English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an tAire Heather Humphreys tar éis a brón mór a chur in iúl i ndiaidh bhás iriseoir RTÉ Tommie Gorman

Dúirt an tAire Humphreys:

“Tá brón mór orm a chloisteáil go bhfuil Tommie Gorman, duine de na hiriseoirí is fearr in Éirinn, imithe ar shlí na fírinne.

“Fear uasal agus cara maith a bhí i Tommie - duine ar chuir mé aithne mhaith air le blianta beaga anuas.

“Tá clú agus cáil ar Tommie i saol na craoltóireachta go háirithe mar thoradh air an méid a chuir sé le múnlú Phróiseas Síochána na hÉireann.

“Iriseoir iontach iontaofa a bhí ann agus níl an cumas céanna ag duine ar bith muinín daoine ó gach taobh a fháil.

“Tá cuimhní geala agam ar casadh le Tommie go mion minic, lena n-áirítear ag na Showgrounds i Sligeach – staid an chlub b'ansa leis, na Sligo Rovers.

“Is lá brónach é inniu dár dtír ar fad agus duine de na hiriseoirí is gairmiúla agus is suntasaí a bhí againn imithe uainn.

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean chéile Tommie, Ceara, dá leanaí Moya agus Joe, chomh maith lena theaghlach sínte agus dá ghrúpaí mór comhghleacaithe agus cairde.”