English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá athruithe nua á bhfógairt ag an Aire Humphreys ar an Liúntas Cúraim Baile chun tacú le leanaí atá san ospidéal

Tá rialacháin nua sínithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys a chinnteoidh go n-íocfar an Liúntas Cúraim Baile i leith leanaí a fhanann san ospidéal tar éis a mbreithe.

Is íocaíocht mhíosúil é an Liúntas Cúraim Baile chun tacú le teaghlaigh leanaí a bhfuil géarbhreoiteacht orthu nó atá faoi míchumas.

Go dtí seo, níor íocadh Liúntas Cúraim Baile ach amháin i leith leanaí a bhfuil cúram á thabhairt dóibh sa bhaile nó a ghlactar isteach san ospidéal ina dhiaidh sin. Mar chuid de Bhuiséad 2022, méadaíodh an tréimhse ama a n-íoctar an liúntas i leith leanaí a ghlactar isteach san ospidéal ina dhiaidh sin ó 13 seachtaine go 26 seachtaine.

Mar thoradh ar na hathruithe a d’fhógair an tAire inniu, áfach, beidh leanbh a fhanann san ospidéal tar éis a bhreithe cáilithe anois den chéad uair.

Meastar go mbainfidh thart ar 100 leanbh agus a dteaghlaigh tairbhe as gach bliain mar thoradh ar athruithe an Aire.

Agus na rialacháin á síniú aici inniu, dúirt an tAire Humphreys:

"Tá an-áthas orm na bearta nua tábhachtacha seo a fhógairt, a thacóidh le tuismitheoirí agus teaghlaigh le linn tréimhse thar a bheith strusmhar ina saol.

"Bhí cásanna againn san am a chuaigh thart ina raibh ar leanaí a bhfuil drochthinneas nó míchumas orthu fanacht san ospidéal díreach i ndiaidh a mbreithe.

"Ach go dtí seo, níor íocadh an Liúntas Cúraim Baile i leith na gcásanna seo agus is rud é seo a raibh fonn ar leith orm aghaidh a thabhairt air.

"Measaimid go mbainfidh thart ar 100 leanbh agus a dteaghlaigh leas gach bliain mar thoradh ar na hathruithe seo atá á gcur i bhfeidhm agam inniu.

"Cé go mbíonn tionchar aige seo ar líon beag daoine ar fud na tíre, tá a fhios agam gur mór an rud é do na teaghlaigh a bhíonn sna cásanna deacra seo."


Nótaí

Chomh maith leis an Liúntas Cúraim Baile, bheadh na teaghlaigh seo incháilithe don Deontas Tacaíochta Cúramóra de €1,850 in aghaidh na bliana, agus d’fhéadfadh go mbeidís incháilithe freisin do Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra.

Faoin reachtaíocht reatha um Liúntas Cúraim Baile, má tá Liúntas Cúraim Baile á íoc sula dtéann leanbh isteach in ospidéal géarmhíochaine, leantar den liúntas a íoc ar feadh 26 seachtaine i dtréimhse 12 mhí. Méadaíodh é seo ó 13 seachtaine go 26 seachtaine i mBuiséad ’22.