Shínigh an tAire Humphreys an t-ordú um thosach feidhme don seoladh den Chóras Coigiltis Scoir Uathchláraithe an 30 Meán Fómhair 2025
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2024
- Tabharfar “Mo Chiste don Todhchaí” ar an gcóras uathchláraithe
- Cabhróidh “Mo Chiste don Todhchaí” leis na céadta mílte duine atá dícheallach airgead a shábháil dá dtodhchaí le tacaíocht ó fhostóirí agus ón Stát
- Tá an tÚdarás Náisiúnta um Choigilteas Scoir Uathchláraithe (NAERSA) le bunú le héifeacht ón 31 Márta 2025
- Tá tús le cur leis an soláthar de bhainisteoirí infheistíochta go luath
- Dúirt an tAire Humphreys: “Is é an tUathchlárú an leasú aonair is suntasaí ar thírdhreach na bpinsean in Éirinn ó tugadh isteach an Pinsean Stáit sa bhliain 1908”
Tá an t-ordú um thosach feidhme sínithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus cuirfear tús leis na chéad chlárú faoin gCóras Coigiltis Scoir Uathchláraithe an 30 Meán Fómhair 2025.
Tá faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire freisin do bhunú an Údaráis Náisiúnta um Choigilteas Scoir Uathchláraithe (NAERSA) an 31 Márta 2025. Leis sin, cinnteofar go mbeidh 6 mhí ag Bord agus Bainistíocht Feidhmiúcháin NAERSA chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na socraithe agus na gcóras éagsúil sula dtagann an córas uathchláraithe i bhfeidhm an 30 Meán Fómhair 2025. Tosóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí anois ar an obair chun pearsanra a earcú do phoist ar an mBord agus mar bhaill foirne araon.
An 30 Meán Fómhair 2025, tosóidh an tÚdarás Náisiúnta um Choigilteas Scoir Uathchláraithe (NAERSA) ag bailiú ranníocaíochtaí ó fhostaithe, óna bhfostóirí agus ón Stát, agus an t-airgead sin a infheistiú thar ceann na bhfostaithe.
Ag labhairt maidir leis an dáta tosaithe an 30 Meán Fómhair 2025, dúirt an tAire Humphreys:
“Má shocraítear dáta tosaithe bliain ón lá inniu, tugtar am do na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, lena n-áirítear fostaithe, a bhfostóirí, forbróirí agus soláthraithe párolla, na hullmhúcháin agus na coigeartuithe riachtanacha a dhéanamh maidir lena gcórais agus lena bpróisis chun cur chun feidhme an Uathchláraithe a éascú agus buiséad a dhéanamh dá réir.”
Is é “Mo Chiste don Todhchaí” an t-ainm nua, atá éasca le cuimhneamh air, a thabharfar ar an gcóras Uathchláraithe. Leis an ainm, cuirtear cuspóir na scéime in iúl – coigilt agus infheistíocht a dhéanamh don todhchaí – agus cuirtear béim ar an bhfíoras gur maoin phearsanta na rannpháirtithe a bheidh sa choigilteas sin.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Cabhróidh “Mo Chiste don Todhchaí”, an t-ainm nua ar an uathchlárú, leis na céadta mílte duine atá dícheallach airgead a shábháil dá dtodhchaí le tacaíocht ó fhostóirí agus ón Stát. Trína chinntiú go mbíonn níos mó airgid ag daoine nuair a théann siad ar scor, táimid ag infheistiú i dtodhchaí na hÉireann agus sna daoine atá ina gcónaí agus ag obair anseo.”
Tá an conradh sínithe anois le Tata Consultancy Services (TCS) chun gníomhú mar an tseirbhís bhainistithe a chuirtear ar fáil le haghaidh Mo Chiste don Todhchaí. Tá TCS lonnaithe i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall agus fostaíonn siad breis agus 1,400 duine. Soláthróidh TCS na seirbhísí riaracháin do NAERSA. Is cuideachta réiteach TFC domhanda é TCS a bhfuil go leor taithí aige agus a bhfuil scéimeanna comhchosúla á riar go rathúil aige i dtíortha eile, lena n-áirítear sa Ríocht Aontaithe, áit a riarann sé an córas Uathchláraithe NEST.
