansin go tobann nuair a chaill siad a bpost, bhí laghdú géar ar a n-ioncam agus ní raibh siad in ann an íocaíocht morgáiste a íoc. Chuir sé teaghlaigh faoi strus ollmhór. Baineann Sochar Pá-Choibhneasa le heangach shábhála a thabhairt do na daoine sin.
“Táim an-sásta go bhfuil an reachtaíocht shuntasach seo tar éis dul thar gach céim den Oireachtas. Cuirfear an Bille chuig an Uachtarán Ó hUiginn anois lena shíniú.”
Forálann an Bille freisin d’athruithe ar an ráta ÁSPC ó 2024 go 2028. De réir an Treochláir ÁSPC atá aontaithe ag an Rialtas cheana féin, beidh méaduithe incriminteacha i ngach cineál ÁSPC (fostóir, fostaí agus féinfhostaithe) sna blianta atá le teacht.
Cabhróidh na méaduithe seo le dul i ngleic leis na dúshláin inbhuanaitheachta fadtéarmacha atá roimh an gCiste Árachais Shóisialaigh agus tacóidh siad le haois an Phinsin Stáit a choinneáil ag 66 bliana d’aois.
Méadóidh gach aicme ÁSPC 0.1 pointe céatadáin ón 1 Deireadh Fómhair 2024, agus 0.1 pointe céatadáin eile ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2025, ag ardú de réir a chéile go 0.2 pointe céatadáin i mí Dheireadh Fómhair 2028.
Oibríonn méadú 0.1 pointe céatadáin amach ag thart ar 90 cent in aghaidh na seachtaine d’fhostaí ar mheántuilleamh. Is méid comhchosúil é d’fhostóirí.
Nótaí:
I measc phríomhghnéithe na scéime nua Sochair Phá-Choibhneasa tá:
- Beidh an ráta íocaíochta seachtainiúil do dhaoine a bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha 5 bliana ar a laghad íoctha acu ag 60% den tuilleamh roimhe sin, faoi réir uasmhéid de €450 don chéad 3 mhí.
- Ina dhiaidh sin, laghdófar an ráta go 55% den tuilleamh, faoi réir uasmhéid de €375 do na 3 mhí tar éis sin.
- Íocfar 3 mhí eile ar ráta 50%, suas go huasmhéid €300.
- Do dhaoine a bhfuil ranníocaíochtaí íoctha acu idir 2 agus 5 bliana, socrófar an ráta ag 50% den tuilleamh roimhe sin faoi réir uasmhéid de €300 in aghaidh na seachtaine agus tréimhse 6 mhí.
- Beidh an scéim ar fáil do dhaoine a éiríonn go hiomlán dífhostaithe tar éis thús na scéime.
- Tabharfaidh an tAire ordú um thosach feidhme chun Sochar Pá-Choibhneasa a thabhairt isteach níos déanaí i mbliana a luaithe a bheidh na córais TF riachtanacha forbartha.
- Fanfaidh daoine a chailleann a bpost roimh an dáta sin i dteideal an tSochair Cuardaitheora Poist reatha.
De réir an Treochláir ÁSPC, a d’aontaigh an Rialtas i mí na Samhna seo caite, beidh clár d’arduithe incriminteacha i ngach aicme ÁSPC (fostóir, fostaithe agus féinfhostaithe) de 0.7 pointe céatadáin san iomlán thar na cúig bliana amach romhainn. Tacóidh na harduithe seo le hAois an Phinsin Stáit a choinneáil ag 66 bliana d’aois agus cabhróidh siad chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin inbhuanaitheachta fadtéarmacha atá roimh an gCiste Árachais Shóisialaigh agus foráil a dhéanamh do thabhairt isteach Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa.
Is iad seo a leanas na méaduithe, mar atá leagtha amach roimhe seo, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar 1 Deireadh Fómhair sna blianta ábhartha:
- 2024: 0.1 pointe céatadáin
- 2025: 0.1 pointe céatadáin
- 2026: 0.15 pointe céatadáin
- 2027: 0.15 pointe céatadáin
- 2028: 0.2 pointe céatadáin
Ardóidh an ranníocaíocht íosta do dhaoine féinfhostaithe agus do ranníocóirí deonacha (féinfhostaithe roimhe seo) faoi €150 go €650 ó 1 Deireadh Fómhair 2024 freisin.
Tionscnaíodh leasú ag Céim an Choiste den Bhille chun tairseach ÁSPC an fhostóra a mhéadú ó €441 go €496 le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2024. Cinnteoidh sé seo nach mbeidh ar fhostóirí a bhfuil fostaithe acu atá ag obair go lánaimseartha ar an íosphá náisiúnta an ráta níos airde de ÁSPC fostóra de 11.05% a íoc agus ina ionad sin íocfaidh siad an ráta níos ísle de 8.8%.