English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Láithreán Gréasáin an Choimisiúin na bPinsean

Inniu sheol Coimisiún na bPinsean a láithreán gréasáin, pensionscommission.gov.ie, le cláir oibre, miontuairiscí, cuir i láthair agus naisc le tuarascálacha seachtracha a fhoilsiú mar a clúdaíodh sna ceithre chruinniú a tionóladh ón 25 Samhain 2020. Tá na Téarmaí Tagartha agus sonraí iomlána ballraíochta san áireamh freisin. Beidh sonraí faoin gcéad chéim den chomhairliúchán chun obair an Choimisiúin a threorú, lena n-áirítear páipéar a sholáthraíonn treoirlínte agus faisnéis maidir le haighneacht a dhéanamh, ar fáil sna seachtainí amach romhainn.

Ag teacht le tiomantas Chlár an Rialtais, iarradh ar an gCoimisiún saincheisteanna inbhuanaitheachta agus incháilitheachta a scrúdú maidir le socruithe Pinsean Stáit agus roghanna a fhorbairt don Rialtas chun dul i ngleic le saincheisteanna amhail aois cháilitheach, rátaí ranníocaíochta, ranníocaíochtaí iomlána agus riachtanais incháilitheachta.

Le linn a chéad cheithre chruinniú, bhreithnigh an Coimisiún:

  • a théarmaí tagartha agus an chaoi a ndéanfaidh an Coimisiún a chuid oibre;
  • cineál, scóip agus scála na dtreochtaí daonra déimeagrafacha agus atá ag dul in aois, agus a impleachtaí d’inbhuanaitheacht fhioscach agus shóisialta;
  • an córas árachais shóisialta agus feidhmíocht an Chiste Árachais Shóisialaigh trína n-íoctar an Pinsean Stáit Ranníoch;
  • treochtaí maidir leis an bhfórsa saothair atá ag dul in aois agus ceist na n-aoiseanna scoir i gconarthaí fostaíochta.

Léiríonn ballraíocht an Choimisiúin an raon leathan saineolais agus ionadaíochta páirtithe leasmhara atá riachtanach chun na saincheisteanna casta beartais phoiblí agus shóisialta atá i gceist a scrúdú. Áirítear leis seo ionadaíocht oibrithe, fostóirí, an tsochaí shibhialta, lucht acadúil agus iad siúd a bhfuil saineolas teicniúil agus beartais acu.

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD:

Beidh obair Choimisiún na bPinsean ríthábhachtach maidir le todhchaí chóras Phinsean Stáit na hÉireann. Mar Aire Coimirce Sóisialaí, ba mhaith liom a chinntiú go gcuirfidh sé tacaíocht leordhóthanach ar fáil do dhaoine atá ar scor. Beidh toradh obair Choimisiún na bPinsean chomh tábhachtach céanna dár ndaoine óga agus dóibh siúd atá ag druidim le scor. Tá áthas orm gur dhaingnigh mé le déanaí go leanfaí d'aois an phinsin Stáit atá ann cheana chun ligean don Choimisiún na bPinsean a chuid oibre a dhéanamh.

Dúirt Cathaoirleach Choimisiún na bPinsean, Josephine Feehily Uas.:

Tá áthas orm láithreán gréasáin Choimisiún na bPinsean a sheoladh. Measaim go bhfuil sé tábhachtach an pobal a choinneáil ar an eolas faoi obair agus plé an Choimisiúin. Léiríonn foilsiú aschur cruinnithe go ndearna an Coimisiún breithniú ar fhianaise bhunaidh chun an chéad chéim eile dá chuid oibre a threorú, ag scrúdú an bealach is fearr chun socruithe Pinsean Stáit atá inbhuanaithe go fioscach agus go sóisialta a chinntiú sa todhchaí.

Déanfaidh cruinnithe Choimisiún na bPinsean amach anseo breithniú ar raon roghanna beartais agus freisin ar conas is féidir leis an gcóras pinsin freastal ar chúramóirí a thuilleadh.

Foilseofar aschuir obair an Choimisiúin mar chláir oibre cruinnithe agus miontuairiscí go rialta ar a láithreán gréasáin pensionscommission.gov.ie.

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil