Seolann an tAire Humphreys Séasúr an Liúntais Breosla 2023/24
- Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Liúntais Breosla 2023/24
- Beidh Liúntas Breosla á íoc le breis is 404,000 teaghlach ar fud an Stáit ón lá inniu
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go gcuirfear tús leis an Scéim Liúntais Breosla Náisiúnta do Shéasúr 2023/24.
Íocfar an Liúntas Breosla, ar íocaíocht a ndéantar tástáil acmhainne uirthi, ar feadh 28 seachtain le thart ar 404,000 teaghlach ar fud an Stáit.
Déantar an íocaíocht ag an ráta seachtainiúil de €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht tráthchoda de €462 an ceann.
Mar chuid de Bhuiséad 2023, fuair an tAire Humphreys maoiniú don leathnú is mó riamh ar an scéim Liúntas Breosla agus thug sí isteach tástáil acmhainne go hiomlán nua do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois.
Faoin Tástáil Acmhainne nua do Dhaoine os cionn 70 bliain d'aois, is féidir le duine singil os cionn 70 bliain d'aois ioncam de €500 a bheith aige in aghaidh na seachtaine agus is féidir le lánúin ioncam de €1,000 in aghaidh na seachtaine a bheith acu. Chomh maith leis sin, méadaíodh an méid coigiltis ar tugadh neamhaird air sa Tástáil Acmhainne do Dhaoine os cionn 70 bliain ó €20,000 go €50,000.
I gcás lánúin ina bhfuil duine amháin faoi 70 agus duine amháin os cionn 70, déanfar iad a mheasúnú faoi chritéir na Tástála Acmhainne do Dhaoine Os Cionn 70 bliain d’aois.
Méadaíodh an tairseach acmhainne seachtainiúil dóibh siúd atá faoi 70 bliain d'aois faoi €80 in aghaidh na seachtaine freisin, ó €120 go €200 os cionn ráta seachtainiúil an Phinsin Stáit Ranníocach.
Agus í ag fógairt tús an tséasúir Breosla, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla maidir le tacú leis na céadta míle teaghlach lena gcostais téimh thar mhíonna an gheimhridh.
“Mar thoradh ar athruithe a thug mé isteach i mBuiséad na bliana seo caite, gheobhaidh níos mó teaghlach an tacaíocht i mbliana ná riamh.
“Cuirfear tús le híocaíochtaí do thart ar 404,000 teaghlach ar fud an Stáit an tseachtain seo.
“Bhí lúcháir orm incháilitheacht na scéime a leathnú i mBuiséad 2023 ionas gur féidir le níos mó daoine aosta cáiliú don íocaíocht.
“Thug mé isteach Tástáil Acmhainne nua do Dhaoine os cionn 70 bliain d'aois don Liúntas Breosla freisin. Faoi seo, is féidir le duine singil ioncam de €500 in aghaidh na seachtaine a bheith aige agus is féidir le lánúin ioncam de €1,000 in aghaidh na seachtaine a bheith acu agus fós cáiliú don Liúntas Breosla.
“Chomh maith leis sin, mhéadaíomar an tairseach acmhainne seachtainiúil dóibh siúd faoi 70 bliain d'aois faoi €80 in aghaidh na seachtaine. Léiríonn na hathruithe seo an leathnú is mó riamh ar an Scéim agus mholfainn do dhaoine a n-incháilitheacht don íocaíocht a sheiceáil.”
Nóta d'Eagarthóirí:
Liúntas Breosla
- Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í an scéim Liúntais Breosla chun cabhrú le pinsinéirí agus le faighteoirí leasa shóisialaigh fadtéarmacha eile lena gcostais téimh gheimhridh. Is ranníocaíocht í an íocaíocht i dtreo costais téimh.
- Déantar an íocaíocht de réir ráta seachtainiúil €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht thráthchoda; agus íoctar é thar shéasúr an gheimhridh (28 seachtain ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí Aibreán i séasúr liúntais breosla 2023/24).
- Is féidir leat cáiliú don Liúntas Breosla má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine, nó má tá tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe fadtéarmacha. Níl ach Liúntas Breosla amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
- Ní gá duit athiarratas a dhéanamh ar an Liúntas Breosla gach bliain fad is nach bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus go leanann tú den íocaíocht leasa shóisialaigh chéanna a fháil.
- Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla ná ar líne trí www.MyWelfare.ie.
Athruithe sa Bhuiséad 2023
- Tugadh tástáil acmhainne nua isteach do dhaoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine. Is í an acmhainn incheadaithe anois ná €500 in aghaidh na seachtaine do dhuine singil agus €1,000 in aghaidh na seachtaine do lánúin.
- Méadaíodh an tairseach acmhainne incheadaithe sheachtainiúil dóibh siúd faoi 70 bliain d'aois faoi €80 in aghaidh na seachtaine, ó €120 go €200 os cionn an ráta seachtainiúil cuí den Phinsean Stáit (Ranníocach).
- Rinneadh neamhaird de na híocaíochtaí Sochar Míchumais agus an Liúntais Leath-Ráta do Chúramóirí agus acmhainní á measúnú chun críocha Liúntais Bhreosla.
Tá eolas iomlán maidir leis an Liúntas Breosla ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/FuelAllowance.