English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Humphreys Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO

  • Imeachtaí Oibre agus Scileanna ar siúl ón 16-30 Deireadh Fómhair ar fud na tíre
  • 52 imeacht ar fud na tíre ag díriú ar phoist, ar ghairmeacha agus ar roghanna oiliúna
  • Breis is 150 taispeántóir rannpháirteach
  • is é an teachtaireacht ón Aire Humphreys ná “Tá Intreo anseo chun cabhrú leat”

Tá an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys T.D., tar éis Imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo a sheoladh inniu, a bheidh ar siúl ón 16 go dtí an 30 Deireadh Fómhair i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann.

Tá os cionn 52 imeacht ar siúl, agus tá éagsúlacht ollmhór post ar fáil thar raon earnálacha lena n-áirítear tógáil, fáilteachas, cúram sláinte, lóistíocht, miondíol agus go leor eile.

Trí imeachtaí Oibre agus Scileanna, taispeánfaidh an Roinn na tacaíochtaí agus na seirbhísí Intreo atá ar fáil d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist araon. Le linn na n-imeachtaí, tabharfaidh an Roinn fostóirí agus cuardaitheoirí poist le chéile ag seimineáir eolais agus ag aontaí earcaíochta.

Tabharfaidh na himeachtaí éagsúla deis do chuardaitheoirí poist agus d’athraitheoirí poist a roghanna poist a fhiosrú agus bualadh le fostóirí. Cuirfidh imeachtaí Oibre agus Scileanna deiseanna ar fáil d’fhostóirí chun rochtain a fháil ar raon leathan tallainne atá nua agus éagsúil.

Agus í ag caint mar gheall ar na himeachtaí, dúirt an tAire Heather Humphreys:

“Is tacaíocht thábhachtach iad na himeachtaí Oibre agus Scileanna a bhíonn ar siúl ar fud na tíre chun fostóirí a thabhairt le chéile le daoine atá ag lorg deiseanna fostaíochta go gníomhach, chomh maith le béim a chur ar an raon roghanna oiliúna atá ar fáil faoi láthair.

“Tá mo Roinnse anseo chun cabhrú le haon duine atá ag lorg poist nó uasoiliúint, athoiliúint nó dul ar ais ag obair nó oideachas agus tá ról tábhachtach ag imeachtaí Oibre agus Scileanna sa mhéid sin.

“Mholfainn d’aon duine amuigh ansin atá ag lorg oibre teacht chuig ár n-imeachtaí agus labhairt lenár bhfoireann chun cúnamh agus comhairle luachmhar a fháil.

Cuirfear tús leis na himeachtaí náisiúnta ar an 16 Deireadh Fómhair le himeacht earcaíochta do Shaoráid Cúraim Hamilton Park in Oifig Intreo Shoird, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuimsíonn an feachtas freisin Aonach Earcaíochta Ilearnála Oibre agus Scileanna in Óstán Metropole, Corcaigh ar an 23 Deireadh Fómhair. Beidh breis is 30 taispeántóir ag an Aonach, lena n-áirítear Marks agus Spencer, Moxy agus Residence Inn, Sodexo agus Praxis Care. Beidh iad siúd a bheidh i láthair ag earcú do róil lena n-áirítear cúram sláinte, fáilteachas agus miondíol.

I mbliana, cuimsíonn an feachtas roinnt imeachtaí a thacóidh le cuardaitheoirí poist ar tugadh cuireadh dóibh bualadh go díreach le fostóirí a bhfuil an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige Intreo sínithe acu. Tá na ‘Curadh Cairte’ seo tiomanta do thacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist a scileanna infhostaitheachta a fheabhsú trí raon gníomhaíochtaí lena n-áirítear cuairteanna suímh, ceardlanna CV agus scáthfhoghlaim.

Tá eolas ar an raon iomlán imeachtaí agus ar conas clárú le freastal orthu ar fáil ag Item was unpublished or removed Tá eolas faoin gCairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige ar fáil ag gov.ie - An Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige (www.gov.ie)

Nótaí:

Tacaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus Solas leis na himeachtaí Oibre agus Scileanna.