English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Humphreys Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO

  • Imeachtaí Bliantúla Oibre agus Scileanna ar siúl ón 15-26 Aibreán
  • 26 eachtra ar fud na tíre a bheidh dírithe ar ghairmeacha agus ar an oiliúint
  • Breis is 150 taispeántóir rannpháirteach
  • Réimse leathan deiseanna thar go leor earnálacha

Tá an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, tar éis Imeachtaí Oibre agus Scileanna, a bheidh ar siúl ón 15 go dtí an 26 Aibreán ar fud na tíre, a sheoladh inniu.

Tá breis is 26 eachtra ar siúl, le raon ollmhór deiseanna thar raon earnálacha lena n áirítear tógáil, fáilteachas, cúram sláinte, lóistíocht, miondíol agus go leor eile.

Tá na himeachtaí ann chun deis a thabhairt do chuardaitheoirí poist dul i dteagmháil le fostóirí atá ag earcú go gníomhach agus foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil chun cabhrú leo an chéad chéim eile ina ngairm bheatha a ghlacadh.

Agus í ag caint mar gheall ar na himeachtaí, dúirt an tAire Heather Humphreys:

“Is tacaíocht thábhachtach iad na himeachtaí Oibre agus Scileanna chun fostóirí a thabhairt le chéile agus daoine atá ag lorg deiseanna fostaíochta go gníomhach ar fud na tíre, chomh maith le béim a chur ar an raon roghanna oiliúna atá ar fáil faoi láthair.

“Beidh deis acu siúd a thugann cuairt ar cheann de na himeachtaí casadh go díreach le fostóirí agus tuilleadh eolais a fháil maidir leis na róil atá ar fáil i neart earnálacha.

“Beidh na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fáil le heolas a chur ar fáil maidir le printíseachtaí agus le rogha leathan cúrsaí dóibh siúd a bhfuil spéis acu deiseanna breisoiliúna agus breis forbartha a thapú.”

Aithníonn Stephen O’Brien, Bainisteoir Aimsithe Tallainne ag Glanua luach a gcaidreamh le Intreo.

“Toisc go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar obair Glanua le 18 mí anuas, bhí ceanglas orainn líon ár bhfoirne a mhéadú dá réir. D’oibríomar le Intreo roinnt uaireanta le linn an ama sin agus d’éirigh thar barr linn ag imeachtaí earcaíochta a d’eagraigh Intreo áit a bhfuil roinnt príomhfhoireann earcaithe againn. Tá súil againn leanúint leis an gcaidreamh seo amach anseo de réir mar a dhéanann Intreo smaointe agus deiseanna nua a fhorbairt.”

Cuireadh tús leis na himeachtaí náisiúnta an tseachtain seo le himeacht earcaíochta in Ionad Intreo Inse, Co. an Chláir. Áirítear leis an bhfeachtas freisin an tAonach Náisiúnta Earcaíochta & Oiliúna Tógála, a bheidh ar siúl i Halla na Cathrach, Corcaigh an Déardaoin seo, an 18 Aibreán. Beidh thart ar 40 taispeántóir ag an Aonach lena n áirítear Glanua Teo, MMD Construction Cork, ESB Networks, agus EPS Group, chomh maith le hionadaithe ón Oifig Náisiúnta Printíseachta. Beidh na daoine a bheidh i láthair ag earcú do róil lena n-áirítear Oibrithe Ginearálta, Cearpantóireacht & Siúinéireachta, Suirbhéir Cainníochta & Innealtóireacht Shibhialta, Printíseacht Cheardaíochta, agus deiseanna Leictreachais & Pluiméireachta.

Tá eolas ar an raon iomlán imeachtaí agus ar conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.

Nótaí don Eagarthóir:

Tacaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus Solas leis na himeachtaí Oibre agus Scileanna.