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh ag rá:
“Tá áthas orm fáilte a chur roimh TCS mar an soláthraí seirbhíse bainistithe le haghaidh Mo Chiste don Todhchaí. Tá an-chuid taithí ábhartha ag TCS, tar éis dó seirbhísí comhchosúla a sholáthar i dtíortha eile. Beidh m’oifigigh agus mé féin ag oibriú go dian in éineacht le TCS, na Coimisinéirí Ioncaim agus forbróirí bogearraí párolla chun a chinntiú go seachadtar Mo Chiste don Todhchaí in am agus de réir na gcaighdeán is airde.”
Leis an bhfaomhadh sin ón Rialtas, le síniú an chonartha le TCS agus síniú an ordaithe um thosach feidhme ag an Aire, tiocfaidh ‘uathchlárú’ i bhfeidhm agus fíorófar é d’oibrithe in Éirinn in 2025.
Sna míonna amach romhainn, tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi mhórfheachtas cumarsáide chun daoine a chur ar an eolas faoin gcóras nua agus céard a bheidh i gceist leis dóibh. Beidh an feachtas seo clúdaithe ar gach cainéal meán, lena n-áirítear na meáin shóisialta, agus formáidí iomadúla na meán. Eiseoidh an Roinn tairiscint go luath freisin le haghaidh an tsoláthair de bhainisteoirí infheistíochta chun cistí rannpháirtithe a bhainistiú.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Humphreys:
“Táthar ag caint faoi Uathchlárú le 30 bliain anuas - in 2025 tiocfaidh sé i bhfeidhm.
“Ciallaíonn sé seo go mbeidh pinsean ceirde ag 800,000 oibrí sa bhreis ar a bpinsean Stáit.
“Ar deireadh thiar, beidh níos mó airgid agus compoird ag daoine agus iad ar scor – rud atá go maith don gheilleagar, go maith do ghnólachtaí agus go maith dár sochaí.
“Is é an tUathchlárú an leasú aonair is suntasaí ar thírdhreach na bpinsean in Éirinn ó tugadh isteach an Pinsean Stáit sa bhliain 1908. Sna blianta amach romhainn beidh sé le feiceáil mar cheann de na hoidhreachtaí ba mhó de chuid an Rialtais seo.”
Má tá tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed
Tá sraith físeán faisnéise cruthaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí freisin a mhíníonn uathchlárú d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon. Is féidir leat breathnú ar na físeáin ar chainéal YouTube na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Nótaí
1. Déanfaidh NAERSA maoirseacht ar riar agus ar rialú na Scéime um Uathchlárú, ar a dtugtar Mo Chiste don Todhchaí anois. Aithneoidh sé fostaithe incháilithe le bheith cláraithe agus tabharfaidh sé fógra d’fhostóirí trí threoir phárolla uathoibrithe méid ranníocaíochta a íoc ag ráta céatadáin socraithe. Déanfaidh NAERSA bainistiú freisin ar roghanna an diúltaithe, roghanna a bheith páirteach, fionraíochtaí, roghanna riosca, agus gach gné eile den chóras. Tríd an bpróiseas ard-uathoibrithe sin, cinnteoidh NAERSA go gcoimeádfar aon riarachán a theastaíonn ó ghnólachtaí agus ó fhostóirí chomh híseal agus is féidir.
2. Nuair a bheidh tús curtha leis, déanfaidh fostóirí na suimeanna a shábhálfaidh oibrithe a mheaitseáil agus cuirfidh an Stát €1 breise le pota gach rannpháirtí in aghaidh gach €3 a ranníocann siad. Is dócha go dtiocfaidh méadú breise ar chistí na rannpháirtithe trí infheistíocht a dhéanamh ar an gcoigilteas sin.
3. Chun cabhrú le fostaithe agus fostóirí buiséad a dhéanamh le haghaidh uathchlárú, déanfar ranníocaíochtaí ina gcéimeanna thar thréimhse deich mbliana. Tosóidh ranníocaíochtaí fostaithe agus fostóirí ag 1.5% in 2025, agus méadóidh siad le 1.5% gach trí bliana go dtí go mbainfear 6% amach in 2034.
4. Úsáidfear sonraí párolla chun incháilitheacht a chinneadh. Clárófar go huathoibríoch fostaithe a thuilleann €20,000 nó níos mó in aghaidh na bliana ar fud na réimsí fostaíochta, atá idir 23 agus 60 bliain d’aois agus nach bhfuil ranníocaíocht á déanamh acu faoi láthair le scéim pinsin trí bhogearraí párolla.
5. Beidh fostaithe atá faoi bhun 23 bliana d’aois nó idir 60 agus 66 bliain d’aois, nó a thuilleann níos lú ná €20,0000 in aghaidh na bliana in ann a roghnú le bheith páirteach i Mo Chiste don Todhchaí. Beidh na téarmaí agus coinníollacha céanna i bhfeidhm maidir le fostaithe a roghnaíonn le bheith páirteach agus mar a bheidh i bhfeidhm maidir leis na fostaithe a chláraítear go huathoibríoch. Beidh na hoibleagáidí céanna ar fhostóirí freisin.
6. Beidh fostaithe in ann a dhiúltú le bheith páirteach sa scéim i míonna 7 agus 8 tar éis cláraithe. Aisíocfar ranníocaíochtaí leis an bhfostaí, ach coinneofar ranníocaíochtaí an fhostóra agus an Stáit i bpota coigiltis an fhostaí. Beidh fostaithe in ann ranníocaíochtaí a chur ar fionraí nó ar sos freisin, ag am ar bith lasmuigh den tréimhse rannpháirtíochta éigeantach de 6 mhí. Athchlárófar fostaithe a dhiúltaíonn le bheith páirteach nó a gcuireann a ranníocaíochtaí ar fionraí go huathoibríoch tar éis dhá bhliain, má bhíonn siad fós incháilithe don scéim.
7. Beidh conarthaí ag NAERSA le suas le ceithre chuideachta bhainistíochta infheistíochta chun na ranníocaíochtaí a infheistiú. Cuirfidh na bainisteoirí infheistíochta trí straitéis ar fáil: straitéis riosca níos airde, straitéis mheánriosca agus straitéis riosca níos ísle.
8. Cuirfear na rannpháirtithe go léir sa straitéis réamhshocraithe ar bhonn ‘saolré’, lena n-aistreofar iad ó na cistí riosca is airde go dtí na cistí riosca is ísle de réir mar a éiríonn siad níos gaire don aois scoir.
9. Féadfaidh rannpháirtithe ceann amháin de na trí straitéis riosca a roghnú mura mian leo a bheith sa socrú réamhshocraithe.
10. Beidh an aois scoir le haghaidh Mo Chiste don Todhchaí nasctha le haois an Phinsin Stáit, atá ag 66 bliana d’aois faoi láthair.
11. Sna blianta tosaigh, gheobhaidh rannpháirtithe a shroicheann an aois sin cnapshuim dá ranníocaíochtaí agus dá dtorthaí infheistíochta, lúide táillí riaracháin agus infheistíochta. De réir mar a fhorbraíonn an córas, is féidir go ndéanfaidh NAERSA tairiscintí tarraingt anuas pinsin malartacha seachas cnapshuimeanna.
12. Beidh rochtain ag fostaithe ar thairseach ar líne chun a gcuid ranníocaíochtaí agus torthaí a sheiceáil agus chun tús a chur le cinntí amhail rogha an diúltaithe agus fionraí.
13. Beidh tairseach ar líne ag fostóirí freisin chun ranníocaíochtaí a sheiceáil agus socruithe dochair dhírigh a shocrú. Éascóidh an tairseach fostóirí nach n-úsáideann bogearraí párolla freisin.
14. Roghnaíodh Tata Consultancy Services (TCS), eagraíocht atá chun tosaigh maidir le seirbhísí TF domhanda, comhairliúcháin, agus réitigh ghnó a chur ar fáil, mar an rogha tairgeora, tar éis próisis soláthair, chun riarachán Mo Chiste don Todhchaí a thógáil agus a sholáthar thar ceann NAERSA mar sheirbhís bhainistithe. Tá go leor taithí ag TCS, tar éis dó córas Uathchláraithe NEST a riar sa Ríocht Aontaithe le breis agus deich mbliana anuas. Tá TCS mar chuid den mhórghrúpa ilnáisiúnta Tata Group. Tá thart ar 1,400 duine fostaithe ag an mórchuideachta um sheirbhísí TF in Éirinn faoi láthair.