English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scéim Pinsin Ionad Oibre Nua d’Éirinn - Sonraí maidir le Córas Coigiltis Scoir Uathchláraithe fógartha ag an Aire Humphreys

Tá thart ar 750,000 oibrí le clárú i scéim pinsin ionad oibre nua

Beidh rannpháirtíocht sa scéim nua deonach - beidh cead ag oibrithe cinneadh a dhéanamh gan a bheith páirteach sa scéim

Gné den scéim is ea go bhfuil ranníocaíochtaí fostóra agus Breisiú Stáit á meaitseáil

Le haghaidh gach €3 a shábhálann oibrí, cuirfear €4 bhreise chun sochair dá c(h)untas coigiltis pinsin

Nuair a bheidh an scéim bunaithe, sábhálfaidh oibrí atá ag tuilleamh €35,000 sa bhliain ciste (gan torthaí infheistíochta a chur san áireamh) luach €293,000 thar a s(h)aol oibre

Soláthróidh an córas nua cistí luach thart ar €21bn (gan torthaí infheistíochta a chur san áireamh) i ndiaidh 10 mbliana

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys: Is é an aidhm atá leis seo a chinntiú go bhfuil sé de nós ag daoine airgead a shábháil dá scor

Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys T.D., sonraí maidir le prionsabail an Dearaidh Deiridh do Chóras Coigiltis Scoir Uathchláraithe d’Éirinn.

Is í Éire an t-aon tír ECFE nach bhfuil córas Uathchláraithe nó córas cosúil bunaithe inti mar mhodh chun tacú le coigilteas pinsin. Tá sé mar aidhm leis an gcóras nua an cinneadh maidir le pinsean a shimpliú d’oibrithe agus é a dhéanamh níos éasca d’fhostóirí pinsean ionad oibre a thairiscint.

Faoi Uathchlárú beidh rochtain ag fostaithe ar scéim coigiltis pinsin ionad oibre atá á cómhaoiniú ag a bhfostóir agus ag an Stát. Príomhghné den chóras is ea, ainneoin rannpháirtíocht a bheith deonach, rud a chiallaíonn nach gá do dhaoine a bheith rannpháirteach, is ea go bhfuil an córas ag feidhmiú ar bhonn ‘rogha an diúltaithe’ seachas ar bhonn ‘rogha an ghlactha’.

D’fhonn rannpháirtíocht oibrithe a spreagadh, beidh coigilteas pinsin na ndaoine a fhanann páirteach sa chóras á mheaitseáil ag an bhfostóir. Chomh maith leis sin, soláthróidh an Stát breisiú de €1 le haghaidh gach €3 atá á shábháil ag an oibrí. Ciallaíonn sé seo, le haghaidh gach €3 atá á shábháil ag an bhfostaí, go mbeidh €4 bhreise á infheistiú ag an bhfostóir agus ag an Stát.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys tráth fógartha an dearaidh deiridh:

“Tá a fhios againn ar fad go bhfuil saol níos faide á chaitheamh ag daoine. Ainneoin gur forbairt dhearfach é seo, is mian linn a chinntiú gur féidir le daoine taitneamh a bhaint as na blianta scoir agus go mbeidh dóthain airgid acu chun é sin a chinntiú.

“In intinn go leor daoine, áfach, ní bhíonn siad ag smaoineamh ar dhul ar scor agus síleann siad nach gá dóibh smaoineamh ar phinsean go ceann i bhfad.

“B’fhéidir go mbeadh daoine áirithe den tuairim gur cheart smaoineamh ar airgead a shábháil gach seachtain dá scor am éigin an bhliain seo chugainn mar shampla, nó an bhliain ina dhiaidh sin b’fhéidir fiú.

“Níor cheart gurb é sin an tuairim a bheadh ag daoine, áfach. Más mian le daoine caighdeán réasúnta saoil a bheith acu nuair a théann siad ar scor, ní mór dóibh tosú ag sábháil airgid a luaithe agus is féidir.

“Ní hamháin go bhfuil sé mar aidhm leis an leasú suntasach ar chóras pinsean na hÉireann daoine a spreagadh chun airgead a shábháil níos luaithe, tá sé mar aidhm leis freisin tacú leo leis an bpróiseas coigiltis trí na roghanna pinsin a shimpliú agus níos tábhachtaí fós ranníocaíochtaí suntasacha fostóra agus Stáit a chur san áireamh freisin.

“Is éard atá á dhéanamh againn inniu ná go bhfuil córas á bhunú againn a chuireann ar chumas daoine sábháil dá scor.”

Bunaithe ar fhigiúirí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, tá an ráta de chumhdach pinsin fhorlíontaigh cothrom le 56% den phobal oibre. Tá sé seo bunaithe ar Shuirbhé Cumhdaigh Pinsin 2021. Meastar go bhféadfadh an figiúr seo a bheith chomh híseal le 35% nuair a chuirtear an earnáil phríobháideach san áireamh ina haonar. Mar thoradh ar an ráta íseal cumhdaigh pinsin fhorlíontaigh seo, d’fhéadfadh go mbeadh go leor daoine a théann ar scor ag déileáil le caighdeáin mhaireachtála níos ísle nuair a théann siad ar scor.

