English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh curtha leis an tSaoire Thuismitheora agus leis an Sochar Tuismitheora ón lá inniu

Inniu chuir an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman T.D. agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys T.D., síneadh leis na forálacha a bhaineann le saoire theaghlaigh faoi Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha 2021, rud a chiallaíonn gur féidir le tuismitheoirí tairbhe a bhaint as trí seachtaine bhreise de Shaoire Thuismitheora agus de Shochar Tuismitheora anois.

Áirítear i measc na bhforálacha nua atá ar fáil anois faoi Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha 2021:

  • Tá trí seachtaine bhreise de Shaoire Thuismitheora agus de Shochar Tuismitheora ar fáil anois do gach tuismitheoir de leanbh a rugadh nó a uchtaíodh ar nó i ndiaidh an 1 Samhain 2019 (rud a chiallaíonn go bhfuil cúig seachtaine ar fad i gceist anois);
  • Tá síneadh á chur leis an tréimhse inar féidir an tsaoire agus an sochar a thógáil ionas gur féidir le tuismitheoirí an tréimhse saoire a thógáil agus tairbhe a bhaint as an sochar suas le dhá bhliain i ndiaidh bhreith nó uchtú an linbh;
  • Tá síneadh á chur le tréimhse na Saoire agus an tSochair Uchtála ionas gur féidir le lánúineacha comhghnéis fireanna tairbhe a bhaint as; agus
  • Anois is féidir le lánúineacha uchtála rogha a dhéanamh maidir le cé acu a bhainfidh tairbhe as Saoire Uchtála, agus beidh deis ag an tuismitheoir eile tairbhe a bhaint as Saoire agus Sochar Atharthachta.

Forálann an tAcht teidlíocht do thuismitheoirí a bhíonn ag obair lasmuigh den bhaile tairbhe a bhaint as trí seachtaine bhreise de Shaoire Thuismitheora le híocaíocht le haghaidh gach tuismitheoir – rud a chiallaíonn gur féidir le gach tuismitheoir tairbhe a bhaint as cúig seachtaine de shaoire le híocaíocht. Tá síneadh á chur leis an tréimhse inar féidir an tsaoire a thógáil go dtí an chéad dhá bhliain i ndiaidh bhreith nó shocrúchán uchtála linbh.

Cuirfidh an síneadh seo ar chumas tuismitheoirí am a chaitheamh lena leanbh i rith na mblianta tosaigh de shaol an linbh. Níl an tréimhse saoire inaistrithe idir tuismitheoirí lena chinntiú go spreagtar agus go dtacaítear leis an mbeirt tuismitheoirí am a thógáil saor ón obair le bheith i dteannta a linbh.

Tá cead ag fostaithe agus daoine féinfhostaithe tairbhe a bhaint as na 3 seachtaine bhreise den tSaoire Thuismitheora agus den Sochar Tuismitheora i ndáil le leanaí a rugadh nó a uchtaíodh i ndiaidh an 1 Samhain 2019. Íocfar Sochar Tuismitheora ag an ráta céanna leis na sochair Mháithreachais, Atharthachta agus Uchtála; is é sin €245 sa tseachtain.

Tá síneadh á chur leis an tSaoire agus leis an Sochar Uchtála ionas gur féidir le lánúineacha comhghnéis fireanna tairbhe a bhaint as, arb ionann é agus gealltanas tábhachtach atá luaite i gClár an Rialtais a bheith á chomhlíonadh.

Tá breis solúbthachta ag tuismitheoirí uchtála anois chun cinneadh a dhéanamh maidir le cén tuismitheoir a bhainfidh tairbhe as an tsaoire agus as an sochar uchtála, agus beidh deis ag an tuismitheoir nach bhfuil ag baint tairbhe as saoire uchtála tairbhe a bhaint as saoire agus as sochar atharthachta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Gorman maidir le tosach feidhme an Achta:

“Tá mé féin agus mo chomhgleacaithe sa Rialtas tiomanta do chabhair a thabhairt do thuismitheoirí a bhíonn ag obair lasmuigh den bhaile cothromaíocht níos fearr oibre is saoil a bhaint amach, agus dá bhrí sin, cúis áthais dom gur féidir le tuismitheoirí tairbhe a bhaint as 3 seachtaine bhreise de shaoire thuismitheora agus de shochar tuismitheora anois.

