Spreagann an tAire Calleary daoine atá ag lorg deiseanna gairme freastal ar Imeacht Oibre agus Scileanna Cheatharlach
- Foilsithe: 29 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Spreagann an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, daoine atá ag lorg deiseanna fostaíochta nua nó atá ag iarraidh uasoiliúint a dhéanamh chun freastal ar imeacht earcaíochta agus oiliúna Oibre agus Scileanna Intreo, a bheidh ar siúl in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach ar an 3 Aibreán, ó 10am go 1pm.
Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú go gníomhach. Ina theannta sin, is féidir le cuardaitheoirí poist foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach poist chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha. Moltar do chuardaitheoirí poist roinnt cóipeanna dá CV a thabhairt leo chun iarratas a dhéanamh ar aon ról a bhfuil suim acu iontu.
I measc na bhfostóirí a bheidh ag freastal ar an imeacht, ag féachaint le bualadh le fostaithe ionchasacha amach anseo tá Veolia Ireland Teo., NUA Manufacturing, Murray Timber Group, Óstán Woodford Dolmen, Óglaigh na hÉireann, agus go leor eile. I measc cuid de na róil atá ar fáil tá poist san fháilteachas, sa mhiondíol agus san fhoirgníocht, chomh maith le deiseanna do theicneoirí meicniúla agus leictreacha, innealtóirí meicniúla agus dearaidh, rialaitheoirí cáilíochta, agus oibritheoirí.
Chun cabhrú le spriocanna gairme a bhaint amach, beidh roinnt soláthraithe oideachais i láthair chun comhairle a thabhairt maidir le roghanna uasoiliúna agus athoiliúna.
Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Calleary:
“Cuireann an t-imeacht Oibre agus Scileanna seo ardán tábhachtach ar fáil chun fostóirí a thabhairt le chéile le daoine atá ag lorg deiseanna fostaíochta go gníomhach ar fud na tíre, chomh maith le béim a chur ar an raon roghanna oiliúna atá ar fáil faoi láthair."
“Is cuma cén conair ghairme atá agat, is féidir leis na himeachtaí seo cabhrú leat do spriocanna a bhaint amach.”
“Beidh ár bhfoirne ar an láthair freisin chun eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí na Roinne, lena n-áirítear tacaíochtaí airgeadais, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cuardach poist.”
“Trí thacaíochtaí a chur ar fáil maidir le hullmhú agallaimh agus teicnící CV, tú a nascadh go díreach le fostóirí, agus rochtain a thabhairt duit ar oiliúint chun scileanna nua a fhoghlaim, táimid anseo chun cabhrú leat ag gach céim de do thuras.”
Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.
Liosta iomlán de na taispeántóirí ag imeacht Oibre agus Scileanna Cheatharlach:
- Óstán Talbot
- Veolia Ireland Teo.
- Óglaigh na hÉireann
- Murray Timber Group
- Óstán Woodford Dolmen
- Bluebird Care
- Mr Price
- Home Instead
- Tógáil Amach Anseo Intreo (Earnáil na Tógála)
- Dawn Meats
- FIT (An Chonair Mhear i dTreo Theicneolaíocht na Faisnéise) – Earnáil na Teicneolaíochta – Printíseachtaí
- Dawn Pork & Bacon
- NUA Manufacturing
- KCETB – BOO Chill Chainnigh agus Cheatharlach
- Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU)
- Coláiste Cheatharlach
- Ionad Seirbhísí Pobail Naomh Caitríona
- Oifig Fiontair Áitiúil Cheatharlach
- Comhpháirtíocht Forbartha Chontae Cheatharlach
- Scéimeanna Fostaíochta Pobail
- Seirbhís Infhostaitheachta Ceatharlach (KCASES)/ Seirbhís fostaíochta tacaithe
- Ionad Eolais do Shaoránaigh Cheatharlach
- LAES
- Turas Nua
- NLN (an Líonra Náisiúnta Foghlama)
- QQI Qualifax
- Coiste Cúram Leanaí Chontae Cheatharlach,