Tá an tAire Humphreys ag glacadh le hiarratais don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt do Scoilbhliain Nua 2024
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Gheobhaidh breis is 118,000 teaghlach an liúntas go huathoibríoch an mhí seo chugainn
- Tá thart ar €65.2 milliún ar fáil don scéim i mbliana
Tá an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, ag glacadh le hiarratais ón lá inniu ar aghaidh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt do Scoilbhliain Nua 2024.
Is íocaíocht aonuaire í an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt do Scoilbhliain Nua a chuirtear ar fáil do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo leis an gcostas a bhaineann lena leanaí a bheith ag filleadh ar an scoil.
Tá an ráta íocaíochta don bhliain 2024 cothrom le €160 i gcomhair leanaí atá idir 4 - 11 bliain d’aois agus cothrom le €285 i gcomhair leanaí atá dhá bhliain déag d’aois agus níos sine agus atá ag freastal ar oideachas dara leibhéal.
Tá thart ar €65.2 milliún curtha ar fáil don scéim i mbliana – agus gheobhaidh breis is 118,000 teaghlach an liúntas go huathoibríoch i rith na seachtaine dar tús an 8 Iúil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys inniu:
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt do Scoilbhliain Nua 2024 ag glacadh le hiarratais ón lá inniu ar aghaidh.
“Is scéim an-tábhachtach laistigh de mo Roinn í an scéim seo - cabhraíonn sí leis an mbrú airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh imní do go leor teaghlach i ndáil le costais a bhaineann le filleadh ar an scoil a laghdú.
“Cúis áthais dom a fhógairt go mbeidh tacaíocht á fáil go huathoibríoch ag breis is 118,000 teaghlach – lena mbaineann 207,000 leanbh - an mhí seo chugainn agus go bhfuil fógra maidir leis seo á fháil acu ó mo Roinnse faoi láthair.
“Is féidir le haon duine nach bhfaigheann fógra teagmháil a dhéanamh le mo Roinnse go díreach chun a (h)incháilitheacht a sheiceáil.”
Mar fhocal scoir dúirt an Aire Humphreys:
“Tá tús áite á thabhairt ag an Rialtas seo do na hiarrachtaí a chinntiú go bhfuil an córas oideachais chomh hinacmhainne agus is féidir.
“Mar Aire, cúis bhróid dom go bhfuil mé ag tacú leis an bhforbairt is mó riamh ar an gClár Béilí Scoile Te. Ní raibh ach 30 scoil ag baint tairbhe as an scéim seo nuair a ceapadh mise mar Aire. Faoin bhforbairt seo, beidh an Clár Béilí Scoile Te á chur ar fáil i mbreis is 2,000 scoil.
“Is í m’uaillmhian go mbeidh béile te á fháil ag gach leanbh bunscoile sa tír in 2025. Tá an méid sin i bhfad Éireann chun cinn ar an mbunsprioc a bhí againn i dtús aimsire, Béilí Teo Scoile a bheith ar fáil do chách sna Bunscoileanna faoi 2030.
“Lena chois sin, níos túisce i mbliana, chuir mo chomhghleacaí an tAire Norma Foley, síneadh le scéim na leabhar scoile saor in aisce a fógraíodh in 2023, le haghaidh bunscoileanna agus scoileanna speisialta, le haghaidh mhic léinn uile an Timthrialla Shóisearaigh i scoileanna iar-bhunoideachais atá páirteach sa Scéim Oideachais Saor in Aisce. Bainfidh thart ar 768,000 leanbh agus duine óg tairbhe as scéim na leabhar scoile saor in aisce i scoilbhliain 2024/25.
“Tá a fhios againn ar fad go mbíonn brú ar thuismitheoirí roimh thús na bliana acadúla.
“Dá réir sin, cúis áthais dom go bhfuil thart ar €65.2 milliún curtha ar fáil don scéim Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua i mbliana, rud a chabhróidh go mór leis na mbrú airgeadais atá ar na céadta míle teaghlach a laghdú.”
Nótaí:
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo na costais a bhaineann le héadaí agus coisbheart a íoc.
Íocfar an liúntas go huathoibríoch le breis is 118,000 teaghlach le haghaidh thart ar 207,000 leanbh i rith na seachtaine dar tús an 8 Iúil.
Íocfar formhór na n-íocaíochtaí go huathoibríoch gan aon fhoirm iarratais de dhíth.
I láthair na huaire, tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag próiseáil na n-íocaíochtaí seo agus gheobhaidh faighteoirí dearbhú ina gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil siad i dteideal an liúntais go huathoibríoch, ina gcuntas MyWelfare nó tríd an bpost. Beidh thart ar €44.2 milliún á íoc leis na teaghlaigh seo i rith na seachtaine dar tús an 8 Iúil.
Ba chóir do theaghlaigh nach bhfaigheann fógra ón Roinn maidir le híocaíocht uathoibrithe iarratas a dhéanamh ar líne ar www.MyWelfare.ie fiú má fuair siad íocaíocht anuraidh.
Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh ón gCéadaoin, an 12 Meitheamh.
Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn, 071-9193318 agus 0818-11-11-13, chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine, 9am - 5.00pm.
Chomh maith leis sin, tá an rogha ag daoine ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá aon cheist acu maidir lena n-iarratas nó lena dteidlíocht.
Táthar ag glacadh le hiarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 i mbliana.
Tá tuilleadh faisnéise faoi na critéir incháilitheachta a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le fáil ag Item was unpublished or removed