“Tá an dlí á nuachóiriú ag an Acht um Shaoire Theaghlaigh chomh fada is a bhaineann le saoire uchtála agus saoire thuismitheora, fianaise ar éagsúlacht theaghlaigh na hÉireann in 2021 agus aitheantas ar an bpointe, i gcás go leor teaghlach in Éirinn, go bhfuil an bheirt tuismitheoirí ag obair lasmuigh den bhaile. Pointe tábhachtach is ea go dtacaíonn sé le roinnt chothrom freagrachtaí tuismitheora idir lánúin”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:

“Baineann tábhacht ar leith leis an gcéad dhá bhliain de shaol linbh agus tuismitheoirí agus cúis áthais dom go gcuirfidh fógra an lae inniu ar chumas tuismitheoirí níos mó den am speisialta seo a chaitheamh lena leanbh ionas go mbeidh deis acu cuimhní speisialta a bhunú ina n-intinn maidir leis an am speisialta seo.”

“Cúis áthais ar leith dom inniu a fhógairt go bhfuil síneadh á chur leis an Sochar Tuismitheora go dtí 5 seachtaine le haghaidh gach tuismitheoir agus molaim do gach duine tairbhe a bhaint as an tacaíocht seo. Is féidir iarratas a dhéanamh ar www.MyWelfare.ie.”

CRÍOCH


Nótaí do na hEagarthóirí:

Síneadh á chur leis an tSaoire Thuismitheora agus leis an Sochar Tuismitheora

Bunaíodh le hAcht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora 2019 coicís de Shaoire Thuismitheora le híocaíocht le haghaidh gach tuismitheoir, saoire atá le tógáil sa chéad bhliain i ndiaidh bhreith nó shocrúchán uchtála linbh.

I ndiaidh thosach feidhme Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha 2021, tá trí seachtaine bhreise de Shaoire Thuismitheora ar fáil do gach tuismitheoir, agus tá síneadh á chur leis an tréimhse inar féidir tairbhe a bhaint as an tsaoire go dtí an chéad dhá bhliain i ndiaidh bhreith nó shocrúchán uchtála linbh.

Tá an síneadh á chur le hAcht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora 2019 i ndiaidh roinnt athchóirithe reachtacha atá déanta le déanaí a bhfuil sé mar aidhm leo cur ar chumas tuismitheoirí atá ag obair lasmuigh den bhaile níos mó ama a chaitheamh lena leanaí. Áirítear ina measc síneadh a chur leis an tSaoire Thuismitheora neamhíoctha go dtí 26 seachtain le haghaidh linbh atá faoi 12 bhliain d’aois in 2020, Saoire agus Sochar Tuismitheora coicíse a bhunú in 2019, agus Saoire Atharthachta coicíse a bhunú in 2016.

Saoire Uchtála

Foráiltear in Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995 le haghaidh teidlíochta do shaoire 24 seachtain do mháthair fostaithe nó d’athair singil uchtála. Tosaíonn an tréimhse 24 seachtain ón dáta a mbíonn an leanbh i gcúram an tuismitheora uchtála. Tá sochar uchtála ar fáil do thuismitheoirí cáilithe.

Féadfar tairbhe a bhaint as 16 seachtain bhreise freisin ach níl an sochar uchtála ar fáil le haghaidh na tréimhse seo.

Leasaíonn Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha 2021, Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995, chun cur ar chumas lánúineacha uchtála rogha a dhéanamh maidir le cén tuismitheoir a bhainfidh tairbhe as saoire uchtála agus, tríd an méid sin a dhéanamh, cuirtear ina cheart aimrialtacht sa reachtaíocht reatha a chiallaigh nach raibh lánúineacha comhghnéis fireanna pósta in ann tairbhe a bhaint as saoire uchtála.

Chomh maith leis sin, faigheann an tAcht réidh leis an toimhde gurb í an mháthair uchtála an príomhchúramóir agus cuireann sé ar chumas teaghlach an rogha is fearr a dhéanamh dá dteaghlach féin. Forálann sé chun saoire agus sochar atharthachta a chur ar fáil don tuismitheoir nach bhfuil tairbhe á baint aige/aici as saoire uchtaíoch.