English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Heather Humphreys agus Simon Harris feachtas nua le hoibrithe tógála a earcú.

Sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, Tionscnamh FutureBuilding de chuid Tithíocht do Chách inniu atá tiomnaithe d’oibrithe tógála a earcú.

Oibreoidh an dá roinn rialtais agus gníomhaireachtaí gaolmhara as lámh a chéile mar thoradh ar an tionscnamh seo le gníomhachtú agus earcaíocht a stiúradh don earnáil tógála agus tionscadail inmheánacha a chur chun cinn chun tacú leis an obair seo. Bunaíodh aonad nua crosfheidhmiúil lena n-áirítear foireann ag a bhfuil saineolas ar ghníomhachtú, earcaíocht agus oiliúint le maoirseacht a dhéanamh ar an tionscnamh seo.

Clár píolótach 18 mí é Tionscnamh FutureBuilding a oibreoidh foireann a chruthófar ó chomhaltaí foirne Intreo ón Roinn Coimirce Sóisialaí, SOLAS agus Boird Oideachais agus Oiliúna. Tá sé á mhaoiniú faoi Chiste Tithíocht do Chách an Rialtais.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Tá níos lú daoine ar an mBeochlár anois ná mar a bhí roimh an bpaindéim. Léiríonn seo go soiléir go bhfuil an beart á dhéanamh ag straitéis Bealaí chun Oibre an rialtais ach ní mór dúinn iarracht a dhéanamh i gcónaí níos mó a dhéanamh, dar ndóigh.

“Earnáil atá i dtógáil inarb eol dúinn go bhfuil líon ollmhór deiseanna poist. Beimid ag oibriú trí thionscnamh nua FutureBuilding go díreach le cuardaitheoirí poist, agus tacóimid leo trí fhorbairt oiliúna agus scileanna agus fostóirí a aimsiú dóibh.

“Tá seo mar chuid d’fheachtas mór earcaíochta san earnáil tógála. Seolfaidh mé seachtain ar leith Obair agus Scileanna Tógála níos déanaí an mhí seo freisin ina gcuirfear beagnach 40 imeacht ar siúl go náisiúnta le poist, oiliúint agus printíseachtaí i dtógáil agus i ngairmeacha beatha gaolmhara a chur chun cinn.”

Dúirt an tAire Harris:

“Is soiléir go bhfuil géarchéim thithíochta ann is cúis le ganntanas soláthair. De réir mar a thagann méadú ar sholáthar, áfach, tá orainn a chinntiú go bhfuil dóthain daoine againn le freastal ar an éileamh.

“Is éard a bhainfidh leis seo ná go dtacóimid leis an tiomantas chun oibrithe reatha a thabhairt ar ais i mbun fostaíocht iomlán agus go gcuirfear go mór le deiseanna oideachais agus oiliúna, gealltanais san áireamh maidir le cláir agus printíseachtaí agus cúrsaí nua a sholáthar.

“Faoin tionscnamh nua FutureBuilding seo, beidh daoine ó ghníomhaireachtaí oiliúna fud fad na tíre ag oibriú le Intreo sa Roinn Coimirce Sóisialaí le daoine a shainaithint lena socrú go díreach isteach i bhfostaíocht san earnáil agus lena n-atreorú chuig deiseanna ábhartha oideachais agus oiliúna.”

Dúirt Andrew Brownlee, Príomhfheidhmeannach SOLAS:

“Tá ról ríthábhachtach le glacadh ag breisoideachas, oiliúint agus printíseachtaí i dtaobh na scileanna a fhorbairt a theastaíonn ó mhargadh saothair na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta, ar príomhaidhm Tithíocht do Chách é sin. Cuireann an earnáil BOO réimse éagsúil agus dinimiciúil de chúrsaí tógála ar fáil - a fhreastalaíonn ar fhágóirí scoile, iad siúd a bhfuil an lucht saothair á iontráil arís acu, nó daoine a lorgaíonn tabhairt faoi oiliúint arís eile nó faoi uasoiliúint san earnáil tógála.

“Tionscnamh tábhachtach agus comhoibritheach é FutureBuilding lena chinntiú go dtapaíonn na daoine cearta na deiseanna cearta, bíodh earcaíocht nó oiliúint i gceist leis sin, ag an am ceart. Tuigeann SOLAS agus na BOOanna a sholáthraíonn an oiliúint ríthábhachtach seo timpeall na tíre go soiléir práinn na sprice comhroinnte náisiúnta seo. Táimid tiomanta dó go rachaidh grúpa ildánach de dhaoine uaillmhianacha spreagtha tríd an gcóras BOO agus isteach sa tionscal tógála.”


Nótaí

Déanfaidh tionscnamh FutureBuilding:

  • obair Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, ionadaithe eile earnála agus fostóirí aonair eile a stiúradh le riachtanais earcaíocht a shainaithint (de réir láithreach agus tacar sainscileanna)
  • anailís scileanna a dhéanamh ar dhaoine dífhostaithe/neamhghníomhacha ar leibhéal réigiúnach/áitiúil le deiseanna oiliúna a shainaithint agus tús áite a thabhairt dóibh
  • daoine a shainaithint a d’oibrigh roimhe seo san earnáil tógála agus deiseanna fostaíochta san earnáil tógála a chur in iúl do na hoibrithe seo
  • oibriú le Solas/BOOanna leo siúd a shainaithint agus idirchaidreamh a dhéanamh leo a bhfuil taithí oiliúna acu ar an earnáil ábhartha roimhe seo
  • oibriú le Solas/BOOanna le deiseanna a chur chun cinn le haghaidh cuardaitheoirí poist a eascraíonn as an gClár Gníomhaíochta Scileanna Glasa
  • clár EURES a úsáid, atá cistithe ag Coimisiún an AE, le luaineacht shóisialta oibrithe ó áiteanna ar fud an AE/an LEE a mhealladh go poist in Éirinn agus tacú leis sin

Faoi phlean Tithíocht do Chách an rialtais, tá 33,000 aonad nua tithíochta le soláthar gach bliain go dtí 2030. Leis seo a bhaint amach, meastar go mbeidh ar an éileamh iomlán ar shaothar tógála tithíochta méadú aníos ó thart ar 40,000 oibrí coibhéise lánaimseartha, faoi mar a bhí ann in 2019/20, go 67,500 oibrí faoi lár 2025. Léiríonn seo an gá atá le 27,500 oibrí breise san earnáil tógála i rith breis agus cúig bliana. Teastaíonn 7,500 oibrí san earnáil gach bliain, faoi láthair.

Tá tionscnamh FutureBuilding á mhaoiniú faoi Chiste um Chur i bhFeidhm Tithíocht do Chách, a bunaíodh lena chinntiú go mbíonn acmhainní agus saineolas spriocdhírithe lena chinntiú i bhfeidhm i measc ranna agus gníomhaireachtaí le soláthar an Phlean a bhrostú.