Is é an aidhm atá le hUathchlárú déileáil leis an mbearna cumhdaigh pinsin sin. Beidh sé ábhartha do gach fostaí a chomhlíonann critéir aoise agus tuillimh áirithe agus nach bhfuil plean pinsin ghairme acu cheana féin. Déanfaidh fostaithe ranníocaíochtaí óna dtuarastal, a mbeidh ar a bhfostóir iad a mheaitseáil agus déanfaidh an Stát ranníocaíocht bhreisithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys chomh maith:

“Tá plé á dhéanamh ag leibhéal náisiúnta ar Uathchlárú pinsin le haghaidh breis is 25 bliain anuas.

“In 2014, shainaithin ECFE Uathchlárú mar phríomh-athchóiriú pinsin a bheadh le cur i bhfeidhm. In 2017, mhol 87% de bhaill Thionól na Saoránach, gur cheart don Rialtas scéim pinsin éigeantaigh a bhunú chun cur leis an bpinsean Stáit.

“D’éist an Rialtas leis na moltaí agus in 2018 foilsíodh samhail ‘coincheapúil’ chun críche comhairliúcháin. Bunaithe ar na freagraí a fuarthas tá comhaontú ann maidir le gá a bheith le córas Uathchláraithe.

“Ina theannta sin, pléadh cúrsaí le saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar mhaithe le foghlaim faoi dhea-chleachtas, agus tá fianaise air seo le fáil sa dearadh deiridh.

“Chomh maith leis sin, pléadh cúrsaí le comhlachtaí tionscail, ionadaithe fostóra agus fostaithe, grúpaí abhcóideachta agus baill den phobal.

“Tá fianaise ar an aiseolas a fuarthas le fáil sna prionsabail dearaidh ar chomhaontaigh an Rialtas orthu inniu, a bheidh mar bhonn le dréachtú na reachtaíochta riachtanaí agus na hoibríochtaí riachtanacha a bhunú.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin:

“I rith an phróisis comhairliúcháin fuaireamar aiseolas sa tsamhail choincheapúil gur cheart dúinn an rogha coigiltis pinsin a shimpliú, inar tugadh rogha do choigilteoirí rogha a dhéanamh as 12 chiste dhifriúla, agus seachas sin moladh cur chuige comhthiomsaithe maidir le coigilteas agus torthaí a sholáthar.

“Chomh maith leis sin, fuaireamar aiseolas a thug le fios go mbeadh am ag teastáil ó oibrithe agus ó fhostóirí chun dul i dtaithí ar an gcóras nua agus gur cheart síneadh a chur leis an tréimhse céimnithe isteach chun ranníocaíochtaí a dhéanamh.

“Cuireadh an t-aiseolas seo san áireamh.

“Faoin dearadh deiridh is féidir le coigilteoirí ciste amháin as ceithre chiste a roghnú; comhthiomsófar gach ranníocaíocht chuig an gciste sin agus gach toradh ón gciste sin. Ciallaíonn sé seo ainneoin go mbeidh ranníocaíochtaí á leithdháileadh againn ar bhainisteoirí infheistíochta difriúla go bhfaighidh gach duine a roghnaíonn cineál ciste áirithe an toradh céanna le gach duine a roghnaíonn an cineál ciste céanna.

“Chomh maith leis sin, tá an tréimhse céimnithe isteach athraithe, rud a chiallaíonn seachas méadú 1% a chur i bhfeidhm gach bliain, go méadófar ranníocaíochtaí 1.5% gach trí bliana agus go sroichfear an t-uasleibhéal de 6% ag bliain 10.

“Ciallaíonn na hathruithe seo go bhfuil an dearadh feabhsaithe agus go mbeidh sé níos éasca d’fhostóirí agus d’fhostaithe an córas a thuiscint agus páirt a ghlacadh ann.”

Tá sonraí maidir le dearadh an Chórais Coigiltis Scoir Uathchláraithe á bhfoilsiú inniu ar Item was unpublished or removed.

Áirítear i measc na bpríomhghnéithe:-

1) Cur Chun Feidhme Céimnithe

  • Uathchlárófar gach fostaí nach bhfuil páirteach i scéim pinsin ghairme cheana féin, idir 23 agus 60 bliain, atá ag tuilleamh níos mó ná €20,000 óna gcuid fostaíochtaí ar fad.
  • Beidh an córas le bunú in 2023 agus beidh fostaithe á gclárú in 2024, agus cuirfear tús le hUathchlárú ar bhonn céimnithe thar thréimhse deich mbliana. Tosófar le ranníocaíochtaí fostóra agus fostaithe ag 1.5%, agus méadófar iad 1.5% gach trí bliana go dtí go sroichfear 6% faoi Bhliain 10 (2034). Tugann an céimniú isteach seo deis d’fhostóirí agus d’fhostaithe dul i dtaithí ar an gcóras nua.

