English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seachtain na bPost agus Scileanna Intreo 2021

Beidh an chéad Seachtain na bPost agus Scileanna Intreo fíorúil de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí ar siúl an tseachtain seo ar feadh ceithre lá go dtí Déardaoin, an 22 Aibreán 2021.

I rith na seachtaine taispeánfaidh an Roinn tacaíochtaí agus seirbhísí Intreo atá ar fáil d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist. I rith na seachtaine tabharfaidh an Roinn fostóirí agus cuardaitheoirí poist le chéile trí roinnt seimineár faisnéise agus imeachtaí earcaíochta ar líne.

Tabharfaidh na himeachtaí éagsúla atá á n-eagrú faisnéis úsáideach d’fhostóirí, do chuardaitheoirí poist agus dóibh siúd ar spéis leo breisoiliúint nó athoiliúint a dhéanamh chun cabhrú leo le slí bheatha nua a fháil nó chun a ngnó a atosú. Beidh deis ag na rannpháirtithe cuir i láthair a chloisteáil a bheidh ina meascán d’ábhar beo agus réamhthaifeadta.

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:

“Le bliain anuas, b’éigean dúinn uile athrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí, conas a bhainimid ár gcuspóirí gnó amach, an chaoi a n-oibrímid agus a mairimid.

“Tugann an teicneolaíocht agus an nuálaíocht an tsaoirse chun leanúint ar aghaidh ag déanamh na hoibre tábhachtach a dhéanaimid - cuardaitheoirí poist agus fostóirí a thabhairt le chéile - ar bhealach sábháilte agus sóisialta.

“Leathnaíonn an cur chuige atá á ghlacadh againn i mbliana ár gcumhacht agus cuireann sé ar ár gcumas faisnéis a sholáthar do níos mó fostóirí agus cuardaitheoirí poist ná riamh."

Labhróidh an tAire Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, TD, faoi thábhacht scileanna sa lucht saothair agus muid ag téarnamh. Cloisfidh na rannpháirtithe faoi Roghanna Breisoideachais agus Ardoideachais lena n-áirítear Springboard, Printíseachtaí agus Oiliúintí, Tacaíochtaí Oideachais Intreo agus beidh cur i láthair ann freisin ar shócmhainní oiliúna Accenture.

Dúirt an tAire Harris:

“Tá saol na hoibre ag athrú agus ní mór dúinn ár ngeilleagar agus ár sochaí a atógáil agus a atheagrú agus muid ag tosú ar an bpaindéim a chur faoi smacht agus athoscailt. Áireofar leis seo an chaoi a dhéanaimid foghlaim, traenáil agus uasoiliúint ar feadh ár saoil.

“Is é an aidhm atá agam anois agus ag mo Roinn cuidiú le difríocht a dhéanamh i saol daoine. Téigh chuig gov.ie/therightcourse agus breathnaigh ar do chuid roghanna - tacóimid leat scileanna nua a fhoghlaim agus athoiliúint a dhéanamh, más é sin a theastaíonn uait. Ní bhíonn sé rómhall riamh, agus geallaim go bhfuil rud éigin ann duitse.">

“Oibrímid freisin chun ár ngnólachtaí a dhéanamh athléimneach, ionas gur féidir linn ár dtéarnamh a thógáil le chéile, mar sin féach ar na tacaíochtaí is féidir linn a thairiscint d’fhostóirí freisin."

Thug an tAire Stáit Gnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English, TD, eochairóráid inniu ar Fhórsa Oibre Éagsúil agus Uilechuimsitheach a Thógáil, Tacaíochtaí Intreo do Ghnó, Tacaíochtaí Gnó ó na Coimisinéirí Ioncaim, Fiontar Áitiúil, Skillnet Ireland agus Tacaíochtaí le haghaidh Uasoiliúna agus Athoiliúna d'fhostaithe.

Dúirt an tAire English:

“Ba mhaith leis an Rialtas cuidiú leis an oiread gnólachtaí agus is féidir maireachtáil sa tréimhse dheacair seo.

“Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis amhlaidh maidir leis an téarnamh seo faoi stiúir poist sa todhchaí a theastaíonn ón tír i ndiaidh Covid.

“Cuideoidh na tacaíochtaí earcaíochta, gnó, oiliúna agus airgeadais a thaispeántar le linn Sheachtain na bPost agus Scileanna Intreo le fostóirí agus lenár bhfórsa saothair cumasach muinín a atógáil mar chuid de théarnamh eacnamaíoch náisiúnta agus inbhuanaithe athnuaite agus láidir.

“Leanfaidh an Rialtas ag obair chun a chinntiú gur féidir leis oibriú go rathúil agus táirgí agus seirbhísí a sholáthar do mhargaí na hÉireann agus idirnáisiúnta."

Beidh roinnt daoine ann freisin a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí, cuardaitheoirí poist, agus printísigh ag imeachtaí i rith na seachtaine agus labhróidh siad faoina dtaithí ar rochtain agus leas a bhaint as tacaíochtaí éagsúla Rialtais a chuir ar a gcumas dul ar ais isteach san fhórsa saothair arís. Tabharfar leideanna úsáideacha do rannpháirtithe maidir le conas a úsáid a bhaint as www.JobsIreland.ie, ardán earcaíochta ar líne saor in aisce na Roinne, chun poist a aimsiú agus iarratas a dhéanamh orthu.

Tá sé saor in aisce freastal ar an ócáid, ach caithfear clárú roimh ré.

Gach lá de na ceithre lá, reáchtálfar na himeachtaí ar líne ó 10.00am go 1.00pm.

Féadfaidh rannpháirtithe clárú le haghaidh níos mó ná seisiún amháin más mian leo. Níl aon táille; ní mór go mbeadh nasc idirlín ag duine le ríomhaire glúine, soghluaiste nó ríomhaire chun an craoladh a rochtain.

Tá sceideal na n-imeachtaí do Sheachtain na bPost agus Scileanna Intreo ar fáil ag anseo le tuilleadh sonraí ar fáil ar www.Eventbrite.ie.

Tuilleadh eolais

Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe teagmhála amháin do gach tacaíocht ioncaim fostaíochta agus cuardaitheora poist. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla, oiriúnaithe fostaíochta do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí agus oibríonn sé le Solas, Boird Oideachais agus Oiliúna, Oifigí Fiontair Áitiúla agus eile chun deiseanna ardchaighdeáin a chur chun cinn do chuardaitheoirí poist.

Tá sonraí faoi raon na n-imeachtaí eile a bhíonn ar siúl timpeall na tíre ar fáil ag anseo.

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil