Spreagann an tAire Calleary Cuardaitheoirí Post freastal ar Imeachtaí Oibre agus Scileanna Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 3 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Imeachta Earcaíochta ar fud Bhaile Átha Cliath chun réimse ról a líonadh
- Cuid d’Intreo, togra Oibre agus Scileanna ar fud na tíre
- Poist i raon earnálacha agus comhairle faoi oiliúint
Inniu, spreag an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary TD, gach cuardaitheoir poist atá ag lorg deiseanna poist nua agus iad siúd atá a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi uasoiliúint, freastal ar imeacht Oibre agus Scileanna Intreo a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath.
Cuireann na himeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo deis ar fáil do chuardaitheoirí poist dul i dteagmháil le fostóirí atá ag earcú go gníomhach, foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle do chuardaitheoirí post chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm.
Beidh na himeachtaí seo a leanas ar siúl i mBaile Átha Cliath:
Imeacht | Dáta | Suíomh |
Imeacht Oibre agus Scileanna Bhaile Brigín | 04/04/2025 | Ionad Intreo, Baile Brigín |
Obair agus Scileanna Thamhlachta | 08/04/2025 | Ionad Intreo Thamhlachta |
Imeacht Earcaíochta Platinum Home | 09/04/2025 | Cearnóg an Easpaig |
Obair agus Scileanna Bhaile Formaid | 10/04/2025 | Leabharlann Bhaile Formaid |
Ag an imeacht earcaíochta il-earnála i dTamhlacht, beidh róil ar fáil mar Rialtóirí Stoic, Maoirseoirí, Innealtóirí Tionscadail agus Coimisiúnaithe, Cúntóirí Cuntas, chomh maith le róil mar chúramóir agus bainteach le fáilteachas. Tá an RSA, Poist Phoiblí, Teicneolaíochtaí Uisce Veolia agus Óglaigh na hÉireann i measc na bhfostóirí a bheidh i láthair.
I mBaile Formaid, tá folúntais ar fáil bainteach le Cúntóir Baile agus Tiománaithe, agus tá Medforce sa tóir ar iarrthóirí do róil ospidéil ag gach leibhéal scile. Tá sé i gceist ag MyHomecare bualadh le cúntóirí cúraim, glantóirí agus altraí, agus tá deiseanna ag Platinum do chúramóirí. I mBaile Brigín, tá róil san Fhoirgníocht, sa Stórasú, sa Slabhra Soláthair agus sa Lóistíocht.
Agus é ag déanamh cur síos ar Obair agus Scileanna, dúirt an tAire Calleary:
“Is ionann na himeachtaí sin agus deis den scoth bualadh le fostóirí, chun tuilleadh a fháil amach faoi na poist atá á dtairiscint acu, agus píosa cainte a dhéanamh le duine dá bhfoirne earcaíochta.”
“Má tá tú ag smaoineamh ar tabhairt faoi ghairm nua, beidh go leor soláthraithe oiliúna i láthair ag tairiscint comhairle maidir le roghanna uasoiliúna agus athoiliúna. Agus má tá tú ag lorg comhairle maidir le CVanna agus maidir le hullmhúchán i gcóir agallamh, seiceáil roinnt de na ceardlanna a bheidh ar siúl ag roinnt de na himeachtaí.”
“Beidh ár bhfoireann ar fáil chomh maith chun comhairle a sholáthar maidir leis an tacaíocht agus leis na seirbhísí atá ar fáil ó mo Roinn.”
Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.
Nótaí d’Eagarthóirí
Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.