Rochtain níos leithne ar Chlár na Marbh-bhreitheanna le bheith ag teaghlaigh atá buailte le marbh-bhreitheanna
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2024
- Clár nua ar fáil anois do theaghlaigh ar mhian leo clárúchán mharbh-bhreith a linbh le cur ar fáil go poiblí
- Leanann an beart comhairliúchán idir an tAire Humphreys agus tuismitheoirí
- Chuir an grúpa tacaíochta Féileacáin fáilte chroíúil roimh an tionscnamh
Beidh rochtain níos leithne ar Chlár na Marbh-Bhreitheanna ag teaghlaigh atá buailte le marbh-bhreith, a dúirt an tAire Coimirce Sóisialta Humphreys.
Den chéad uair, ceadóidh an áis iontráil an linbh le cur ar fáil go poiblí i dTaifead nua na Marbh-bhreitheanna.
Leanann tabhairt isteach Chlár poiblí na Marbh-bhreitheanna sean-fheachtas a rinne tuismitheoirí agus eagraíochtaí abhcóideachta.
Beidh an Clár ag feidhmiú ar bhonn 'rogha a bheith páirteach' ionas go gcinnteoidh príobháideacht iomlán do theaghlaigh, a gcuid agus a gcairde a d'fhulaing an tráma uafásach sin.
Chruinnigh an tAire Humphreys le teaghlaigh a bhí buailte le marbh-bhreitheanna agus ar mhian leo go n-aithneofar clárúchán mharbh-bhreith a leanaí mar chuid de Chlár na Marbh-bhreitheanna.
Tá an t-athrú seo tagtha i bhfeidhm anois tar éis don Oireachtas an Bille um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach) 2024 a achtú.
Tá an Clár curtha i bhfeidhm an tseachtain seo.
Dúirt an tAire Humphreys gur mhaith léi a buíochas a ghabháil leis na teaghlaigh a bhí páirteach as a bheith ag obair léi agus lena Roinn chun na bearta seo a thabhairt isteach.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Dhírigh roinnt tuismitheoirí, le tacaíocht ón eagraíocht Féileacáin, m'aird ar an ngá le rochtain a bheith ag an bpobal ar Chlár na Marbh-bhreitheanna.
“Chuaigh an tráma a bhí á fhulaingt ag na teaghlaigh sin i bhfeidhm go mór orm – mar a chuaigh a misneach, a ndúthracht agus a ndiongbháilteacht.
“Bhí iarraidh shoiléir ag na tuismitheoirí ar bhuail mé leo. Is é sin le ceadú go mbeidh sonraí a bpáistí le bheith curtha ar fáil go poiblí do na glúine atá le teacht.
“Trí Thaifead Nua na Marbh-bhreitheanna a bhunú, tá aitheantas atá tuillte acu á thabhairt againn do na páistí agus dá dteaghlaigh.
“Tá mé sásta a rá go bhfuil Taifead na Marbh-bhreitheanna curtha i bhfeidhm anois.
“Tá sé bunaithe ar 'chur chuige um rogha a bheith páirteach' ionas gur féidir linn a dheimhniú go mbeidh meas againn ar phríobháideacht agus ar dhínit gach teaghlaigh.
“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh mo bhuíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí a throid go cróga ar son an athraithe thábhachtaigh seo inár ndlí.
“Agus mar fhocal scoir ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair déanta ag Féileacáin, eagraíocht ar oibrigh mo Roinn agus mé féin léi go dlúth le roinnt míonna anuas.”
Chuir Nina Doyle, máthair na leanaí Liam agus Grace agus urlabhraí thar ceann Féileacáin, fáilte roimh an bheart.
Dúirt Nina Doyle:
“Cuireann Féileacáin fearadh na fáilte roimh na hathruithe reachtaíochta nua a thug an tAire Humphreys isteach.
“Nuair a cuireadh Féileacáin ar bun in 2009 bhí sé ar cheann de na haidhmeanna a bhí againn Clár na Marbh-bhreitheanna a oscailt, mar sin tá bród mór orainn go dtugtar deis anois do thuismitheoirí atá faoi mhéala taifead a leanaí ionúin a dhéanamh poiblí más mian leo é sin a dhéanamh.
“Tá lúcháir orainn go dtugtar na hathruithe tábhachtacha sin isteach agus muid ag cur tús le Seachtain Chuimhneacháin um Chailleadh Linbh agus Toirchis.
“Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Aire Humphreys as an am agus as an deis a thabhairt dúinn lenár scéalta a roinnt in ainm gach tuismitheoir a bhfuair a leanbh bás agus in ainm a leanaí áille.”
Nótaí
Tar éis An tAcht um Chlárú Sibhialta (Clárú Leictreonach) 2024 a achtú laghdaíodh na critéir i leith leanbh marbh-bheirthe ó aois sa tréimhse iompair de 24 seachtaine go dtí 23 seachtaine, nó meáchan 400 gram orthu. Leagadh amach freisin critéar nua atá níos ísle maidir le cásanna ina raibh marbh-bhreitheanna iolracha mar thoradh ar an toircheas.
Tugadh na hathruithe sin isteach chun dul chun cinn i gcúram cliniciúil a léiriú agus tá siad bunaithe ar fhaisnéis atá cothrom le dáta a sholáthair an Roinn Sláinte.
Cuireadh Taifead na Marbh-bhreitheanna poiblí nua deonach ar bun freisin agus leis sin ligfear do thuismitheoirí a chinntiú go mbeidh rochtain ar eolas maidir le marbh-bhreith a linbh ag duine ar bith den phobal trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Ard-Chláraitheora.