2) Tacaíochtaí Coigiltis

  • Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí meaitseála le haghaidh na ranníocaíochtaí a dhéanann fostaithe suas go dtí uasmhéid de €80,000 de thuilleamh. Cuireann sé seo an tairbhe a bhaineann fostaithe as slándáil bhreise a bheith acu nuair a théann siad ar scor san áireamh agus cabhraíonn sé le fostaithe déileáil leis an gcostas a bhaineann le coigilteas pinsin a charnadh.
  • Chomh maith leis sin, breiseoidh an Stát ranníocaíochtaí €1 le haghaidh gach €3 a shábhálann an fostaí, suas go dtí uasmhéid de €80,000 de thuilleamh. Déanfar é seo sa bhreis ar an €3 a bheidh á chur ar fáil ag an bhfostóir i bhfoirm ranníocaíochta.
  • Ciallaíonn sé sin, le haghaidh gach €3 a shábhálann fostaí, go gcuirfidh a f(h)ostóir agus an Stát €4 bhreise lena p(h)insean – méadaítear gach ranníocaíocht €3 a dhéanann fostaí go huathoibríoch go €7 sula ndéantar an ranníocaíocht a infheistiú, nó i bhfocail eile, cuirfear €2.33 chun sochair le haghaidh gach €1 a shábhálann fostaí ina c(h)untas coigiltis.
  • Feidhmeoidh na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit seo mar dhreasacht d’fhonn a chinntiú go gcinneann daoine fanacht páirteach sa Chóras Uathchláraithe agus laghdóidh sé an costas do dhaoine aonair atá ag sábháil dá scor.

3) Rogha

  • Is córas deonach a bheidh ann ach is ar bhonn ‘rogha an diúltaithe’ seachas ‘rogha an ghlactha’ a bheidh sé ag feidhmiú.
  • Clárófar/ ‘roghnófar’ fostaithe incháilithe go huathoibríoch ach beidh rogha acu i ndiaidh sé mhí rannpháirtíochta diúltú do rannpháirtíocht nó a rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
  • Beidh deis ag fostaithe rogha a dhéanamh as ceithre chiste coigiltis scoir.
  • Beidh próifílí difriúla riosca/toraidh luaite le trí chiste. Ina theannta sin, soláthrófar ciste réamhshocraithe a bheidh bunaithe ar phróifíl infheistíochta ‘stíl mhaireachtála’/’saolré’.
  • Clárófar daoine nach gcuireann eolas maidir lena rogha ciste ar fáil sa chiste réamhshocraithe.

4) Simplíocht

  • Tá na costais agus ualaí riaracháin a mbeidh ar fhostóirí agus ar fhostaithe déileáil leo le coinneáil chomh híseal agus is féidir trí Údarás Próiseála Lárnach (CPA) a bhunú chun an córas a riar.
  • Ní bheidh ar fhostóirí infheistiú i mbunú ná i soláthar scéim ghairme dá ngnóthaí féin. Ní bheidh le déanamh acu ach asbhaintí párolla a éascú.
  • Pointe tábhachtach is ea, i gcás daoine a bheidh ag athrú ó phost go post, nach mbeidh orthu a scéim pinsin a athrú ná páirt a ghlacadh i scéim nua. Glacfar leo mar bhaill den Scéim Uathchláraithe ar an mbonn go dtugann an ball den scéim a c(h)oigilteas leis/léi. Anuas air sin, comhdhlúthófar coigilteas pinsin daoine a bhfuil fostaíochtaí éagsúla acu i gciste pinsin amháin.
  • Soláthrófar agus tacófar le seirbhísí trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid a thabharfaidh deis do rannpháirtithe súil a choinneáil ar a gcistí pinsin a bheidh ag fás go tapa agus go suntasach.

Dúirt an tAire Humphreys go gcuirfear tús le cur chun feidhme Uathchláraithe láithreach baill agus go leanfar leis i rith na bliana agus an bhliain seo chugainn freisin:

“Tá go leor le déanamh, teastaíonn reachtaíocht chun an córas a bhunú ar bhonn reachtúil, caithfear Údarás Próiseála Lárnach a bhunú chun an córas a fheidhmiú agus caithfear feachtas cumarsáide a eagrú d’fhonn a chinntiú go dtuigeann daoine an córas. Ainneoin go bhfuil an amlíne uaillmhianach, is féidir an obair riachtanach ar fad a chur i gcrích.

“Ábhar bróid dom an beartas seo, nach mbunófar a leithéid ach uair amháin i rith ár saoil, a mbeidh tionchar dáiríre aige ar shaol daoine.

“Nuair a bheidh an Córas Uathchláraithe nua curtha i bhfeidhm, cuirfidh sé ar chumas fostaithe dóthain acmhainní a charnadh chun caighdeáin mhaireachtála arda a bheith acu nuair a théann siad ar scor.

“Ar an tslí seo, cuirfidh Uathchlárú ar bhealach suntasach le folláine, slándáil agus neamhspleáchas airgeadais daoine a bheidh ag dul ar scor amach anseo. Nuair a théann daoine ar scor ba cheart go mbeidís in ann taitneamh a bhaint as a saol agus cabhróidh Uathchlárú leis an méid sin a chinntiú sna blianta fada amach romhainn.”

Críoch