English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rochtain ar Fhorlíonadh Cíosa d’íospartaigh an fhoréigin baile le leanúint ar aghaidh go dtí deireadh 2021– an tAire Humphreys

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, gur féidir le híospartaigh an fhoréigin baile leanúint le rochtain a fháil ar Fhorlíonadh Cíosa ar atreorú ó Tusla nó ó sholáthraithe seirbhíse arna maoiniú ag Tusla go dtí deireadh 2021.

Bunaíodh an prótacal chun cabhrú le híospartaigh an fhoréigin baile idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Tusla anuraidh mar fhreagairt ar phaindéim Covid-19.

Cé go raibh sé le dul in éag an tseachtain seo, cheadaigh an tAire go leathnófaí an prótacal go dtí deireadh mhí na Nollag.

Dheimhnigh an tAire Humphreys, nuair a dhéantar iarratas, gur féidir Forlíonadh Cíosa a sholáthar ar feadh tréimhse tosaigh trí mhí agus nach bhfuil an ghnáth-thástáil acmhainne i bhfeidhm. Ní cheanglaítear ar an iarratasóir ach ranníocaíocht íosta a íoc i leith a chíosa, beag beann ar a acmhainn, don tréimhse seo.

Tar éis don chéad trí mhí a bheith caite, déantar foráil maidir le síneadh trí mhí eile ar Fhorlíonadh Cíosa le tástáil acmhainne.

Cuirtear tacaíocht chíosa ar fáil faoin bprótacal seo chun ligean d’íospartaigh an fhoréigin baile a ndeacrachtaí tithíochta láithreacha a réiteach, agus nuair is gá, teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil maidir le réiteach tithíochta níos fadtéarmaí.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Tá áthas orm infhaighteacht Fhorlíonadh Cíosa mo Roinne d’íospartaigh an fhoréigin baile a leathnú go dtí deireadh 2021.

“Bíonn ciúnas agus scanradh i gceist le foréigean baile do go leor daoine, go háirithe le linn shrianta Leibhéal 5 Covid-19. Ní féidir aon leithscéal a dhéanamh d'fhoréigean baile, is cuma cad iad na cúinsí.

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá rún daingean agam a chinntiú go dtacaíonn mo Roinn le híospartaigh an fhoréigin baile cóiríocht níos sábháilte a lorg agus tá áthas orm an prótacal atá i bhfeidhm againn a leathnú go dtí deireadh na bliana."

Nótaí d'Eagarthóirí

Tréimhse sé mhí ó Lúnasa 2020 a bhí i gceist leis an bprótacal tosaigh idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Tusla. Sa tréimhse ó Lúnasa 2020, d'atreoraigh soláthraithe seirbhíse an fhoréigin baile 49 íospartach an fhoréigin baile agus thacaigh an Roinn leo sin rochtain a fháil ar Fhorlíonadh Cíosa. I bhfianaise rath an tionscnaimh agus go bhfuil éifeachtaí na paindéime leanúnach, cheadaigh an tAire Humphreys síneadh ar na socruithe reatha go dtí deireadh na bliana seo.

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil